Ceannródaíoch & i dteagmháil. Plean Straitéiseach 2011 2015



From this document you will learn the answers to the following questions:

What is the name of the person who has been in the limelight?

What is the tiomantas sa phlean freisin maidir le bealaí nua maoinithe?

What is the Irish word for bru?

Similar documents
Pacáiste um Thaighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas. Togra le haghaidh. RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA heorpa AGUS ÓN gcomhairle

REGISTER OF ELECTORS. An Garda Síochána Registration of Garda Síochána as Postal Voters

Eochairfhocail.

COMHDHÁIL IDIRNÁISIÚNTA AR CHEARTA TEANGA INTERNATIONAL CONFERENCE ON LANGUAGE RIGHTS

TUAIRISC AR CHÁILÍOCHT NA FOGHLAMA AGUS AN TEAGAISC SA GHAEILGE TUAIRISC CHIGIREACHT ÁBHAIR

College of Arts, Social Sciences, and Celtic Studies

Language and Literacy in Irish-medium Primary Schools. Report on the Consultation and Seminar

Éireannaigh an Domhain

Éire Sláintiúil CREAT LE HAGHAIDH SLÁINTE AGUS FOLLÁINE FHEABHSAITHE

SCHOOL OF LAW POSTGRADUATE PROGRAMMES IN LAW SCOIL AN DLÍ

REGISTER OF ELECTORS. Application for inclusion in the Supplement to the Special Voters List

Coimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission. Leaving Certificate Examination Result Appeal Process

Áit Urnaí na Mac Léinn

The Agreement reached in the multi-party negotiations 10 April 1998

Coláiste Phádraig Droim Conrach Baile Átha Cliath 9. St Patrick s College Drumcondra, Dublin 9

RIALTAS na héireann GOVERNMENT of IRELAND RÁITEAS I LEITH NA GAEILGE 2006

LAOIS HERITAGE PLAN

A SOCIAL PORTRAIT OF OLDER PEOPLE IN IRELAND. Building an Inclusive Society

Níos Fearr le Sinn Féin

St. Angela s College, Sligo

An Audit of Research on Early Childhood Care and Education in Ireland

Dublin City University 2014 Undergraduate Prospectus. What Will You Do?

Learning and developing through interactions

Foreword 4. Executive Summary 6. List of Tables 9. List of Figures 10. Introduction 13. Section 1 - Profile of the Population 14

First Report of the Convention on the Constitution

PROSPERITY NOT AUSTERITY

M emortj. Based in Spiddal since 1999, Dane-Elec Manufacturing is a subsidiary of Dane-Elec Memory which has its headquarters in Paris; France.

How To Teach A School Project

95 SEANAD ÉIREANN 1623

BUNREACHT NA héireann CONSTITUTION OF IRELAND

Pacáiste Faisnéise d Eisimircigh 2013

The national flag is the tricolour of green, white and orange. An bhratach trí dhath.i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta.

BECOMING A BARRISTER APPROVED NON- LAW DEGREE APPROVED LAW DEGREE MATURE APPLICANTS KING S INNS DIPLOMA IN LEGAL STUDIES (2 YEARS PART-TIME)

Children s. Independent. Mobility. on the island of Ireland. Brendan O Keeffe Alanna O Beirne

Coimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission

68 DÁIL ÉIREANN Tuesday, 10th October, p.m. ORDER OF BUSINESS

University College IADT - A Review of the New Zealand Driving Capacity programme

Whole School Evaluation REPORT

Claude Monet ( ) Argenteuil Basin with a Single Sailboat, 1874

Open days will take place on Friday 14th & Saturday 15th Glasnevin Campus Saturday 15th St Patrick s Campus

Tithe an Oireachtais. An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Tuasascáil ón gcoiste maidir le Tuiliú. agus

2013/2014. Mayo Campus Part-time Courses GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW

APPENDIX A: THE MOST COMMON FORMS OF INFLECTED PREPOSITIONS IN IRISH AND ITALIAN

Gaelscoil Thaobh na Coille

Postgraduate Prospectus

END OF LIFE VEHICLES IN IRELAND

Code of Practice. for Safety. at Indoor Concerts

Visiting Student Academic Information Booklet

Amharclann Smock Alley 10 Nollag. Smock Alley Theatre 10 December

3.064 Integration with Physical Education

A LONG TERM ECONOMIC PLAN TO KEEP THE RECOVERY GOING

Bachelor of Education Degree 2013

Cúrsaí Samhraidh Coláiste Mhuire gan Smál

2. Summary of Findings and Recommendations for Further Development

BA i gcúram agus Oideachas Naíonán BA Degree in Early Childhood Care and Education Student Handbook Lámhleabhar

Bachelor of Education in Education & Psychology Year One, Semester Two

National University of Ireland, Galway Ollscoil na héireann Gaillimh

EXAMINATION SECTIONS IN DETAIL

Bachelor of Education Degree Course Subjects

LIFELONG LEARNING PROSPECTUS

An Bille um Chosaint Sealbhóirí Cuntais Morgáiste Cónaithe, 2014 Protection of Residential Mortgage Account Holders Bill 2014

Bachelor of Education Year One, Semester One

The Council of Europe s European Language Portfolio. El Portfolio Europeo de Lenguas del Consejo Europeo de las Lenguas

An Ghaeilge ó Lá go Lá. Irish Day by Day

The Church. of Ireland College of Education. Bachelor of Education Degree. in association with. Trinity College

Teachers Corner Financial Literacy

Bachelor of Education Year Two, Semester Two Course Handbook Spring 2014

Garda Permits for Collections

COMHAIRLE CHONTAE DHUN NA ngall

Communicating: Learning experiences

1. Leibhéal A lch Leibhéal B lch Leibhéal C lch 7

The Irish Squirrel Survey

2014/2015 PROSPECTUS. GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW

Evening and Short Courses

Aithisg Bhliadhnail & Aithris nan Cunntasan Annual Report & Statement of Accounts

TÁBLAÍ 2012 Aguisín don Tuarascáil Bhliantúil

The Cork Main Drainage Scheme was funded by the Irish Government and part financed by the European Union under the National Development Plan

Brú na Bóinne World Heritage Site

Modal verbs in English and Irish

iadt + you Institute of Art, Design + Technology Dún Laoghaire Postgraduate + Professional Development Prospectus 2016 Art + Research Collaboration

An Siopa Gaeilge. Acmhainní Oideachais Education Resources. Oideas Gael, Gleann Cholm Cille Co. Dhún na ngall. Fón: Faics:

Transcription:

Ceannródaíoch & i dteagmháil Plean Straitéiseach 2011 2015

Plean Straitéiseach 2011 2015 Teachtaireacht ón Uachtarán... 1 An Comhthéacs Seachtrach... 7 An Comhthéacs Institiúide... 11 Misean, Fís, Luachanna agus Spriocanna Straitéiseacha... 15 An Straitéis a Chumasú... 27 Feidhmiú, Monatóireacht agus Athbhreithniú... 30

Teachtaireacht ón Uachtarán Tá áthas ormsa Uachtarán Ollscoil Luimnigh, ár bplean straitéiseach a chur i láthair don tréimhse 2011 go dtí 2015. Léiríonn teideal an phlean, Ceannródaíoch agus I dteagmháil, cúlra na hinstitiúide den scoth seo agus na nithe a theastaíonn uaimse a bhaint amach don Ollscoil amach anseo araon. Leis an bplean, léirítear tiomantas na hollscoile ó thaobh bealaí nua teagaisc agus foghlama dár gcuid mac léinn agus nuálachtaí nua a lorg i gcúrsaí taighde a chuirfidh forbairt eacnamaíoch, oideachais agus sóisialta an réigiúin agus an domhain chun cinn. Ag am a bhfuil go leor brú ar mhaoiniú stáit, tá tiomantas sa phlean freisin maidir le bealaí nua maoinithe a fháil chun ár ngníomhaíochtaí a mhaoiniú trínár ngnáth chur chuige fiontraíoch a fheidhmiú maidir le gach a ndéanaimid Táthar ag iarraidh leis an bplean ollscoil a chruthú atá i dteagmháil go háitiúil agus ar bhonn domhanda. Ar cheann de bhuntáistí Ollscoil Luimnigh tá tiomantas na hollscoile ó thaobh comhoibriú. Feicimse comhoibriú mar choincheap il-leibhéal. Áirítear freisin ag obair le chéile feadh disciplíní, ranna agus dámha laistigh den Ollscoil mar aon le comhoibriú le hollscoileanna eile, le comhlachtaí taighde, le hinstitiúidí oideachais, le corparáidí agus le hinstitiúidí poiblí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon. Is gné shuntasach de chuid Ollscoil Luimnigh é an ceangal láidir áitiúil atá againn sa phobal agus tuigimse go maith go bhfuil freagracht orainn forbairt eacnamaíoch, oideachais, shóisialta agus cultúir a chur chun cinn, go háirithe i réigiún na Sionainne. Aithním nach mór d ollscoil nua-aimseartha a bheith i dteagmháil leis an timpeallacht taighde agus foghlama domhanda chun na nithe go léir a theastaíonn ón ollscoil a bhaint amach a chinntiú. Beidh idirnáisiúnú, mar bhealach smaointeoireachta agus ó thaobh fheidhmiú gníomhartha sonracha, mar chuid lárnach dár ngníomhaíochtaí straitéiseacha. Léireofar sin sa chlár atá againn agus inár ngníomhaíochtaí taighde araon, agus leanfaimid ag idirnáisiúnú ár gcuid mac léinn agus ár gcuid foirne. Ceann de na príomhnithe a chreidim ná go bhfuil ollscoileanna ann ar mhaithe le mic léinn, agus táim an-sásta go gcuirtear béim sa Phlean Straitéiseach seo ar eispéireas a thabhairt do mhic léinn a thabharfaidh dúshlán dóibh agus a spreagfaidh iad chun gach a bhfuil ar a gcumas a bhaint amach. Teastaíonn uainn go gcuirfí oiliúint ar chéimithe chun go mbeidh ar a gcumas rólanna ceannródaíocha a ghlacadh sa tsochaí mar cheannairí, mar nuálaithe agus mar fhiontraithe teastaíonn uaim go mbeadh ár gcéimithe i dteagmháil trína bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí pobalbhunaithe, nochtaithe do thaithí cultúr éagsúil, agus tuiscint a bheith acu ar thaighde cuí idirnáisiúnta agus a bheith rannpháirteach ann. Feicimse Ollscoil Luimnigh amach anseo mar Ollscoil a bheidh ag tógáil ar an méid atá bainte amach ann go dtí seo ar shlí a bheidh dírithe go straitéiseach agus a choimeádfaidh ár gcáil mar cheannródaí i gcúrsaí ardoideachais. Ag tráth ina bhfuil ollscoileanna á dtreorú i dtreo na haonfhoirmeachta, teastaíonn uaim a chinntiú go mbeimid uathúil i ngach a ndéanfaimid agus sa tslí a ndéanfaimid é. Cinnteoidh ár stíl ar leith go leanfaimid ag trasnú teorainneacha na hacadúlachta trína bheith i dteagmháil leis an domhan lasmuigh. 1

Achoimre Fheidhmitheach An Comhthéacs Tá Plean Straitéiseach Ollscoil Luimnigh 2011 2015 á scríobh ag tráth a bhfuil dúshláin nua ann d ollscoileanna ó athrú sóisialta tapa agus clár oibre polasaí atá ag gluaiseacht go mear. Aithnítear go forleathan go bhfuil ollscoileanna cuntasach as seoladh a gcuid gnóthaí agus go bhfuil siad faoi réir ag iniúchadh ó pháirtithe éagsúla agus ón bpobal i gcoitinne. Beidh tionchar ag na treochtaí seachtracha a mbíonn éifeacht acu ar oideachas tríú leibhéal, mar rátaí rannpháirtíochta, tráchtálú taighde, oideachas ceathrú-leibhéal, ról cultúir agus ról sóisialta na n-ollscoileanna, gnéithe Eorpacha agus idirnáisiúnta ardoideachais, comhoibriú, iomaíochas, acmhainní, rialachas, bainistiú riosca, dearbhú cáilíochta agus straitéis náisiúnta atá ag teacht chun cinn, go léir ar thodhchaí ollscoileanna na héireann agus beidh siad mar bhonn do sheachadadh an Phlean Straitéisigh seo. Tá dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh fheidhmiú Phlean Straitéiseach na hollscoile 2006 2011. I ndáil le forbairtí acadúla, tá na sé choláiste athchumraithe ina gceithre dhámh, bunaíodh aonaid acadúla nua, seoladh cláir acadúla nua agus bunaíodh saoráidí foghlama dírithe ar chleachtas. Ó thaobh taighde, scagadh na príomhréimsí a léiríonn ár saineolas agus a chinntíonn go seasaimid amach mar institiúid fiontraíochta, aithníodh réimsí taighde tosaíochta agus feictear ár n-éiteas taighde a bheith dírithe ar thaighde aistritheach cóineasaithe. Maidir le comhoibriú, cruthaíodh comhaontas straitéiseach idir Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil na héireann, Gaillimh i mí Eanáir 2010, agus ba é an toradh a bhí ar obair Chuibhreannas na Sionainne ná raon nuálachtaí comhoibritheacha sonracha ó thaobh teagaisc agus foghlama. Ina theannta sin, ba é an toradh a bhí ar chomhoibriú le gníomhaireachtaí eile gur cruthaíodh Tús Nua, a bhfuil sé mar aidhm leis cur ar chumas daoine atá dífhostaithe sa réigiún rochtain a dhéanamh ar chláir oideachais agus ar chláir forbartha gnó. Cuireadh comhoibriú tábhachtach le hollscoileanna eile in Éirinn chun cinn trí rannpháirtíocht i dtionscnaimh de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, an IDA agus Fiontraíocht Éireann. Ag an leibhéal idirnáisiúnta, d éirigh an-mhaith leis an Ollscoil maoiniú cláir Creat Oibre 7 de chuid an AE a chinntiú. Misean, Fís, Luachanna Is é misean Ollscoil Luimnigh a bheith mar ollscoil shainiúil, cheannródaíoch agus i dteagmháil agus tionchar aici ar an todhchaí trí oideachas a chur ar dhaoine agus cumhacht a thabhairt dóibh tabhairt go fírinneach faoi na dúshláin atá amach romhainn. Is í ár bhfís go n-aithnítear go hidirnáisiúnta muid mar institiúid shainiúil, cheannródaíoch agus i dteagmháil a sholáthraíonn taithí den scoth do mhic léinn, a bhíonn rannpháirteach go gníomhach i dtaighde agus a bhíonn i dteagmháil go domhanda agus go háitiúil ó thaobh an méid a chuireann an ollscoil leis an saol eacnamúil, sóisialta agus cultúir. Tá ár bhfís bunaithe ar roinnt príomhluachanna. Spriocanna Straitéiseacha Tá ceithre sprioc straitéiseacha aitheanta chun feidhmiú ár bplean Straitéisigh 2011 15 a stiúradh. Díríonn na spriocanna ar na nithe seo a leanas (i) taithí na mac léinn; (ii) ár bpróifíl taighde; (iii) ár bhfócas idirnáisiúnta; agus (iv) an méid a chuireann an Ollscoil le forbairt an náisiúin agus an réigiúin. 2

Sprioc 1 Is éard atá i gceist leis an gcéad sprioc straitéiseach taithí den scoth agus ceann ar leith a sholáthar do gach mac léinn chun a chur ar a gcumas a bheith mar chéimithe oilte, sciliúla agus lán le muinín.tá sé mar aidhm againn céimithe le smaointeoireacht chriticiúil, chruthaitheach, nuálach agus fhiontraíoch a chruthú a bheidh ina gceannairí sa tsochaí agus a léireoidh luachanna láidre eiticiúla, cultúir agus pobaldhírithe. Cinnteofar é sin trí oideolaíocht agus curaclam den scoth, trí oideachas comhoibritheach, daonra fochéimithe níos éagsúla, tacaíochtaí speisialaithe do mhic léinn na céad bhliana, rochtain níos leithne agus solúbthacht níos fearr ó thaobh seachadta cláir agus foghlaim comhchuraclaim agus seachchuraclaim. Go sonrach, feidhmeofar clár teagaisc agus forbartha foghlama fochéime nua a thabharfaidh rogha níos leithne do mhic léinn, lena n-áirítear scileanna cineálacha agus scileanna in-aistrithe agus deiseanna foghlama ó thaithí agus treiseofar naisc idir teagasc agus taighde. Oibreoimid le hollscoil na héireann, Gaillimh ar thionscnaimh i gcomhar ag an leibhéal fochéime agus iarchéime araon, bunófar clár chun éascú a dhéanamh ar aistriú chuig an tríú leibhéal agus coimeádfar acmhainní agus seirbhísí foghlama agus cláir rochtana agus foghlama feadh saoil tríd an gciste Nuálachta Straitéiseach. Soláthrófar spás foghlama agus teicneolaíocht ardcháilíochta, bealaí iontrála agus éalaithe solúbtha chuig cláir agus ceannaireacht comhshaoil. Bunófar ionad sárchleachtais freisin ó thaobh teagaisc agus oideachais múinteoirí. Ó thaobh spriocanna, ardóidh rátaí coinneála fochéime na céad bhliana go 95% agus ardóidh an líon mac léinn iarchéime teagaisc 30%. Mar chéatadán den daonra mac léinn iomlán, ardóidh an líon mac léinn aibí go 15% ar a laghad, mic léinn faoi mhíchumas go 5% ar a laghad agus mic léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch go 7% ar a laghad. Sprioc 2 Áirítear ar an dara sprioc straitéiseach ár bpróifíl taighde a fheabhsú tuilleadh agus an tionchar a bhíonn ag ár dtaighde, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon a threisiú. Trí dhíriú ar thaighde aistritheach cóineasaithe, tiocfaidh réimsí nua eolais fiúntacha chun cinn agus beidh feidhmiú aschuir taighde luathaithe. Éireoidh linn an sprioc sin a bhaint amach trí thaighde ardcháilíochta a fhoilsiú agus a scaipeadh; cumas taighde a fhorbairt trí earcú, meantóireacht agus cláir iasachta agus malartaithe; sineirgí a chruthú agus tacaíocht acadúil trí institiúidí agus ionaid taighde; comhoibriú le comhpháirtithe straitéiseacha; cur le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch trí thaighde a aistriú go mear; taighde agus teagasc a ailíniú go soiléir; agus cultúr fiontraíochta a chur chun cinn. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, bunófar táscairí feidhmíochta aistrithe taighde agus eolais, cuirfear straitéisí taighde dáimhe agus institiúide i bhfeidhm, ailíneofar gníomhaíochtaí taighde in institiúidí agus in ionaid agus cothófar idirghníomhaíochtaí idir lucht taighde, tionscail agus an cleachtas gairmiúil. Beimid ag comhoibriú go straitéiseach le fiontair i gcomhar le hinstitiúidí eile, glacfar straitéis aistrithe eolais agus tráchtálaithe a fheabhsóidh an méid a chuirimid le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus soláthrófar dreasachtaí do thionscnaimh thaighde cóineasaithe. Cuirfimid an tionscnamh Gleann Fuinnimh na Sionainne chun cinn chun mol 3

náisiúnta a chruthú do thaighde agus d fhorbairt fuinnimh agus bunófar Institiúid Taighde Aistritheach i gcomhar lenár gcomhpháirtithe. Déanfaimid iarracht ár n- acmhainní maoinithe a éagsúlú freisin ó thaobh taighde. Áirítear ar na targaidí do ghnóthachtáil na sprice sin ardú 40% a chur ar an líon mac léinn dochtúireachta a bhíonn ar an rolla, samhail dochtúireachta struchtúrtha agus pleananna forbartha do mhic léinn taighde a fheidhmiú faoi dheireadh na bliana 2010/11, cur leis an líon foilseachán i ngréasán Eolais an ISI agus an líon leabhar le foilsitheoirí mór le rá 20%, cur leis an líon lua foilseachán 50%, cur leis an líon paitinní a bhronntar in aghaidh caiteachais taighde 1 milliún 20% ar a laghad agus cur le hioncam taighde ó fhoinsí an AE 50%. Sprioc 3 Is éard atá i gceist leis an tríú sprioc straitéiseach ár bhfócas idirnáisiúnta a dhíriú ar gach réimse gníomhaíochta. Déanfar sin trí theagmháil leis an timpeallacht dhomhanda ar bhealaí a ligfidh dúinn dul san iomaíocht go hidirnáisiúnta do na mic léinn agus na foirne is fearr agus ár gcláir thaighde agus theagaisc a fhorbairt chuig na caighdeáin idirnáisiúnta is airde. Soláthrófar taithí a spreagfaidh spiorad saoránachta na heorpa agus domhanda i gcás na mac léinn. Leathnófar idirnáisiúnachas ár gcuraclaim agus ár líonra comhpháirtithe idirnáisiúnta agus déanfar ár ngníomhaíochtaí taighde a thagarmharcáil in aghaidh na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Beimid ag tarraingt ar thaithí agus ar shárchleachtas idirnáisiúnta agus sinn ag cur le forbairt an réigiúin agus an náisiúin. Chun cuspóirí Sprioc 3 a bhaint amach, cuirfimid plean gnó oideachais idirnáisiúnta le chéile a dhíreoidh ar phríomh-mhargaí agus ar líon níos mó mac léinn, comhaltaí iardhochtúireachta agus lucht taighde/múinteoirí idirnáisiúnta a earcú; cuirfear le líon na gclár fochéime lena mbaineann gné idirnáisiúnta ar leith; leathnófar an méid a bhímid rannpháirteach in Erasmus agus leathnófar ár scéimeanna malartaithe neamh- AE agus socrúcháin oideachais chomhoibritheacha. Beidh creidiúnú agus aitheantas idirnáisiúnta le fáil againn do na cláir, na scoileanna agus na dámha; forbrófar polasaí teanga mac léinn; rachfar i mbun idirghníomhaíochta le tionscnaimh ardoideachais AE; agus beifear rannpháirteach i gcuibhreannais taighde idirnáisiúnta agus i gcumainn léinn. Athbhreithneofar ár meabhráin tuisceana le hollscoileanna thar lear agus sinn ag súil ár dtosaíochtaí taighde a threisiú. Áirítear ar thargaidí Sprioc 3 plean gnó a ghlacadh roimh mhí an Mhárta 2011, cur le líon na mac léinn idirnáisiúnta 50% agus cur le líon na mac léinn a chaitheann tréimhse thar lear ar a gclár 30%. Sprioc 4 Is éard atá i gceist leis an gceathrú sprioc straitéiseach cáil a bhaint amach do shárchleachtas as an méid a chuirfimid le saol eacnamaíoch, oideachais, sóisialta agus cultúir na héireann go ginearálta agus réigiún na Sionainne go háirithe. Leanfaimid ag cur comhoibriú chun cinn i measc na n-institiúidí oideachais sa réigiún agus ag cur le fás a spreagadh sna fiontair bhaile agus infheistíocht dhíreach ó thar lear. Chun é sin a bhaint amach, feabhsófar caidrimh le comhpháirtithe straitéiseacha agus treiseofar ár gcaidreamh leis an bpobal, agus ar an tslí sin beimid mar théachtadh saoil i mórcheantar Luimnigh. Chun cruthú post agus forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn, 4

comhoibreoimid le tionscal, rachfar i mbun gníomhaíochtaí goir, feabhsófar leibhéil scileanna agus cruthófar mac-chuideachtaí. Feabhsófar an leibhéal idirghníomhaíochta idir ár gcuid mac léinn agus grúpaí pobail, forbrófar cultúr d fhoghlaim ar feadh an tsaoil sna pobail agus cuirfear freisin le láithreacht na hollscoile i gcathair Luimnigh. Cuirfimid an chathair agus an réigiún chun cinn trí rochtain pobail a sholáthar ar an gcampas agus na taitneamhachtaí den scoth go léir atá ann agus spreagfar freagracht chomhshaoil agus shóisialta laistigh agus lasmuigh den champas. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, cuirfimid le hathghiniúint chathair Luimnigh agus leanfaimid a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh oideachais do dhaoine dífhostaithe. Cuirfimid le húsáid an champais mar thaitneamhacht shóisialta agus cultúir, coimeádfar agus síneofar an raon comhoibrithe rathúla le Cuibhreannas na Sionainne agus Ollscoil na héireann, Gaillimh agus forbrófar forbairt ghairmiúil leanúnach agus clár comhairliúcháin a chuirfidh le hiomaíochas réigiúnach agus náisiúnta. Tabharfar tacaíocht d fhorbairt ceantar taistil níos cliste agus cuirfear úsáid na Gaeilge ar campas chun cinn. Áirítear ar na targaidí do ghnóthachtáil Sprioc 4 cur 200% le líon na mac léinn a bheidh rannpháirteach i gclár Oibrithe Deonacha an Uachtaráin, cur 300% le líon na gcomhoibrithe teagaisc agus taighde le Coláiste Mhuire gan Smál, dúbailt faoin mbliain 2015 ar líon na gcomhdhálacha idirnáisiúnta a reáchtálfar ar campas agus méadú faoi thrí faoin mbliain 2015 ar líon na foirne a mbeidh cúrsaí Gaeilge tugtha chun críche acu. Téamaí Cumasaithe Tá ceithre théama leathana aitheanta againn chun feidhmiú an Phlean Straitéisigh a chinntiú: Daoine, Acmhainní, Cáilíocht agus Cumarsáid. Stiúrfaidh na ceithre théama cumasaithe sin obair na ndámh agus tabharfar tacaíocht do rannáin chun ár spriocanna a bhaint amach. Bunófar pleananna feidhmiúcháin chun na gníomhartha oibriúcháin a aithint, rud a bheidh riachtanach chun targaidí an phlean a chomhlíonadh. Daoine Tá daoine lárnach don phlean seo, agus díreoidh earcú foirne ar phríomhréimsí lena mbaineann tábhacht straitéiseach. Aithneofar na scileanna pearsanta agus na peirspictíochtaí a bheidh riachtanach chun go mbeidh an Ollscoil mar ionad sárchleachtais ó thaobh teagaisc agus taighde. Cuirfear cultúr oibre chun cinn a mbeidh béim ar chleachtais eiticiúla, macántacht, ionracas, éagsúlacht, cothromas agus meas ar chách agus cultúr eagraíochtúil a léireoidh meas ar an bhfoireann, a spreagfaidh iad agus a thabharfaidh tacaíocht dóibh. Forbrófar córais bhainistíochta a bheidh nuálach, ionchumasaithe agus éifeachtúil agus cruthófar struchtúr eagraíochtúil a mbeidh cothromaíocht idir uathriail agus cuntasacht. Acmhainní Tá tábhacht nach beag le bainistiú stuama ar ár gcuid acmhainní in aeráid eacnamaíoch dhúshlánach. Déanfaimid ár dtáirgeacht buiséid a chothromú agus cothromaíocht chuí a choimeád idir caiteachas pá agus neamhphá. Déanfar freagracht a dhéabhlóidiú chuig sealbhóirí buiséid, lorgófar foinsí eile ioncaim agus déanfar iarracht ár gcostais a laghdú. Cé gur eol dúinn an gá atá ann bainistiú riosca a neadú ar fud na heagraíochta, is eol dúinn freisin go n-éilíonn nuálacht solúbthacht freisin. 5

Déanfaimid iarracht mar sin cothromaíocht chúramach a choimeád idir rialáil agus solúbthacht. Déanfaimid iarracht tabhairt faoin dúshlán campas fisiciúil den scoth agus saoráidí fíorúla a choimeád agus déanfaimid gach iarracht freisin timpeallacht oibre agus foghlama a sholáthar don fhoireann a bheidh chomh maith agus is féidir linn a chinntiú. Cáilíocht Tá na caighdeáin is airde dearbhaithe cáilíochta agus feabhais cáilíochta riachtanach chun ár spriocanna a bhaint amach. Treiseofar ár bpolasaithe agus ár nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus cinnteofar go bhfeidhmeofar iad. Aithnítear go bhfaigheann an réimeas náisiúnta dearbhaithe cáilíochta tacaíocht ó fhorbairtí ag leibhéal na heorpa, agus tugtar tacaíocht iomlán do phróiseas Bologna agus do chruthú Limistéar Ardoideachais Eorpach araon. Chuige sin tabharfaimid tosaíocht do chuimsiú gné Eorpach go fírinneach inár bpróisis dearbhaithe cáilíochta. Cumarsáid Sa timpeallacht idirnáisiúnta ardoideachais iomaíoch, tá tábhacht ollmhór le cumarsáid éifeachtach ó thaobh fhorbairt na hollscoile. Is eol dúinn an gá atá le cláir chumarsáide inmheánacha agus seachtracha a fheabhsú agus rachfar i ngleic le teicneolaíochtaí nua meán agus faisnéise chun teacht ar phobal domhanda de mhic léinn a d fhéadfadh a bheith againn, ar chomhpháirtithe taighde, fostóirí, alumni agus ar dhaoine a dhéanfadh tairbhe dúinn. Is eol dúinn freisin an tábhacht atá le cumarsáid inmheánach láidir mar shlí chun meanma na foirne a fheabhsú agus an ról tábhachtach atá acusan maidir le seachadadh ar dtosaíochtaí straitéiseacha araon. An Straitéis a Fheidhmiú Tá Coiste Feidhmiúcháin na hollscoile freagrach as an bplean Straitéiseach a fheidhmiú. Cuirfidh foghrúpaí, ag a mbeidh tascanna sonracha, de chuid na Comhairle Bainistithe pleananna feidhmiúcháin le chéile chun na gníomhartha agus na targaidí atá sonraithe sa phlean a bhaint amach. Déanfaidh an Coiste Feidhmiúcháin monatóireacht ar dhul chun cinn maidir le feidhmiú an phlean. Cuirfidh an tuachtarán eolas nua-shonraithe ar fáil faoi dhó sa bhliain do Choiste Pleanála Straitéiseach agus Dearbhaithe Cáilíochta an Údaráis Ceannais agus cuirfear eolas nua-shonraithe bliantúil ar fáil don Údarás Ceannais. I gcomhar leis an gcoiste Feidhmiúcháin agus leis an Údarás Ceannais, rachaidh an tuachtarán i mbun athbhreithniú foirmiúil ar an bplean Straitéiseach ag deireadh 2012. Scrúdóidh an t-athbhreithniú an liosta reatha gníomhartha agus targaidí ó thaobh chomh cuí is atá siad agus an méid is féidir iad a chomhlíonadh sa chomhthéacs a bheidh i gceist an tráth sin. 6

An Comhthéacs Seachtrach Tá an Plean Straitéiseach seo ceaptha i gcomhthéacs timpeallacht ollscoile atá anéagsúil ó mar a bhí sna blianta siar. Níl nithe chomh cinnte agus a bhíodh san am a caitheadh agus an domhan seachtrach níos athraithí agus athrú sóisialta mear agus clár oibre polasaí a bhíonn ag athrú go tapa ag cur dúshláin nua go síoraí roimh Ollscoileanna. Aithnítear go forleathan, go bhfuil ollscoileanna, mar chomhlachtaí poiblí, cuntasach ó thaobh chomhlíonadh a gcuid gníomhartha agus tá siad faoi réir scrúdú ó pháirtithe éagsúla, lena n-áirítear an toireachtas, gníomhaireachtaí rialtais, comhlachtaí dearbhaithe cáilíochta agus cumainn ghairmiúla agus aird ghéar orthu ó thuairimí an phobail féin. Roinneann na hollscoileanna féin an tuairim atá ag go leor go bhfuil ról tábhachtach ag ollscoileanna maidir le cuspóirí náisiúnta agus AE a chomhlíonadh. Ag an am céanna, feictear uathriail agus saoirse acadúil mar chroí-luachanna atá riachtanach do chruthú agus d aistriú eolais agus d fhorbairt phearsanta na mac léinn. Is é an toradh atá ann ná go bhfuil teannas idir uathriail agus cuntasacht baineann ollscoileanna sásamh as saoirse gnímh ach bíonn orthu freagra a thabhairt maidir leis na roghanna a dhéanann siad. Ar an tslí chéanna, is ionann mian nádúrtha gach institiúide agus a sainiúlacht féin a choimeád peirspictíocht a roinneann déantóirí polasaí agus bíonn comhghéilleadh i gceist ó fhórsaí a stiúrann institiúidí i dtreo na haonfhoirmeachta. Tá rannpháirtíocht lucht fágála scoile in ardoideachas in Éirinn ardaithe go mór ó thart ar 10% sna 1970idí go dtí breis agus 60% sa lá atá inniu ann. Tá an t-ardú sin le sonrú freisin le déanaí agus ardú tagtha ar an líon mac léinn agus foghlaimeoirí aibí a bhíonn ag filleadh ar an oideachas. Má ghlactar iad sin le chéile, is ionann na forbairtí sin agus athrú bunúsach thar aon ghlúin amháin. Tá an fás ar ardoideachas chomh suntasach agus a bhí an leathnú ar oideachas dara leibhéal sna 1960idí. Ag an tráth seo is féidir glacadh leis go bhfuil rannpháirtíocht in ardoideachas athraithe ó bheith mar phribhléid go dtí ní atá riachtanach. Meastar go leanfar leis an bhfás reatha agus meastar go mbeidh dúbailt ar rannpháirtíocht in ardoideachas laistigh de na deich mbliana atá amach romhainn. Chun é sin a chinntiú, tá polasaí náisiúnta dírithe ar chur le rannpháirtíocht pháirteanna den daonra nach raibh acu ach tearcfhreastal go dtí seo mic léinn atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, mic léinn aibí agus mic léinn faoi mhíchumas mar aon le héascú ar rochtain ar fhoghlaim obairbhunaithe, foghlaim pháirtaimseartha agus cianfhoghlaim. Cuireadh leis an ardú ollmhór ar rannpháirtíocht freisin ón meascán eitneach agus cultúir a tugadh isteach leis an lucht imirce go héirinn i rith na tréimhse rathúnais le déanaí. Soláthraíonn an éagsúlacht a shreabhann ó na hathruithe déimeagrafacha sin an dúshlán cláir, cleachtais oideolaíocha agus modhanna seachadta a chur in oiriúint chun freastal ar raon níos leithne stíleanna foghlama, spéiseanna agus uaillmhianta gan cur isteach ar na caighdeáin arda a éilíonn ollscoileanna féin agus a éilítear uathu mar is ceart. Den chuid is mó, bíonn tionchar ag fórsaí seachtracha ar an gclár oibre taighde anois, go háirithe polasaí náisiúnta agus socruithe maoinithe. Cé go mbíonn meas ar lorg an eolais ann féin sna hollscoileanna taighde fiosrachta a d fhéadfaí a thabhairt air bítear ag súil anois go dtiocfadh torthaí coincréiteacha díreacha as taighde. Tá sé ríthábhachtach d Éirinn, agus don AE tríd agus tríd, fás eacnamaíoch níos mó a 7

chinntiú. Ba chóir go mbeadh na nithe a leanas san áireamh leis, infrastruchtúr eolais domhain agus cruthú bonn caipitil daonna a bheidh ábalta infheistíocht a mhealladh agus forbairt a spreagadh sa tionscal agus sna seirbhísí ardfheidhmíochta ag croílár geilleagair athbheoite. Tá ról lárnach ag ollscoileanna anois ó thaobh tacú le forbairt eacnamaíoch agus as sin forbraíodh oideachas ceathrú leibhéal, a bhfuil sé mar aidhm leis an líon céimithe dochtúireachta a dhúbailt agus tionscadail taighde iomchuí iomaíocha agus tionsclaíoch idirnáisiúnta ar scála mór a mhaoiniú. D ardaigh gné eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí sin an tábhacht atá le tráchtálú taighde na n-ollscoileanna. Bítear ag súil ó Ollscoileanna anois go mbeidís ag cur le haschuir thaighde thraidisiúnta, mar fhoilseacháin agus rannpháirtíocht i gcomhdhálacha, agus gníomhaíochtaí aistritheacha lena mbaineann tionchar eacnamaíoch níos láithrí: nochtuithe maoine intleachtúla, cuideachtaí campais agus mac-ghníomhaíochtaí eile. Agus chomh maith leis an ionchas sin tá tuiscint arís ar chomh mealltach agus atá campais ollscoileanna mar láithreáin ghníomhaíochtaí goir, cinn a dhéantar de ghnáth i gcomhar le hurraíocht ó thionscal. Ní féidir neamhaird a dhéanamh de ról sóisialta agus cultúir na n-ollscoileanna. Ag an leibhéal aonair, bíonn príomhról ag ollscoileanna i bhforbairt mac léinn mar smaointeoirí criticiúla cruthaitheacha agus saoránaigh a bheidh freagrach go sóisialta. Mar aon le bheith mar chatalaígh do dhul chun cinn eacnamaíoch, is príomhimreoirí iad ollscoileanna ó thaobh forbairt shóisialta agus cultúir. Réimsíonn an fhreagracht níos leithne sin ó bheith ag gníomhú mar thaisce agus mar chroiniceoirí d oidhreacht an náisiúin agus a bheith rannpháirteach in aistriú sóisialta agus i ngníomhaíochtaí athghiniúna. Tá Ollscoileanna ábalta a gcuid acmhainní agus a saineolas a chur ar fáil ar mhaithe le feabhas a chur go ginearálta ar an saol sóisialta agus cultúir. Déanann gníomhaíochtaí mar sin leas don dá thaobh agus bíonn ollscoileanna níos fearr as de bharr a bheith gníomhach lena bpobal. Éiríonn an ghné idirnáisiúnta d obair na n-ollscoileanna níos suntasaí nuair a dhéantar iad a chur i gcomparáid le caighdeáin dhomhanda. Léiriú amháin den fheiniméan sin ná an t-iomaíochas domhanda do mhic léinn. Is léiriú ar iomaíochas ollscoile é an cumas mic léinn ón iasacht a mhealladh agus an meas a bhíonn ar an ollscoil sin sa phobal idirnáisiúnta. Ní mór a aithint freisin go bhfuil tarraingt eacnamaíoch ann mic léinn a íocann táillí ó lasmuigh den AE a fháil ar an rolla. Ach is é an príomhbhuntáiste a bhaineann le mic léinn idirnáisiúnta a rollú ná an méid a chuirtear le saol cultúir na hollscoile agus an méid a chuireann na mic léinn sin go dearfach le taithí na mac léinn go léir san ollscoil. Bíonn idirnáisiúnú mar bhonn do ghníomhaíochtaí taighde na hollscoile freisin. Áirítear le taighde maith obair a dhéanamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta, a bheith san iomaíocht do mhaoiniú idirnáisiúnta, moltóireacht a bheith á dhéanamh ort ó phiaraí idirnáisiúnta agus foilsiú sna foilseacháin idirnáisiúnta is fearr. I mbeagán focal, ní mór do lucht taighde a bheith rannpháirteach agus a bheith san iomaíocht ag an leibhéal is airde go hidirnáisiúnta. Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar an ngné Eorpach den ardoideachas. Feictear an ghluaiseacht i dtreo spás ardoideachais Eorpach a fhorbairt mar ní atá riachtanach d fhorbairt eacnamaíoch an AE agus do chumas an AE a bheith san iomaíocht le 8

geilleagair dhomhanda ollmhóra eile. Bhain gluaiseacht mac léinn faoi scéim Erasmus le taithí oideachais le 20 bliain anuas. Cinntíonn clár oibre Bologna, dámhachtainí agus cáilíochtaí a bheith inchomparáide, meicníochtaí níos fearr maidir le soghluaiseacht mac léinn mar ghlacadh go forleathan le ECTS agus caighdeáin dearbhuithe cáilíochta ar fud na heorpa go bhfuil an ghné Eorpach mar chuid dhlúth go seasta den ardoideachas. Tá ról ríthábhachtach glactha ag an Eoraip sa timpeallacht taighde, go háirithe tríd an gclár taighde Creat Oibre 7 de chuid an AE atá riachtanach go straitéiseach, ceann a sholáthraíonn poitéinseal mór don phobal taighde. Ní féidir le hollscoileanna a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh gearrtha amach astu féin. Tá comhoibriú riachtanach chun go n-éireoidh leo tosaíochtaí straitéiseacha agus cuspóirí náisiúnta a chinntiú. Is iomaí bealach leis an gcomhoibriú sin a dhéanamh. Déantar taithí na mac léinn a shaibhriú agus comhlíontar gné idirnáisiúnaithe trí chláir mhalartaithe le hinstitiúidí ardoideachais eile. Is é an toradh a bhíonn ar fhorbairt agus seachadadh clár i gcomhair i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí eile, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, ná go mbíonn deiseanna den scoth ar fáil do mhic léinn agus don fhoireann acadúil araon. Cé go bhfuil an-mheas ar thraidisiún an taighdeora aonair i gcultúr na hollscoile, déantar níos mó taighde anois i gcomhar le daoine eile oibríonn foirne de lucht taighde a fhaigheann maoiniú seachtrach ar thionscadail a dhéantar i gcomhar le hiliomad comhpháirtithe in institiúidí eile, le comhlachtaí taighde eile agus le tionscal. Ina theannta sin, aithnítear anois gur féidir le hollscoileanna díbhinní airgeadais a fháil trí chomhaontuithe seirbhíse roinnte agus trí chleachtaí soláthair i gcomhar. Is mó tairbhe a bhíonn le cumhacht margála i gcomhar ó chomhoibriú mar sin ná aon institiúid aonair. Is fórsa comhionann agus fórsa contrártha é comórtas eadar -institiúidí don chomhoibriú. Is minic a bhíonn ollscoileanna a bhíonn ag obair i gcomhar go dlúth le chéile in obair shonrach go mór i gcomórtas le chéile ar nithe eile. Mar sin, d fhéadfadh institiúidí a bhíonn ag comhoibriú go dlúth le chéile i dtionscadail taighde a bheith i gcomórtas géar ó thaobh earcú fochéimithe. Is é an dúshlán atá ann do gach institiúid an chothromaíocht cheart a fháil idir comórtas agus comhoibriú, agus ní haon chabhair sa scéal an tábhacht níos mó ná riamh atá leis na táblaí sraithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanann gnéithe éagsúla d fheidhmíocht na n- ollscoileanna a thomhas. Mar sin féin, cé nach bhfáiltítear in iomlán roimh tháblaí den sórt sin, ní mór a aithint go bhfuil siad tábhachtach ó thaobh an léargais a bhíonn ar institiúid. Mar sin, tá sé intuigthe gur chóir d institiúid iarracht a dhéanamh an grád is airde is féidir léi a bhaint amach gan sin a bheith mar an t-aon chloch ar an bpaidrín. Tá tábhacht bhunúsach le hacmhainní, go háirithe san aeráid eacnamaíoch reatha. Faigheann ollscoileanna maoiniú poiblí suntasach, agus as sin cuirtear leis an súil ó thaobh cuntasachta faoin tslí a gcaitear an t-airgead sin. Mar a tharlaíonn sé, aithnítear córas ollscoile na héireann mar an dara ceann is éifeachtúlaí ar domhan forbartha. Ina theannta sin, cé go bhfaigheann ollscoileanna na héireann maoiniú poiblí, faightear cion atá ag dul i méid i gcónaí faoi láthair thart ar 40% - de na costais reatha bhliantúla ó fhoinsí neamhstáit. Sa bhreis air sin, maoinítear cion suntasach den fhorbairt chaipitil ó fhoinsí tráchtála agus daonchairdiúla. Ní nach ionadh go luaitear gur chóir an méid a bhraitheann na hollscoileanna ar chistí poiblí a laghdú tuilleadh, cibé mar ábhar ceartais shóisialta nó críonnacht fhioscach. Ní ionann sin agus a rá go laghdóidh ról an stáit chomh mór sin ó thaobh maoiniú 9

ollscoileanna ach féadfar a bheith cinnte go n-athróidh an tslí a maoiníonn an stát cúrsaí ardoideachais. Sna blianta beaga atá amach romhainn, déanfar cion níos mó den mhaoiniú stáit a stiúradh chun príomhchuspóirí polasaí a bhaint amach, agus ar an tslí sin ailíneofar bronnadh airgeadais le comhlíonadh cuspóirí sonraithe. Is dócha freisin go ndéanfar cion níos mó den mhaoiniú stáit a bhronnadh ar bhonn iomaíoch seachas ar fhoirmlí réamhchinntithe a bhain go sonrach leis an gcóras blocdheontais. Tá maoiniú iomaíoch mar an norm cheana féin do chláir thaighde státmhaoinithe agus don Chiste Nuálachta Straitéiseach. Treisíonn éagsúlú acmhainní, go háirithe laghdú ar an méid a bhítear ag brath ar mhaoiniú ón Stát, uathriail na n-ollscoileanna agus tugann sin cosaint don uathriail. Mar sin féin, ní laghdóidh sin éilimh na cuntasachta, rud a éileoidh disciplín ó thaobh cleachtais rialachais mhaithe, cultúr neadaithe de bhainistiú riosca agus caighdeáin dearbhaithe cáilíochta crua agus ba chóir fáilte a bheith roimhe sin. Bíonn tionchar fadtéarmach acu sin go léir ar an tslí a n-eagraíonn agus a mbainistíonn na hollscoileanna a gcuid gnóthaí. Beidh tionchar ag na treochtaí seachtracha thuas mar aon leis an straitéis náisiúnta atá ag teacht chun cinn, ar thodhchaí ollscoileanna na héireann agus beidh tionchar acu ar sheachadadh Phlean Straitéiseach Ollscoil Luimnigh 2011-2015, Ceannródaíoch agus i dteagmháil. 10

An Comhthéacs Institiúide Beidh dhá cheiliúradh le déanamh ar dhá imeacht ollmhóra i saol Ollscoil Luimnigh le linn na tréimhse atá clúdaithe sa Phlean Straitéiseach seo. Déanfar ceiliúradh ar chothrom 40 bliain sa bhliain 2012 ar iontráil na chéad mac léinn agus ar chothrom 25 bliain in 2014 ó bronnadh stádas ollscoile orainn. Tháinig fás urghnách ar an institiúid ó bunaíodh í sa bhliain 1972. Idir 1972 agus 2009, d fhás an líon foirne ó 20 go dtí breis agus 1,300 agus d fhás daonra na mac léinn ó 100 go dtí breis agus 11,500. D fhás líon na mac léinn taighde iarchéime ó líon an-bheag sa chéad 10 mbliana de shaol na hinstitiúide go dtí 840 sa bhliain 2009. Is eol dúinn le fada go gcuireann soláthar timpeallacht fhisiciúil den scoth lenár ngníomhaíochtaí acadúla. Leathnaíodh an Ollscoil ó fhoirgneamh singil 1,600 méadar cearnach ar shuíomh 28 heicteár sa bhliain 1972 go dtí breis agus 40 foirgneamh comhdhéanta de 203,000 méadar cearnach ar champas 137 heicteár ar dhá thaobh de bhruach na Sionainne. Maoiníodh an leathnú urghnách sin trí mheascán de mhaoiniú stáit, daonchairdiúil agus tráchtála mar aon le ranníoca ó mhic léinn. Mar thoradh ar an infheistíocht sin, aithnítear Ollscoil Luimnigh anois mar cheann de na campais ollscoile is breáichte agus is báúla don chomhshaol ar domhan. Tá an campas lán le saoráidí spóirt agus cultúir nach bhfuil a leithéid eile le fáil, lena n-áirítear an chéad linn snámha sách mór do na cluichí Oilimpeacha, spórtlann laistigh, teach bád le tanc rámhaíochta den scoth laistigh, Ceoláras na hollscoile ina bhfuil 1,100 suíochán, Foirgneamh Ceolfhoireann Aireagail na héireann ina bhfuil saoráidí feidhmíochta agus taifeadta, Foirgneamh Acadamh Domhanda na héireann agus raon mórthaibhseach d amharc-ealaín lena n-áirítear dealbhóireacht lasmuigh, Bailiúchán Féinphortráidí na héireann, Bailiúchán Chumann Uiscedhathanna na héireann agus Bailiúchán Ealaíne Liachta. Ó bunaíodh sinn, bhí riachtanais na bpobal ar a ndéanaimid freastal mar an chloch is mó ar an bpaidrín againn i gcónaí inár ngníomhaíochtaí agus is acu sin a bhí tionchar ar ár gcláir thaighde agus teagaisc. Ceanglaíonn an tuiscint atá againn, go bhfuil freagracht orainn as forbairt eacnamaíoch, oideachais agus shóisialta a chur chun cinn, leis an bpobal muid agus éilíonn orainn fanacht i dteagmháil go dlúth leis na domhain chultúir, eacnamaíocha, gairmiúla agus gnó ar bhealaí a idirdhealaíonn muid mar institiúid ardfhoghlama. Mar sin, tá oideachas comhoibritheach mar chuid lárnach de gach clár fochéime de chuid Ollscoil Luimnigh agus léiríonn ár bhfealsúnacht oideachais go mbeidh daoine infhostaithe agus ár gcuid mac léinn á gcur amach i suímh ghairmiúla mar chuid dá gcuid staidéir agus ullmhaítear ar bhealach faoi leith iad mar chéimithe a bheidh ullamh don obair. Táimid coinsiasach faoi riachtanais an mhargaidh fostaíochta agus muid ag pleanáil ár gcláir staidéir ní aon timpiste é gurb í an Ollscoil seo an chéad ollscoil in Éirinn a bhfuil clár Baitsiléir Eolaíochta speisialach i gcúrsaí fuinnimh, céim míochaine d iontrálaithe ar céimithe iad agus raon leathan cúrsaí iarchéime a bheidh oiriúnach don áit oibre seolta aici. Sa bhreis air sin, is í an Ollscoil seo an soláthróir is mó oideachais múinteoirí iarbhunoideachais sa stát, fáiltítear roimh mhic léinn chuig túsoideachas múinteoireachta agus roimh mhic léinn a roghnaíonn forbairt ghairmiúil leanúnach a dhéanamh. 11

Áirítear lenár dtaighde teagmhálacha sainiúla idir acadamh agus an timpeallacht sheachtrach, agus tá ár n-éiteas de thaighde aistritheach leagtha amach go sonrach chun leas a bhaint go tapa as buntáistí sóisialta agus eacnamaíocha. Is í Ollscoil Luimnigh a thionscain teagmhálacha idir Éirinn agus an Eoraip sa réimse ardoideachais. Ag tráth bunaithe na hollscoile sa bhliain 1972, bhí Éire ar tí a bheith mar bhall den Chomhphobal Eorpach. Ghlac an institiúid nua leis an Eoraip mar cheann de na príomhthéamaí agus gan mhoill seoladh clár fochéime Staidéar na heorpa, an chéad cheann in Éirinn, agus tar éis tamaill, ceann de na chéad chláir iarchéime Lánpháirtithe Eorpach sa chuid seo den Eoraip. Bhí an Ollscoil mar imreoirí gníomhacha sa chlár malartaithe mac léinn Erasmus. D aithin an Coimisiún Eorpach cáilíocht ár rannpháirtíochta in 2009 agus arís sa bhliain 2010 nuair a roghnaíodh Ollscoil Luimnigh, an t-aon ollscoil in Éirinn, mar cheann de na 10 n- institiúid de chuid an AE a ainmníodh mar Scéal Maith Erasmus. Cinntítear mar a theastaíonn uainn teagmháil a dhéanamh sa tslí a n-éiríonn linn comhoibriú a dhéanamh go réigiúnach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is léir sin ón bhforbairt leanúnach a dhéanann an Ollscoil le Cuibhreannas na Sionainne, an caidreamh nua agus feabhsaithe le hollscoil na héireann, Gaillimh, malartuithe mac léinn idirnáisiúnta laistigh den AE agus thar lear, na cnuasaigh taighde le comhpháirtithe acadúla, tionscail agus tráchtála agus ár gcuideachtaí campais ar éirigh leo maoiniú a fháil ó infheisteoirí príobháideacha. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le feidhmiú Phlean Straitéiseach na hollscoile 2006-2011, go háirithe i ndáil le forbairtí acadúla, taighde agus comhoibriu. Seo a leanas cuid de na príomhnithe a d éirigh linn a bhaint amach. Forbairtí Acadúla Rinneadh struchtúir acadúla na hollscoile a athchumrú ó shé choláiste go dtí ceithre dhámh, agus cuireadh déan feidhmeach faoi stiúir gach aon dáimhe. Bunaíodh aonaid acadúla nua, lena n-áirítear Scoil Míochaine Iontrála Céimithe, Scoil na hailtireachta agus an Roinn Síceolaíochta. Seoladh cláir acadúla nua i réimsí na hinnealtóireachte sibhialta, i bhfuinneamh agus san iriseoireacht. Feabhsaíodh an timpeallacht fhoghlama trí shaoráidí foghlama cleachtas-dhírithe mar urlár trádála seirbhísí airgeadais do mhic léinn gnó, seomra cúirte saintógtha do mhic léinn dlí, seomra nuachta do mhic léinn iriseoireachta agus saotharlanna oideolaíochta do mhic léinn oideachais a chur ar fáil. 12

Taighde Sa bhliain 2008, chuathas i mbun athbhreithniú straitéiseach ar ár dtosaíochtaí taighde chun na príomhréimsí a léiríonn ár saineolas a bheachtú le go bhféadfaí an ollscoil a idirdhealú mar institiúid fhiontraíochta. Lean próiseas straitéiseach inmheánach as ar lean athbhreithniú idirnáisiúnta agus rinneadh ár n-éiteas taighde a thréithiú mar cheann a chruthaíonn fócas ar thaighde aistritheach cóineasaithe. As an athbhreithniú sin freisin aithníodh na réimsí taighde tosaíochta seo a leanas ina bhfuil láidreachtaí aitheanta idirnáisiúnta bainte amach ag an Ollscoil: 1. Eolaíocht Ábhar agus Dromchla: ábhair chomhchodacha; ábhair nana; ábhair chógaisíochta i bhfoirm solaid; catalú agus teicneolaíochtaí glana; agus ábhair bhith-mhimetic. 2. Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide: innealtóireacht bogearraí; teileachumarsáid agus líonraí; agus córais éifeachtúlachta fuinnimh agus córais fuinnimh theirmigh. 3. Bithinnealtóireacht agus Eolaíochtaí Bitheacha: micrea-sreabhadh agus innealtóireacht bithmhíochaine. 4. Cultúr, Éagsúlacht agus Athrú Sóisialta: féiniúlachtaí sóisialta; aicme, eitneachas agus éagothromais inscne; próisis stairiúla, teangacha feidhmeacha; litríochtaí comparáideacha; dlí i gcaingean; agus polasaí poiblí agus feidhmíocht dhaonlathach. 5. Fuinneamh: bithmhais agus bithbhreoslaí; ábhair do chúrsaí fuinnimh; stóráil agus cruthú fuinnimh; agus córais fuinnimh a mheas agus tacú leo. 6. Eolaíochtaí Matamaitice Feidhmeacha : samhaltú matamaitice ar fhadhbanna bunúsacha eolaíochta, innealtóireachta agus tionscail; agus matamaitic airgeadais. Os rud é go bhfuil poitéinseal cóineasaithe agus aistrithe ag baint leo agus os rud é go bhfuil ar a gcumas mais chriticiúil a fhorbairt áirítear na nithe seo a leanas ar na réimsí eile a aithníodh mar iarrthóirí láidre chun tosaíocht a fháil sa tréimhse 2011-2015 Eolaíocht Eagraíochta agus Polasaí Poiblí (d fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh - obair, eolas agus fostaíocht; seirbhísí, geilleagar agus turasóireacht; fiontraíocht, nuálacht agus margaíocht; agus polasaí poiblí, fiontar, rialachas agus inbhuanaitheacht) agus Bia, Sláinte, Spórt agus Feidhmíocht Dhaonna (d fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh bia; athrú iompair agus sláinte; feidhmíocht spóirt; teiripí cliniciúla; feidhmíocht na n-ealaíon agus sláinte; agus leigheas). Ba é bunú na Scoile Leighis Iontrála Iarchéime sa bhliain 2007 an catalaíoch chun clár taighde leighis suntasach a fhorbairt. Tá an straitéis taighde leathan don Scoil forbartha agus eagrófar sin feadh téamaí idirghabhálaithe meitibileacha de neamhord ainsealach, coinníollacha saol-sonrach lena n-áirítear gach gné den duine ag dul in aois, agus treoir urchoscach agus cúram teiripeach a sholáthar i gcleachtas ginearálta pobail agus i saoráidí géarmhíochaine. 13

Comhoibriú Is eol dúinn le fada an tábhacht straitéiseach atá le comhoibriú. Bhain tábhacht mhór le comhaontú straitéiseach nua ollmhór i mí Eanáir 2010 idir Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil na héireann, Gaillimh. Áirítear sa chomhaontas raon leathan dár gcuid gníomhaíochtaí: teagasc, taighde, aistriú teicneolaíochta, foghlaim feadh an tsaoil agus an clár malartaithe mac léinn Link-to-Learn. Is é an toradh atá le Cuibhreannas na Sionainne, a cuireadh le chéile i gcomhthéacs an Chiste Nuálachta Straitéiseach agus atá comhdhéanta d Ollscoil Luimnigh, Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí agus Coláiste Mhuire gan Smál, go ndéantar raon nuálachta sonrach i gcomhar ó thaobh teagaisc agus foghlama, oiliúint iarchéime, rochtain agus foghlaim ar feadh an tsaoil agus seirbhísí tacaíochta comhroinnte. Is é an toradh a bhí le comhoibriú trí Chuibhreannas na Sionainne le gníomhaireachtaí eile (Fiontraíocht Éireann, FÁS agus Boird Fiontair Réigiúnacha) gur cruthaíodh Tús Nua, cur chuige ilgheallsealbhóirí comhordaithe chun a chur ar chumas na ndaoine sa réigiún atá dífhostaithe rochtain a dhéanamh ar chláir oideachais agus forbartha gnó. Is é toradh an chomhoibrithe sin gur éirigh leis an gcuibhreannas i mbabhtaí arís agus arís eile de chuid clár Gníomhachtaithe Margaidh Saothair a fhaigheann urraíocht ón Rialtas. Forbraíodh príomhchomhoibrithe eile le hollscoileanna eile in Éirinn trí rannpháirtíocht i CSETanna de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus Cnuasaigh Taighde Straitéisigh agus Ionaid Inniúlachta IDA/Fhiontraíocht Éireann. Ag an leibhéal idirnáisiúnta, tá an Ollscoil i measc na n-ollscoileanna is fearr ar éirigh léi in Éirinn ó thaobh maoiniú a fháil ón gclár Creat Oibre 7 de chuid an AE. 14

Misean, Fís, Luachanna agus Spriocanna Straitéiseacha Misean Is é misean Ollscoil Luimnigh a bheith mar ollscoil shainiúil, cheannródaíoch agus i dteagmháil agus tionchar aici ar an todhchaí trí oideachas a chur ar dhaoine agus cumhacht a thabhairt dóibh tabhairt go fírinneach faoi na dúshláin atá amach romhainn. Fís Is í ár bhfís go n-aithnítear go hidirnáisiúnta Ollscoil Luimnigh mar institiúid shainiúil, cheannródaíoch agus i dteagmháil a sholáthraíonn taithí den scoth do mhic léinn, a bhíonn rannpháirteach go gníomhach i dtaighde agus a bhíonn i dteagmháil go domhanda agus go háitiúil ó thaobh an méid a chuireann an ollscoil leis an saol eacnamúil, sóisialta agus cultúir. Luachanna Beimid faoi stiúir roinnt croí-luachanna agus ár bhfís á comhlíonadh againn. Seo a leanas na nithe a gcuirimid luach leo: Oideachas mac léinn-lárnaithe a chumhachtaíonn, a spreagann, a fhorbraíonn agus a chothaíonn saoránaigh a bheidh táirgiúil agus fiosrach agus a chuirfidh tábhacht ollmhór le ceartas sóisialta. Taighde ardcháilíochta a chuireann an méid agus is féidir le hábharthacht, tráchtálú agus nuálacht. An esprit de corps atá le sonrú go huathúil i measc ár bhfoirne, a léirítear trí spiorad láidir soiléir fiontraíoch agus nuálach mar aon le féiniúlacht shoiléir ar leith. A bheith i dteagmháil lenár bpobail trína leas fisiciúil, eacnamaíoch, oideachais, sóisialta agus cultúir a chur chun cinn. Cleachtais eiticiúla láidre a chuireann béim ar mhacántacht, ionracas, éagsúlacht, cothromas agus meas ar chách. An timpeallacht nádúrtha agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, laistigh den champas agus lasmuigh de araon. Éiteas feabhais cáilíochta a bhíonn bunaithe ar rialachas láidir acadúil agus eagraíochtúil agus a éilíonn caighdeáin fheidhmíochta. Comhoibriú le hinstitiúidí acadúla, corparáidí agus gníomhaireachtaí rialtais ar bhealaí a thacaíonn le gníomhaíochtaí a mbíonn buntáiste uathu don dá thaobh. 15

Spriocanna Straitéiseacha Tá tionchar ag ár bhfís ar na ceithre sprioc atá sa Phlean Straitéiseach: Sprioc 1: Taithí den scoth agus ceann ar leith a sholáthar do gach mac léinn chun a chur ar a gcumas a bheith mar chéimithe oilte, sciliúla agus lán le muinín. Sprioc 2: Ár bpróifíl taighde a fheabhsú tuilleadh agus an tionchar a bhíonn ag ár dtaighde, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon a threisiú. Sprioc 3: Ár bhfócas idirnáisiúnta a dhíriú ar gach réimse gníomhaíochta. Sprioc 4: Cáil a bhaint amach do shárchleachtas as an méid a chuirfimid le saol eacnamaíoch, oideachais, sóisialta agus cultúir na héireann go ginearálta agus réigiún na Sionainne go háirithe. 16

Sprioc 1: Taithí den scoth agus ceann ar leith a sholáthar do gach mac léinn chun cur ar a gcumas a bheith mar chéimithe oilte, sciliúla agus lán le muinín. Réasúnaíocht: Is é an bundualgas atá orainn maidir lenár gcuid mac léinn, taithí den scoth agus ceann ar leith a sholáthar dóibh, taithí a thugann dúshlán dóibh agus a spreagann iad an méid atá ar a gcumas a bhaint amach. Tá sé i gceist againn oideachas a chur ar mhic léinn chun go mbeidh siad mar chéimithe oilte, sciliúla agus lán le muinín a bheidh ullmhaithe do phoist cheannaireachta sa tsochaí, a bheidh faoi réir luachanna láidre eiticiúla, cultúir agus pobal-dhírithe agus a léireoidh smaointeoireacht chriticiúil, nuálacht agus fiontraíocht le linn a ngairmeacha beatha. Cinnteofar é sin trí thimpeallacht fhoghlama ar leith a bheidh dírithe ar an mac léinn a sholáthar agus a bheidh ag cur leis an sárchleachtas atá faoi láthair feadh na ndámh go léir agus a chinnteoidh go mbeidh caighdeáin ardcháilíochta ag baint le gach clár. Cuspóirí: Cinnteofar Sprioc 1 trí na nithe seo a leanas a chomhlíonadh: Sárchleachtas agus nuálacht a chothú ó thaobh oideolaíochta agus béim ar thaithí foghlama i ngrúpaí beaga agus ar thaithí foghlama féintreoraithe. Cothromaíocht ó thaobh doimhneachta agus fairsinge sa churaclam a choimeád a fhorbraíonn cumas foghlama feadh saoil neamhspleách na mac léinn ionas go mbeidh siad ina gcéimithe a bheidh ilchumasach agus inoiriúnaithe. Leanúint lenár dtiomantas don ról maidir le hoideachas comhoibritheach mar chuid intreach agus saintréitheach de chuid taithí na mac léinn. Cur le héagsúlacht na mac léinn fochéime. Sraith tacaíochtaí agus taithí shonrach agus chomhordaithe a sholáthar do mhic léinn na céad bhliana le linn dóibh a bheith ag dul i gcleachtadh ar oideachas tríú leibhéal. Rochtain ar chláir staidéir a leathnú agus solúbthacht níos mó a sholáthar ó thaobh seachadta clár staidéir a bheidh ábharthach ó thaobh riachtanais na mac léinn agus na sochaí. Foghlaim comhchuraclaim agus seachchuraclaim a chothú trí mhaireachtáil sa phobal ar champas bríomhar lena mbaineann sárchaighdeán. Feabhas a chur ar bhonn scileanna an fhórsa oibre go leanúnach. 17

Gníomhartha: Beidh orainn na nithe seo a leanas a chomhlíonadh chun cuspóirí Sprioc 1 a bhaint amach: 1. Clár teagaisc agus forbartha foghlama fochéime cuimsitheach a fheidhmiú chun go mbeidh taithí ag na mic léinn fochéime a chothóidh smaointeoireacht neamhspleách, cruthaitheach agus nuálacht. Déanfar é sin trínár: dtiomantas maidir le fairsinge sa churaclam fochéime a athnuachan trí rogha níos leithne a thabhairt do na mic léinn. A chinntiú go bhfaigheann mic léinn tacaíocht chun raon scileanna cineálacha agus inaistrithe a fhorbairt, go háirithe, cumarsáid, nuálacht agus fiontraíocht. Cur leis an raon deiseanna foghlama ó thaithí a bhíonn ar fáil do mhic léinn agus tuilleadh deiseanna a fhorbairt chun go mbeidh mic léinn rannpháirteach i bhfoghlaim phobalbhunaithe agus i ngníomhaíochtaí rannpháirtithe sibhialta. Naisc a threisiú idir teagasc agus taighde ag an leibhéal fochéime trí oiliúint scileanna taighde, meicníochtaí chun torthaí taighde a scaipeadh ar na mic léinn agus intéirneachtaí fochéime le grúpaí taighde a sholáthar agus trí bhéim a chur ar an riachtanas píosa substaintiúil oibre mac léinn-dhírithe a dhéanamh sa bhliain deiridh. 2. Cur leis an líon mac léinn aibí, mac léinn faoi mhíchumas agus an líon mac léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta. 3. Clár saincheaptha a fhorbairt chun an t-aistriú chuig staidéar tríú leibhéal i gcomhlacht mac léinn atá ag éirí níos éagsúla a éascú. 4. An tionscnamh Link-to-Learn le hollscoil na héireann, Gaillimh a chur chun cinn trí chláir i gcomhar a fhorbairt, modúil a roinnt agus malartú mac léinn ag an leibhéal fochéime agus iarchéime araon a éascú. 5. Bealaí iontrála agus bealaí éalaithe solúbtha a fhoirmliú maidir le cláir fhochéime agus iarchéime. 6. Cur le hinfheistíochtaí an Chiste Nuálachta Straitéisigh chun acmhainní foghlama riachtanacha, seirbhísí tacaíochta d'fhoghlaimeoirí agus cláir rochtana agus foghlama feadh an tsaoil a choimeád. 7. An timpeallacht fhoghlama a atreisiú trí spás leabharlainne agus faisnéise, seirbhísí agus bailiúcháin ardcháilíochta a sholáthar agus trí úsáid na teicneolaíochta ar bhealaí a chuireann le foghlaim a éascú. 8. Leanúint ar aghaidh ag cur ceannaireacht comhshaoil ar fáil agus ár dtiomantas d oideachas maidir le forbairt inbhuanaithe a threisiú trí thuilleadh deiseanna teagaisc agus foghlama gaolmhara a chruthú. 9. Ionad sárchleachtais ó thaobh teagaisc agus oideachais múinteoirí a bhunú. Tógfaidh an t-ionad ar chomh maith agus a d éirigh leis an Ionad Náisiúnta Sárchleachtais i dteagasc agus i bhfoghlaim na Matamaitice agus na heolaíochta agus soláthrófar bealaí gan uaim ó oideachas múinteoirí bunaidh go dtí forbairt ghairmiúil feadh saoil ardcháilíochta do mhúinteoirí. 10. Cuirfear le líon na mac léinn iarchéime trí theagasc. 18

Targaidí: Áireofar na nithe seo a leanas ar na targaidí chun gnóthachtáil Sprioc 1 a thomhas: 1. Ardóidh rátaí coinneála fochéime na céad bhliana go 95%. 2. Mar chéatadán den daonra mac léinn iomlán, ardóidh líon na mac léinn aibí go 15% ar a laghad, an líon mac léinn faoi mhíchumas go 5% ar a laghad agus an líon mac léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch go 7% ar a laghad. 3. Déanfar gníomhaíochtaí sonracha Link-to-Learn a lánpháirtiú i gcláir acadúla i ngach dámh faoi 2011/12. 4. Ardóidh an líon mac léinn iarchéime trí theagasc 30%. 19

Sprioc 2: Ár bpróifíl taighde a fheabhsú tuilleadh agus an tionchar a bhíonn ag ár dtaighde, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon a threisiú. Réasúnaíocht: Cuireann Ollscoil Luimnigh béim mhór ar thóraíocht neamhspleách an eolais trí fhiosrúchán criticiúil agus cur chun cinn smaointe nua. Bímid ag súil go mbeadh ár bhfoireann acadúil rannpháirteach i dtaighde ardcháilíochta agus i ngníomhaíochtaí aistrithe eolais. Dá réir sin, cuirimid tábhacht le gach iarracht taighde a dhéanann gach comhalta de phobal an champais agus tugtar tacaíocht dóibh. Ag an am céanna, aithnítear nach mór tosaíocht a thabhairt do réimsí taighde ionas go bhféadfar infrastruchtúr taighde éifeachtach, a fhaigheann tacaíocht ó acmhainní cuí daonna agus fisiciúla, a fhorbairt. Ag teacht lenár n-uaillmhian ár dteagmhálacha a threisiú le geallsealbhóirí agus le comhpháirtithe seachtracha, cruthaíonn ár n-éiteas taighde díriú ar thaighde aistritheach cóineasaithe. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn cóineasú do theacht le chéile sineirgisteach disciplíní éagsúla trína n-eascraíonn réimsí nua eolais torthúla. Tarchéimníonn taighde aistritheach an dealú traidisiúnta idir taighde bunúsach agus taighde feidhmeach trí fheidhmiú aschuir taighde bunúsach a luathú ar mhaithe leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí. Cuspóirí: Cinnteofar Sprioc 2 trí na nithe seo a leanas a chomhlíonadh: Taighde ardchéime a fhoilsiú agus a scaipeadh in irisí agus i leabhair ardcháilíochta a bhíonn go mór chun tosaigh go hidirnáisiúnta. Cumas taighde a fhorbairt trí fhoireann a earcú agus a choimeád, meantóireacht chuimsitheach, cláir iasachta agus cláir mhalartaithe. Sineirgí agus tacaíocht acadúil a chruthú ón mais chriticiúil a bhaintear amach trí institiúidí agus ionaid taighde. A bheith gníomhach trí chomhoibriú láidir agus ag malartú eolais le comhpháirtithe straitéiseacha. Cur le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch trí aistriú mear ar thaighde. Ailíniú soiléir a chruthú idir taighde agus teagasc. Cultúr fiontraíoch a chur chun cinn ag an leibhéal aonair agus ag leibhéal na hinstitiúide araon. 20

Gníomhartha: Beidh orainn na nithe seo a leanas a chomhlíonadh chun cuspóirí Sprioc 2 a bhaint amach: 1. Príomhtháscairí feidhmíochta a bhunú chun gnóthachtáil taighde agus aistriú eolais a mheas, agus na táscairí a spriocdhíriú chun dul in oiriúint do chineálacha éagsúla taighde a dhéantar. 2. Straitéisí taighde dáimhe agus institiúide a bhunú a bheidh ailínithe le straitéis taighde na hollscoile agus a bheidh comhoiriúnach do phleananna acmhainní daonna, spáis agus airgeadais na hollscoile. 3. Leanúint le lucht taighde a chnuasach agus gníomhaíochtaí taighde a ailíniú in institúidí agus ionaid taighde sruthlínithe ardpróifíle. 4. Cur chuige cuimsitheach a fhorbairt maidir le taighde aistritheach chun idirghníomhartha suntasacha agus leanúnacha a chur san áireamh idir lucht taighde agus tionscal agus/nó cleachtas gairmiúil trí na nithe seo a leanas: Caidrimh a chruthú le tionscal baile agus ilnáisiúnta chun cuidiú leo taighde a neadú ina n-eagraíochtaí trína saineolas agus cumas taighde féin a fhorbairt. Clár intéirneachta a fheidhmiú ina mbeidh malartuithe idir grúpaí taighde Ollscoile agus comhpháirtithe seachtracha tionscail agus gairmiúla. Aschuir thaighde iomchuí a oiriúnú chun polasaí agus cleachtas a fheabhsú i ngairmeacha míochaine, leighis, dlí, innealtóireachta, teicneolaíochta faisnéise, cuntasaíochta, gnó agus oideachais agus sa tsochaí shibhialta níos leithne. 5. Straitéis aistrithe eolais agus tráchtálaithe ceithre bliana a chur le chéile a léiríonn go soiléir an méid a chuirimid le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta. Díreoidh an straitéis ar na nithe seo a leanas go sonrach: Cinnteofar go seachadóidh an cur chuige maidir le tráchtálú ár maoine intleachtúla an méid buntáiste agus is féidir don tsochaí agus don gheilleagar náisiúnta agus go mbeidh cothromaíocht idir luach saothair agus aitheantas d'aireagóirí agus luach saothair agus aitheantas don Ollscoil, agus nuair is cuí, lucht urraíochta taighde. Aithneofar go pras an deis tráchtála a bheidh ag aschuir thaighde agus tabharfar tacaíocht d fhiontair nua, ar campas agus laistigh den réigiún araon, trí Ionad Fiontair Tionsclaíoch a fhorbairt. Áireofar tráchtálú mar chritéar tuairiscithe do ghníomhaíochtaí taighde iomchuí agus tabharfar aitheantas do thráchtálú i bhforbairt gairme. 6. Soláthrófar na dreasachtaí riachtanacha do thionscnaimh thaighde chóineasaithe. 7. Beifear ag comhoibriú go straitéiseach i bhfiontair i gcomhar le hinstitiúidí eile trí naisc le tionscal, cleachtas gairmiúil agus comhlachtaí taighde; comhpháirtíocht i gcomhar i gcláir thaighde a bheidh maoinithe go hiomaíoch; agus tráchtálú i gcomhar ar aschuir thaighde. 21

8. I gcomhpháirtíocht le Grúpa Ceannaireachta Teicneolaíochta na héireann, Forbairt na Sionainne agus Ollscoil na héireann, Gaillimh, cuirfear an tionscnamh Gleann Fuinnimh na Sionainne chun cinn chun mol náisiúnta a chruthú maidir le taighde agus forbairt cúrsaí fuinnimh. 9. I gcomhar leis an Georgia Institute of Technology agus Ollscoil na héireann, Gaillimh, bunófar Institiúid Taighde Aistritheach i gcomhar a dhíreoidh ar fheidhmiú croí-theicneolaíochtaí agus saineolas i dtionscal na héireann laistigh de na hinstitiúidí ar comhpháirtithe iad. 10. Déanfar ár bhfoinsí maoinithe taighde a éagsúlú. Targaidí: Áireofar na nithe seo a leanas ar na targaidí chun gnóthachtáil Sprioc 2 a thomhas: 1. Ardóidh rolla na mac léinn dochtúireachta 40%. 2. Feidhmeofar an tsamhail dochtúireachta struchtúrtha agus pleananna forbartha pearsanta do gach mac léinn taighde go hiomlán faoi dheireadh na bliana acadúla 2010/11. 3. Ardóidh an líon foilseachán i ngréasán Eolais an ISI 20% agus ardóidh an líon leabhar le foilsitheoirí mór le rá 20%. 4. Ardóidh líon lua ó thaobh ár gcuid foilseachán 50%. 5. Cuirfear leis an líon paitinní a bhronntar in aghaidh an chaiteachais taighde 1 milliún 20% ar a laghad. 6. Glacfar leis an straités aistrithe eolais agus tráchtálaithe ceithre bliana faoi mhí na Bealtaine 2011. 7. Ardóidh ioncam taighde ó fhoinsí AE 50%. 22

Sprioc 3: Ár bhfócas idirnáisiúnta a dhíriú ar gach réimse gníomhaíochta. Réasúnaíocht: Táimid ag iarraidh go ndéanfaí muid a mheas de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde agus aithnítear nach mór dúinn a bheith i dteagmháil leis an timpeallacht taighde agus foghlama domhanda chun go n-éireoidh linn é sin a bhaint amach. Trínár gcláir thaighde agus teagaisc atá i dteagmháil go hidirnáisiúnta a shíneadh, déanfar taithí na mac léinn a shaibhriú trína nochtú do chultúir agus deiseanna foghlama éagsúla, agus feabhsófar ár gcumas a scileanna foghlama feadh an tsaoil a chothú, scileanna a bheidh ag teastáil uathu i dtimpeallacht oibre dhomhanda. Cuirfear fócas idirnáisiúnta níos géire ar ár gcumas na mic léinn is fearr a earcú, sa bhaile agus thar lear araon. I dtimpeallacht atá ag éirí an-iomaíoch, ní mór go mbeadh taighde sna réimsí tosaíochta faoi thionchar pobail taighde tras-náisiúnta. Tá sé i gceist againn freisin an tionchar idirnáisiúnta a shíneadh trí mhalartuithe teagaisc agus socruithe saoire taighde le hinstitiúidí thar lear agus trí scoláirí idirnáisiúnta a óstáil san Ollscoil. Leanfaimid le meas a léiriú ar fhiúntas na gné Eorpaí agus beimid gníomhach in iarrachtaí taighde AE agus i dtionscnaimh ardoideachais AE araon. Cuspóirí: Cinnteofar Sprioc 3 trí na nithe seo a leanas a chomhlíonadh: Taithí a sholáthar a spreagann spiorad na heorpa agus na saoránachta domhanda sna mic léinn. Cuirfear éagsúlacht cultúir chun cinn trí mhic léinn agus foirne idirnáisiúnta a earcú. Leathnófar idirnáisiúnú an churaclaim tuilleadh. Athbhreithneofar agus leathnófar ár líonra comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta le hinstitiúidí tríú leibhéal agus le comhlachtaí taighde. Déanfar ár ngníomhaíochtaí taighde a thagarmharcáil in aghaidh na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Beimid ag tarraingt ar thaithí agus ar shárchleachtas idirnáisiúnta iomchuí chun an méid a chuirtear le forbairt an réigiúin agus an náisiúin a threisiú. Gníomhartha: Beidh orainn na nithe seo a leanas a chomhlíonadh chun cuspóirí Sprioc 3 a bhaint amach: 1. Plean gnó oideachais idirnáisiúnta ceithre bliana a chumadh a dhíreoidh ar phríomh-mhargaí agus ar earcú tuilleadh mac léinn idirnáisiúnta, comhaltaí iardhochtúireachta agus lucht taighde. 2. Cur leis an líon clár fochéime lena mbaineann gné idirnáisiúnta soiléir. 3. Leathnófar an méid a bheimid rannpháirteach sa chlár Erasmus agus leathnófar ár scéimeanna malartaithe neamh-ae agus socrúcháin oideachais chomhoibritheacha. 4. Cinnteofar creidiúnú agus aitheantas idirnáisiúnta do na cláir chéime, na scoileanna agus na dámha. 23

5. Forbrófar polasaí teanga mac léinn a chinnteoidh go bhféadfaidh gach mac léinn leas a bhaint as an deis leibhéal inniúlachta teangeolaíoch a chinntiú mar chuid dá dtaithí ollscoile. 6. Rachfar i mbun idirghníomhaíochta le tionscnaimh ardoideachais AE agus, go háirithe, le straitéisí an Aontais ó thaobh naisc oideachais a chinntiú le páirteanna eile den domhan. 7. Cinnteofar go mbeidh ár bhfoireann rannpháirteach i gcuibhreannas taighde idirnáisiúnta agus i gcumainn léinn. 8. Leanfar ag cur béime ar an tábhacht atá le lucht taighde idirnáisiúnta ardpróifíle a earcú a ghlacfaidh ról teagaisc gníomhach. 9. Athbhreithneofar ár meabhrán tuisceana reatha le hollscoileanna thar lear agus sinn ag súil go n-aithneofar institiúidí a mbeimid in ann malartuithe foirne agus mac léinn a fhorbairt leo agus treiseoidh sin ár dtosaíochtaí taighde. Targaidí: Áireofar na nithe seo a leanas ar na targaidí chun gnóthachtáil Sprioc 3 a thomhas: 1. Glacfar leis an bplean gnó oideachais idirnáisiúnta ceithre bliana faoi mhí an Mhárta 2011. 2. Ardóidh an líon mac léinn fochéime agus iarchéime idirnáisiúnta 50% ar a laghad. 3. Ardóidh an líon mac léinn a chaithfidh tréimhse thar lear mar chuid de chreidiúnú a gclár staidéir 30%. 24

Sprioc 4: Cáil a bhaint amach do shárchleachtas as an méid a chuirfimid le saol eacnamaíoch, oideachais, sóisialta agus cultúir na héireann go ginearálta agus réigiún na Sionainne go háirithe. Réasúnaíocht: Is gné shuntasach de chuid Ollscoil Luimnigh é an ceangal láidir áitiúil atá againn sa phobal. Is údar mórtais dúinne gur institiúid oscailte agus fháiltiúil í an ollscoil a mheallann meascán leathan cuairteoirí: lucht acadúil, lucht taighde, lucht tionscail, ceannairí pobail agus iad sin ar mian leo sásamh a bhaint as ár gcampas atá báúil don chomhshaol, ár dtaitneamhachtaí cultúir agus saothair ealaíne agus ár saoráidí spóirt. Is eol dúinn go bhfuil freagracht orainn forbairt eacnamúil, oideachais, shóisialta agus chultúir a chur chun cinn in Éirinn, go háirithe i réigiún na Sionainne, agus aithnítear an buntáiste ar an dá thaobh a thagann as an gcomhar idir réigiún na Sionainne agus an Ollscoil. Teastaíonn uainne a chur ar chumas na mic léinn, na foirne agus na gcéimithe a bheith ina bpríomhimreoirí sa saol i réigiún na Sionainne agus níos faide ó bhaile.trí thógáil ar láidreachtaí réigiúnacha agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais réigiúnacha ag teacht le tosaíochtaí náisiúnta, cinnteoimid go n-oibreoimid ag na caighdeáin idirnáisiúnta is airde. Cuspóirí: Cinnteofar Sprioc 4 trí na nithe seo a leanas a chomhlíonadh: An caidreamh idir an Ollscoil agus an pobal a threisiú agus muidne a bheith mar théachta saoil i mórcheantar Luimnigh. An leibhéal idirghníomhaíochta idir mic léinn agus grúpaí pobail a fheabhsú. Caidrimh a fheabhsú le comhpháirtithe straitéiseacha, eolas a chur ar fáil do dhíospóireacht phoiblí agus tionchar a imirt ar lucht déanta polasaí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cruthú post agus forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn trí chomhoibriú le tionscal, a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí goir éifeachtacha agus macchuideachtaí a chruthú. Forbairt cultúir foghlama ar feadh an tsaoil a chothú sna pobail agus leibhéil scileanna a fheabhsú chun infheistíocht agus forbairt eacnamaíoch a spreagadh. Cathair Luimnigh agus Réigiún na Sionainne a chur chun cinn trí rochtain pobail a sholáthar ar ár dtaitneamhachtaí agus ar an infrastruchtúr den scoth acadúla, spóirt agus cultúir atá againn. Cur tuilleadh le feiceálacht Ollscoil Luimnigh sa chathair sa bhreis ar an Ionad i lár an Bhaile agus an Campas Rochtana. A chinntiú go mbeidh mar atá ag éirí linn mar ionad cultúir, ealaíne, féilte agus gníomhaíochtaí spóirt ina údar mórtais go leanúnach sa chathair agus sa réigiún. Freagracht as an gcomhshaol agus freagracht shóisialta a spreagadh laistigh agus lasmuigh dár dteorainneacha fisiciúla. 25

Gníomhartha: Beidh orainn na nithe seo a leanas a chomhlíonadh chun cuspóirí Sprioc 4 a bhaint amach: 1. Cuirfimid mar chomhpháirtithe le hathghiniúint Luimnigh sna gníomhaíochtaí sin a mbeimid in ann luach a chur le hobair na ngníomhaireachtaí agus na ngrúpaí pobail iomchuí. 2. Leanfaimid rannpháirteach i dtionscnaimh oideachais mar an clár Gníomhachtaithe Margaidh Saothair, atá leagtha amach do dhaoine dífhostaithe. 3. Cuirfimid le húsáid champas na hollscoile mar thaitneamhacht shóisialta agus chultúir ar shlí a cheadóidh rochtain níos leithne do ghrúpaí agus d fhoirne pobail, a dhíreoidh ar imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta chun an campas a léiriú mar ionad d imeachtaí ar scála mór agus a chuirfidh a mhéid agus is féidir le réigiún na Sionainne ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha, sóisialta agus cultúir. 4. An raon comhoibrithe a bhfuil ag éirí leo laistigh de Chuibhreannas na Sionainne agus an comhaontas straitéiseach le hollscoil na héireann, Gaillimh a choimeád agus a shíneadh. 5. Iomaíochas réigiúnach agus náisiúnta a fheabhsú trí chlár forbartha gairmiúil agus comhairliúchán cuimsitheach leanúnach a fhorbairt a bhainfidh leas as saineolas leathan na hollscoile. 6. Tacú le forbairt ceantar taistil níos cliste i gcomhar le húdaráis áitiúla i gceantar uirbeach Luimnigh. 7. Úsáid na Gaeilge ar an gcampas a chur chun cinn trí Scéim na hollscoile 2009-2012 faoi Acht na dteangacha Oifigiúla a fheidhmiú. Targaidí: Áireofar na nithe seo a leanas ar na targaidí chun gnóthachtáil Sprioc 4 a thomhas: 1. Ardóidh an líon mac léinn a bheidh rannpháirteach i gclár Oibrithe Deonacha an Uachtaráin 200%. 2. Ardóidh an líon comhoibrithe teagaisc agus taighde le Coláiste Mhuire gan Smál 300%. 3. Dúblóidh an líon comhdhálacha idirnáisiúnta a reáchtálfar ar an gcampas faoin mbliain 2015. 4. Beidh ardú faoi thrí ar líon na foirne a mbeidh cúrsaí Gaeilge comhlánaithe acu agus a mbeidh deimhniú inniúlachta Gaeilge faighte acu faoin mbliain 2015. 26

An Straitéis a Chumasú Éileoidh feidhmiú an Phlean Straitéisigh raon gníomhartha feadh roinnt téamaí leathana. Tá ceithre mór-théama ó thaobh cumasaithe aitheanta againn Daoine, Acmhainní, Cáilíocht agus Cumarsáid chun cuidiú linn leis an obair seo. Bainfear leas as na téamaí sin chun gníomhaíochtaí na ndámh a stiúradh agus le tacú le rannáin feadh na hollscoile. Forbrófar pleananna feidhmiúcháin a aithneoidh na gníomhartha oibriúcháin a bheidh riachtanach chun targaidí an Phlean Straitéisigh a chomhlíonadh. Daoine Beidh daoine lárnach chun go n-éireoidh leis an bplean seo agus beidh gach duine den fhoireann páirteach i ngnóthachtáil ár gcuid spriocanna. Díreoidh earcú foirne ar phríomhréimsí lena mbaineann tábhacht straitéiseach d Ollscoil Luimnigh. Tagann forbairt ar cháilíocht agus ar phoitéinseal ár bhfoirne lena luachanna atá againn agus beidh sé sin mar bhonn lenár gcuid oibre chun an plean a fheidhmiú. Aithneofar na scileanna pearsanta agus na peirspictíochtaí a bheidh riachtanach chun go mbeidh Ollscoil Luimnigh mar ionad sárchleachtais ó thaobh teagaisc agus taighde. Aithnítear gur fearr a éireoidh leis an bhfoireann an méid atá ar a gcumas a bhaint amach i gcultúr oibre a mbeidh béim ar chleachtais eiticiúla, macántacht, ionracas, éagsúlacht, cothromas agus meas ar chách. Agus sin ar intinn againn cuirfimid cultúr eagraíochtúil chun cinn a léireoidh meas ar an bhfoireann, a spreagfaidh iad agus a thabharfaidh tacaíocht dóibh trí dheiseanna go leor a sholáthar maidir le forbairt phearsanta. Is eol dúinn an tábhacht atá le córais bhainistíochta a fhorbairt ar bhealaí a bheidh nuálach, a thugann cumhacht dár bhfostaithe agus a cheadaíonn dóibh cinntí a dhéanamh go pras. Mar sin, cruthóimid struchtúr eagraíochtúil ina mbeidh cothromaíocht idir an uathriail atá riachtanach ó thaobh fáis agus an disciplín a éilíonn cultúr cuntasachta. Cinnteoidh pleananna feidhmiúcháin Daoine na nithe seo a leanas: 1. Cinnteofar polasaithe, pleanáil agus cleachtais earcaithe éifeachtacha a threiseoidh ár bpróifíl foirne. 2. Cothófar cultúr d fhoghlaim feadh saoil i measc ár bhfoirne agus cothófar an cultúr sin trí infheistiú i bhforbairt eolais agus scileanna gairmiúla. 3. Cuirfear cultúr eagraíochtúil chun cinn a léireoidh luach ar dhaoine agus a thabharfaidh spreagadh dóibh.. 4. Aithneofar éagsúlacht ár bhfoirne, cuirfear cothromas deiseanna chun cinn agus aithneofar spriocanna iomchuí. 27

Acmhainní Tá tábhacht nach beag le bainistiú stuama ar ár gcuid acmhainní in aeráid eacnamaíoch dhúshlánach. Tá roinnt nithe bunúsacha atá mar bhonn don chur chuige atá againn maidir le bainistiú airgeadais. Déanfaimid ár dtáirgeacht buiséid a chothromú agus cothromaíocht chuí a choimeád idir caiteachas pá agus neamhphá. Déanfar freagracht a dhéabhlóidiú chuig sealbhóirí buiséid. Tá sé ríthábhachtach go leanfar le cur chuigí nua, nuálacha agus ceannródaíocha chun foinsí eile agus foinsí inbhuanaithe ioncaim a fháil agus ár gcostais a laghdú. Téann críonnacht airgeadais lámh le lámh le réimeas rialachais agus cleachtais bhainistiú riosca maith. Chuige sin, tá cód rialachais glactha ag an Ollscoil atá múnlaithe ar na Treoirlínte a leanas de chuid an HEA/IUA Governance of Irish Universities: A Governance Code of Legislation, Principles, Best Practice and Guidelines. Aithnítear nach mór d ollscoileanna a bheith ar an eolas faoin ngá atá le fealsúnacht agus creat oibre bhainistiú riosca a neadú ar fud na heagraíochta. Mar sin féin, éilíonn an gá atá le bheith nuálach solúbthacht chun leibhéil cuí riosca a éascú. Mar sin, tá sé tábhachtach go gcinnteofaí go mbeadh cothromaíocht chúramach idir rialáil agus solúbthacht. Tuigtear freisin an gá atá le timpeallacht oibre agus foghlama a sholáthar don fhoireann agus do na mic léinn agus nach lagófar na caighdeáin arda atá leagtha síos againn. Cuirfidh ár mian ár gcampas fisiciúil agus saoráidí fíorúla den scoth a choimeád tuilleadh brú orainn a bheith seiftiúil. Cinnteoidh pleananna feidhmiúcháin Acmhainní na nithe seo a leanas: 1. Treiseofar an ailíniú idir leithroinnt acmhainní agus tosaíochtaí straitéiseacha. 2. Tabharfar aghaidh mar a fhéadfar ár bhfoinsí ioncaim a éagsúlú chun cur an méid agus is féidir le hioncam neamhstáit. 3. Cinnteofar go mbeidh torthaí buiséid chothromaithe agus costais phárolla níos ísle ná 70% den chaiteachas iomlán. 4. Sonrófar próiseas buiséid bliantúil athbhreithnithe chun iomlánachas agus trédhearcacht a fheabhsú. 5. Tabharfar aghaidh ar an gcaoi a bhféadfar deiseanna seirbhíse roinnte a fhorbairt le hinstitiúidí comhoibritheacha. 6. Tabharfar tacaíocht do ról Fhondúireacht Ollscoil Luimnigh chun tabhartais daonchairdiúla a lorg a éascóidh ár spriocanna a bhaint amach. 7. Áireofar cleachtais rialachais láidre, cloífear go dian le riachtanais rialála agus neadófar bainistiú riosca sna gníomhaíochtaí go léir. 8. Cinnteofar go leanfaidh an campas fisiciúil agus fíorúil ag cur le forbairt straitéiseach na hollscoile. 9. Caomhnófar an timpeallacht nádúrtha trí oibriú lena chinntiú go gcosnófar agus go bhfeabhsófar ardcháilíocht ár gcampais. 10. Forbrófar straitéisí fuinnimh inbhuanaithe maidir le gach gné de ghníomhaíochtaí campais. 28

Cáilíocht Tá sé ríthábhachtach ó thaobh gnóthachtáil ár spriocanna go nglacfar na caighdeáin is airde dearbhuithe cáilíochta agus feabhais cáilíochta. Díreofar ar ár bpolasaithe agus ar ár nósanna imeachta gaolmhara a threisiú agus a chinntiú go bhfeidhmeofar iad. Aithnítear go bhfaigheann an réimeas náisiúnta dearbhaithe cáilíochta tacaíocht ó fhorbairtí ag leibhéal na heorpa, agus tugtar tacaíocht iomlán do phróiseas Bologna agus do chruthú Limistéir Ardoideachais Eorpach araon. Chuige sin tabharfaimid tosaíocht do chuimsiú gné Eorpach go fírinneach inár bpróisis dearbhaithe cáilíochta. Cinnteoidh pleananna feidhmiúcháin Cáilíocht na nithe seo a leanas: 1. Déanfar nósanna imeachta a leagan amach chun go mbeidh feabhas leanúnach ar cháilíocht ag teacht le Standards and Guidelines for Quality Assurance in the European Higher Education Area de chuid Chumann na heorpa maidir le Dearbhú Cáilíochta san Ardoideachas. 2. Cinnteofar cultúr d fheabhas leanúnach cáilíochta. 3. Feidhmeofar meicníochtaí nua maidir le ceadú, athbhreithniú tréimhsiúil agus monatóireacht ar chláir agus ar dhámhachtainí ag teacht le forbairtí polasaí náisiúnta agus na Standards and Guidelines for Quality Assurance in the European Higher Education Area. 4. Déanfar cáilíocht ár bhfeidhmíochta feadh na réimsí gníomhaíochta go léir a thagarmharcáil in aghaidh ollscoileanna idirnáisiúnta ceannródaíocha. Cumarsáid Sa timpeallacht idirnáisiúnta ardoideachais iomaíoch, tá tábhacht ollmhór le cumarsáid éifeachtach ó thaobh fhorbairt na hollscoile. Chun misean na hinstitiúide a chomhlíonadh, ní mór dúinn ár gcláir chumarsáide inmheánacha agus sheachtracha a fheabhsú. Chuige sin rachaimid i ngleic le na deiseanna breátha a thiocfaidh as teicneolaíochtaí nua meán agus faisnéise chun teacht ar phobal domhanda de mhic léinn a d fhéadfadh a bheith againn, ar chomhpháirtithe taighde, fostóirí, alumni agus ar dhaoine a dhéanfadh tairbhe dúinn. Is eol dúinn freisin an tábhacht atá le cumarsáid inmheánach láidir mar shlí chun cur le meanma na foirne agus an ról tábhachtach atá acusan maidir le seachadadh ar dtosaíochtaí straitéiseacha araon. Cinnteoidh pleananna feidhmiúcháin Cumarsáid na nithe seo a leanas: 1. Treiseofar céannacht bhranda Ollscoil Luimnigh trí phlean forbartha branda cuimsitheach. 2. Áireofar struchtúr comhordaithe chun ár gcláir chumarsáide, caidrimh poiblí agus cláir mhargaíochtaí a chur san áireamh. 3. Bainfear an méid leasa agus is féidir as an ngréasán agus as meáin shóisialta mar uirlisí riachtanacha cumarsáide. 4. Glacfar straitéis chumarsáide campais chun feabhas a chur ar chumarsáid inmheánach i measc na foirne agus na mac léinn. 5. Coimeádfar comhcheangal leanúnach lenár n-alumni a bheidh chun tairbhe dúinn araon chun feabhas a chur ar fhorbairt na hollscoile, go réigiúnach agus go náisiúnta. 29

Feidhmiú, Monatóireacht agus Athbhreithniú Feidhmiú Luíonn freagracht fhoriomlán as feidhmiú an Phlean Straitéisigh seo leis an gcoiste Feidhmiúcháin, agus áirítear ar chomhaltaí an choiste sin an tuachtarán (Cathaoirleach), an Leas-Uachtarán Acadúil & Cláraitheoir, an Leas-Uachtarán Taighde, déin na ndámh, an Stiúrthóir Airgeadais agus an Stiúrthóir Acmhainní Daonna. Cuirfidh foghrúpaí a mbeidh tascanna faoi leith acu, de chuid na Comhairle Bainistithe pleananna feidhmiúcháin le chéile chun na gníomhartha agus na targaidí atá sonraithe sa Phlean Straitéiseach a bhaint amach. Beidh na pleananna feidhmiúcháin spriocdhírithe, agus dírithe ar ghníomhartha agus lánpháirtithe feadh na spriocanna agus na dtéamaí cumasaithe. Cinnteoimid go dtabharfar tacaíocht do na príomhthreoracha agus do na feabhsúcháin cháilíochta a éilíonn na pleananna feidhmiúcháin agus tabharfar aghaidh ar an gcumas aonair agus iomlánach chun feidhmiúchán a bhainistiú. Monatóireacht Déanfaidh an Coiste Feidhmiúcháin monatóireacht ar dhul chun cinn maidir le feidhmiú an phlean go leanúnach. Cuirfidh an tuachtarán eolas nua-shonraithe ar fáil faoi dhó sa bhliain do Choiste Pleanála Straitéiseach agus Dearbhaithe Cáilíochta an Údaráis Ceannais agus cuirfear eolas nua-shonraithe bliantúil ar fáil don Údarás Ceannais. Tá raon leathan gníomhartha agus targaidí sa phlean agus mar sin éileofar raon leathan modhanna monatóireachta. Tá spriocanna cainníochtúla, mar Ardóidh ioncam taighde ó fhoinsí AE 50%, agus is féidir sin a rianú thar am. Tá gníomhartha cáilíochtúla ann freisin agus spriocdhátaí maidir le tabhairt chun críche, mar Straitéis aistrithe eolais agus tráchtálaithe ceithre bliana a chur le chéile a léiríonn go soiléir an méid a chuirimid le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta (le bheith glactha faoi mhí na Bealtaine 2011), agus éileoidh sin monatóireacht a bheidh bunaithe ar mheasúnú ar dhul chun cinn i dtreo thabhairt chun críche an ghnímh faoi dáta na sprice. Ar deireadh, tá gníomhartha cáilíochtúla nach luaitear aon spriocdhátaí tabhairt chun críche ina leith, mar An timpeallacht fhoghlama a atreisiú trí spás leabharlainne agus faisnéise, seirbhísí agus bailiúcháin ardcháilíochta a sholáthar agus trí úsáid teicneolaíocht ar bhealaí a chuireann le foghlaim a éascú, a chuirtear i láthair mar ghníomhartha a fheabhsóidh forbairt straitéise na hollscoile ar bhonn leanúnach. Éileoidh na gníomhartha sin monatóireacht eile, monatóireacht atá bunaithe ar mheastóireacht ar thiomantas institiúide a fhaigheann tacaíocht ó shamplaí d oibriú amach an tiomantais sin. Nuair is cuí, bainfear leas as sonraí 2009-2010 mar thagarmharcanna trína bhféadfar meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo ghnóthachtáil ár dtargaidí. 30

Athbhreithniú I gcomhar leis an gcoiste Feidhmiúcháin agus an Údarás Ceannais, rachaidh an tuachtarán i mbun athbhreithniú foirmiúil ar an bplean Straitéiseach ag deireadh 2012. Scrúdófar leis an athbhreithniú an liosta reatha gníomhartha agus targaidí ó thaobh chomh cuí agus atá siad agus an méid is féidir iad a chomhlíonadh sa chomhthéacs a bheidh i gceist an tráth sin. 31