Eochairfhocail.
|
|
|
- Chester Melton
- 9 years ago
- Views:
Transcription
1 Eochairfhocail TRÓCAIRE IUBHAILE GRÁSTA SAOIRSE GÉARLEANÚINT LÁ FHÉILE MUIRE GAN SMÁL AN DARA COMHAIRLE ÉACÚIMÉINEACH VATACÁNACH AITHRÍOCH SOILÉIRÍONN COMHBHÁ COISRIC UNGADH Réamhrá Rinne an Pápa Proinsias Bliain Urghnách Iubhaile na Trócaire a ghairm, ag tosú ar 8 Nollaig 2015 agus ag críochnú ar 20 Samhain 2016, Lá Fhéile Críost Rí. Bíonn comóradh i rith na bliana seo in onóir Fhéile Muire Gan Smál, agus deireadh an Dara Chomhairle Éacúiméineach Vatacánach. Sula dtugaimid aghaidh ar an bpaidir speisialta a chum an Pápa Proinsias le haghaidh Iubhaile na Trócaire, breathnaímis ar feadh scaithimh ar an fhíseán seo faoin Iubhaile: FÉACH Féach ar an fhíseán agus déan ransú smaointe faoi bhríonna éagsúla an fhocail trócaire. Tá paidir speisialta cumtha ag an bpápa Proinsias a éilíonn bliain lán de ghrásta a bheith sa bhliain seo. A Thiarna Íosa Críost, mhúin tú dúinn conas a bheith trócaireach ar nós Dia ar Neamh, agus go bhfeiceann an té a bhreathnaíonn orainne aghaidh Dé. Nocht d aghaidh dúinn, agus sábhálfar sinn. Bhreathnaigh tú go grámhar ar Zacháias agus ar Mhatha agus shaor tú ó bhraighdeanas na bpinginí iad; shaor tú Máire Mhaigdiléana ó bheith ag baint sásaimh as rudaí ábhartha amháin; chuir Peadar ag teilgean deor tar éis dó tusa a shéanadh, agus gheall tú áit sna Flaithis don ghadaí aithríoch. Éistfimis, amhail is dá mbeifeá ag labhairt linne, leis na focail a labhair tú leis an mbean Samárach: Dá dtuigfeá tabhartas Dé! Is tusa aghaidh sofheicthe an Athar dofheicthe, Dia a chuireann a chuid cumhachta in iúl thar aon rud eile, trína thrócaire agus trína mhaithiúnas a bhronnadh orainn. Bíodh an Eaglais mar aghaidh sofheicthe Dé ar domhan, an Tiarna aiséirithe agus glóirithe. Theastaigh uaitse gur daoine laga amach is amach a bheadh i do chuid ministir, ionas go mbeadh comhbhá acu leis na daoine bochta a mhair in aineolas agus iad san earráid. Deonaigh go bhfaighidh gach duine a dhéanann teagmháil leo tearmann, grá De agus maithiúnas Dé ina measc. Chuir do Spiorad anuas orainn agus déan muid a ungadh lena ghrásta, ionas gur bliain bheannaithe ón Tiarna a bheidh in Iubhaile na Trócaire, agus go mbeidh fuinneamh agus spreagadh nua san Eaglais, a chabhróidh léi an soiscéal a fhógairt do na bochtáin, an tsaoirse a fhógairt do na braighdeanaigh agus don dream atá faoi chois, agus go mbeidh radharc ar fáil arís do dhaill. Iarraimid é seo ort trí idirghuí Mhuire, Máthair na Trócaire, tusa a mhaireann agus a rialaíonn leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol. Amen. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 1
2 Gníomhaíocht Léigh an phaidir seo a chum an Pápa Proinsias. Roinn an rang in ocht ngrúpa éagsúla. Tugtar ceathrú uair a chloig dóibh an tasc a chuirtear rompu a chríochnú, agus ansin caithfear caint a dhéanamh leis an rang maidir le toradh an cheachta. Grúpa 1: Tar éis daoibh an phaidir a chum an Pápa Proinsias a léamh, dírigh ar an líne Trócaireach ar nós Dia ar Neamh. Roghnaigh ceann de na hailt seo ón mbíobla: Eaxodus 34:6-9 Deotranaimí 4:29-31 Salm 103:3-14 Léigh an sliocht, agus mínigh conas mar a léiríonn an tathair a thrócaire. Grúpa 2: Tar éis daoibh an phaidir a chum an Pápa Proinsias a léamh, dírigh ar an líne An té a bhreathnaíonn ortsa, feiceann sé a aghaidh. Roghnaigh ceann de na hailt seo ón mbíobla: Matha 5:1-12 Eifisigh 2:4-10 Lúcás 7:11-17 Léigh an sliocht, agus mínigh conas mar a léiríonn an tathair a thrócaire. Grúpa 3: Léigh an scéal seo faoi Zacháias. Lúcás 19:1-10 I d fhocail féin, mínigh tionchar thrócaire Íosa ar shaol Zacháias. Grúpa 4: Léigh an scéal seo ó shoiscéal Mhatha. Matha 6:24-25 I d fhocail féin, mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol Mhatha. Grúpa 5: Léigh an scéal seo faoi Mháire Mhaigdiléana. Lúcás 7:36-38, I d fhocail féin, mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol Mháire Mhaigdiléana. Grúpa 6: Léigh an scéal inar shéan Peadar Íosa. Matha 26:69-75 I d fhocail féin, mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol Pheadair. Grúpa 7: Léigh an scéal faoin ngadaí aithríoch. Lúcás 23:39-43 I d fhocail féin, mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol an ghadaí aithríoch. Grúpa 8: Léigh scéal na mná Samáraigh. Matha 4:1-26 I d fhocail féin mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol na mná Samáraigh. Tugann gach aon ghrúpa caint ghearr ag cur síos ar thoradh an cheachta, agus ansin léitear an mhír seo leanas ón mbíobla do chách. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 2
3 Lúcás 4:16-21 Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa: Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor; ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna. D fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. Agus thosaigh sé ag rá leo: Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas. Déan brí an ailt thuas a phlé lena chéile i ngrúpaí. Filleann na daltaí ar na grúpaí bunaidh ansin, agus míníonn gach grúpa na bealaí ina bhféadfadh an pobal Caitliceach ar scoil a leithéidí seo a chur i ngníomh: 1) Tabhair an dea-scéal do na boicht 2) Scaoil lucht géarbhroide saor 3) Aiseag a radhairc do dhaill Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor; ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 3
4 MACHNAIGH Machnamh Bíodh plé sa rang maidir leis an líne seo ó phaidir a chum an Pápa Proinsias: Bíodh an Eaglais mar aghaidh sofheicthe Dé ar domhan. Déanann gach dalta machnamh ar an mbrí a bhaineann sé/sí as an líne sin, agus scríobhann síos trí shamplaí den bhealach ina bhféadfaimis, mar scoil Chaitliceach agus mar bhaill na heaglaise, bheith mar aghaidh sofheicthe Dé ar domhan. 1) 2) 3) ÉISTEACHT Obair Bhreise Éist le hiomann Iubhaile na Trócaire. Scríobhadh as Laidin é. Is é an chéad líne ná: Misericordes sicut Pater!, rud a chiallaíonn Trócaireach ar nós an Athar. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 4
5 Eochairfhocail OILITHREACHT TIOMANTAS ÍOBAIRT TABHAIR BREITH DAOR TOMHAS CAIGHDEÁN Réamhrá Is gné tábhachtach de stair na héireann í an oilithreacht. Deirtear gur pobal oilithreachta iad muintir na héireann. Sa litir Misericordiae Vultus, déanann an Pápa Proinsias aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le hoilithreacht i saol na gcríostaithe. Baineann an oilithreacht leis an aistear saoil, an turas beatha atá romhainn. D fhéadfadh gurb é an Trócaire a bheadh mar sprioc againn, baineann an oilithreacht le teacht chomh fada leis an trócaire a aimsiú. Baineann tiomantas agus íobairt leis an oilithreacht seo. Bíonn tiontú i gceist i rith an oilithrigh chomh maith athrú meoin a chur orainn féin. Tá sampla d oilithreacht Éireannach a bhfuil an-mheas air, le feiceáil anseo: FÉACH Ina bhulla Misericordiae Vultus, tugann an Pápa Proinsias treoracha dúinn maidir leis an oilithreacht a chuireann Íosa romhainn lenár mianta a bhreith. 1) Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh 2) Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. 3) Maithigí agus maithfear daoibh. 4) Tugaigí agus tabharfar daoibh. 5) Óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 5
6 Gníomhaíocht 1 Tabhair sampla d eachtra inar thug tú breithiúnas ar an duine eile, cé go raibh rud den sórt céanna déanta agat féin tráth. Tabhair sampla d eachtra inar dhaor tú an duine eile, cé go raibh rud den sórt céanna déanta agat féin tráth. Tabhair sampla d eachtra nuair nach raibh sé éasca maithiúnas a thabhairt don duine muinteartha. Tabhair sampla d eachtra inar thug tú rud áirithe don duine uireasach. Is ionann de réir mar a thugann tú uait is ea tabharfar ar ais duit agus an caighdeán a chuireann tú os do chomhair, sin an caighdeán a úsáidfear i do leith a rá. Mínigh an ráiteas seo. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 6
7 Gníomhaíocht 2 Cruthaigh oilithreacht sa seomra ranga. Leag amach ceithre staid, agus caithfidh an rang ina iomláine gluaiseacht ar aghaidh ó stad amháin go stad eile. Stad 1: Cum dráma do dhuine nó do bheirt, a dhéanann cur síos ar an uair nár thug tú breith ar dhuine, a bhí bunaithe ar a raibh á rá ag daoine eile fúithi/faoi. Stad 2: Cum dráma do dhuine nó do bheirt, a dhéanann cur síos ar gan duine a dhaoradh ar fháthanna a bheadh bunaithe ar an tuairim a bheadh á thabhairt ag daoine eile fúithi/faoi. Stad 3: Cum dráma do dhuine nó do bheirt, a dhéanann cur síos ar mhaithiúnas a thabhairt do dhuine toisc gur tugadh maithiúnas duit féin tráth. Stad 4: Cum dráma do dhuine nó do bheirt, a dhéanann cur síos ar shíntiús a thabhairt do dhuine toisc go raibh tú féin uireasach tráth. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 7
8 MACHNAIGH Machnamh Sa litir Misericordiae Vultus, iarrtar orainn gan éirí searbhasach, ach aire a thabhairt don té a bhíonn ag fulaingt. Tabhair samplaí ó shaol an lae inniu ar na suímh a luaigh an Pápa Proinsias: 1) Sampla den anró atá ar domhan. 2) Sampla inar tugadh cluas le héisteacht do ghlao na ndaoine i ngátar. 3) Léigh an sliocht seo ón mbíobla. Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc. Athnuaitear iad gach maidin; óir is daingean í a dhílseacht. (Olagóin 3:22-23) Lig don rang brí na bhfocal thuas a phlé. Déan machnamh air agus scríobh síos na bealaí ina dtabharfadh an sliocht sin dóchas do dhaoine. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 8
9 Eochairfhocail MAITHEAS ATHMHUINTEARAS BULLA CORPARTHA SPIORADÁLTA BUNAIDH ARDCHEANNASACH COMHAIRLE AINEOLACH CEARTAIGH GORTAITHE ÉAGÓRA FÉACH Réamhrá Is iad buaicphointí an fhíseáin seo ná Is í seo an 30ú bliain iubhaile i stair na heaglaise. Deis don athmhuintearas agus don phardún uilíoch atá sa bhliain iubhaile. I rith na bliana iubhaile, scaoileadh leis na sclábhaithe agus na braighdeanaigh, cuireadh fiacha ar ceal, maitheadh don ghníomh géar. Caithfidh an Eaglais aire a thabhairt do na daoine a bhíonn ag fulaingt. Gníomhaíocht 1 Deirtear gurb é an Pápa Proinsias, Pápa na Trócaire. San íomhá thíos tá léargas amháin ar an bpápa Proinsias ag feidhmiú go trócaireach. Bain úsáid as PicCollage nó aip den sórt sin, le sraith ghrianghraif a chur le chéile a thabharfadh léiriú ar an bpápa Proinsias bheith mar Pápa na Trócaire. Ina Bhulla, Misericordiae Vultus, deir an Pápa Proinsias, Tá dúil mhór agam go ndéanfadh gach aon Chríostaí machnamh ar Oibreacha Spioradálta agus Corpartha na Trócaire i rith na hiubhaile seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigfimis an ráiteas seo i gcomhar leis an méid atá scríofa in alt a dó den cháipéis seo. Sainmhíniú amháin ar an trócaire a thug an Pápa Proinsias dúinn ná: an gníomh bunaidh ardcheannasach ina ndéanann Dia teagmháil linn. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 9
10 Gníomhartha Corpartha na Trócaire Gníomhartha Spioradálta na Trócaire 1. Tabhair bia don duine ocrach 1. Tabhair comhairle don té atá amhrasach 2. Tabhair deoch don duine spallta 2. Cuir oideachas ar an té atá aineolach 3. Déan an duine nocht a ghléasadh 3. Tabhair rabhadh do na peacaithe 4. Tabhair lóistín don duine gan dídean 4. Tabhair sólás don duine faoi bhrón 5. Tabhair cuairt ar na heasláin 5. Maith do na coireanna 6. Tabhair cuairt ar na príosúnaigh 6. Glac go foighneach le héagóracha 7. Déan na mairbh a chur i dtalamh 7. Guigh ar son na mbeo agus na mairbh FÉACH Féach ar an sampla seo den ghníomh trócaireach ón scannán Charlotte s Web. Pointí le Plé Cad a bhí i gceist ag Charlotte nuair a dúirt sí go mbeadh bás an bhainbh éagórach agus aincheart? Conas a léirigh Charlotte an trócaire maidir le Wilbur an tarcán? Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 10
11 Gníomhaíocht 2 Tá carthanas a chuireann Oibreacha Corpartha na Trócaire i bhfeidhm in Éirinn an lae inniu le sonrú thíos. Ag obair i mbeirteanna daoibh, pléigh agus scríobh nótaí maidir le hoibreacha Corpartha na Trócaire a chur i bhfeidhm sa scoil Chaitliceach seo. Oibreacha Corpartha na Carthanas Samplach Trócaire 1. Tabhair bia don duine ocrach Crosscare 2. Tabhair deoch don duine Comhluadar Shíomóin spallta 3. Déan an duine nocht a ghléasadh: 4. Tabhair lóistín don duine gan dídean Cumann Naomh Uinseann de Pól Fócas Éireann 5. Tabhair cuairt ar na heasláin Cumann Naomh Uinseann de Pól 6. Tabhair cuairt ar na príosúnaigh 7. Déan na mairbh a chur i dtalamh Comhairle Éireannach na bpríosúnach Thar Lear Conas a thabharfaimid aghaidh air Fíoras: Go dtí le déanaí, ba é an tuachtarán Obama an t-uachtarán ba lú thrócaire sa ré seo, maidir le beart trócaire. Go dtí seo tá 89 iomalartú pianbhreithe san iomlán agus 64 pardún tugtha amach aige. (Foinse: Gníomhaíocht 3 Tá cur síos ar Oibreacha Spioradálta na Trócaire thíos. Bain úsáid as an bhfoclóir leis na sainmhínithe a scríobh amach i d fhocail féin. Ansin pléigh agus scríobh nótaí maidir le hoibreacha Spioradálta na Trócaire a chur i bhfeidhm sa scoil Chaitliceach seo. Oibreacha Spioradálta na Trócaire 1. Tabhair comhairle don té atá amhrasach 2. Cuir oideachas ar an té atá aineolach 3. Tabhair rabhadh do na peacaí 4. Tabhair sólás don duine faoi bhrón 5. Maith do na coireanna 6. Glac go foighneach le héagóracha 7. Guigh ar son na mbeo agus na mairbh Scríobh i d fhocail féin Conas a thabharfaimid aghaidh air Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 11
12 MACHNAIGH Machnamh Sa litir Misericordiae Vultus, deir an Pápa Proinsias linn go gcaithfimid a bheith ag feidhmiú mar Uirlisí na Trócaire. Cén bhrí a bhaineann tusa as an ráiteas seo? Conas is féidir leatsa feidhmiú mar Uirlis na Trócaire? Déan plé i mbeirteanna faoi conas is féidir a bheith mar Uirlisí na Trócaire, agus scríobh síos na bealaí ina bhféadfaimis a leithéid a dhéanamh ar scoil. Obair Bhreise Cruthaigh taispeántas le crochadh ar bhalla an tseomra ranga. Scríobh an teideal Uirlisí na Trócaire i lár baill. I bhfoirm damhánléaráide, lig do gach dalta bealach éagsúil a scríobh ina bhféadfaí feidhmiú mar Uirlisí na Trócaire ar scoil. Uirlisí na Trócaire Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 12
Pacáiste um Thaighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas. Togra le haghaidh. RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA heorpa AGUS ÓN gcomhairle
AN COIMISIÚN EORPACH An Bhruiséil XXX [ ](211) XXX 211/394 (COD) Pacáiste um Thaighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA heorpa AGUS ÓN gcomhairle lena mbunaítear
COMHDHÁIL IDIRNÁISIÚNTA AR CHEARTA TEANGA INTERNATIONAL CONFERENCE ON LANGUAGE RIGHTS
E M AM R OG Comhdhála R P na CE EN Clár ER NF O C COMHDHÁIL IDIRNÁISIÚNTA AR CHEARTA TEANGA INTERNATIONAL CONFERENCE ON LANGUAGE RIGHTS Déardaoin an 23 agus Dé haoine an 24 Bealtaine 2013 Thursday 23rd
Learning and developing through interactions
Learning and developing through interactions Introduction Relationships are at the very heart of early learning and development. Through their early interactions babies learn to feel secure, to communicate,
Language and Literacy in Irish-medium Primary Schools. Report on the Consultation and Seminar
Language and Literacy in Irish-medium Primary Schools Report on the Consultation and Seminar 2 Contents Introduction 5 Section 1: Report on the Consultation 7 Overview of consultation 7 Findings 10 Policy
Níos Fearr le Sinn Féin
Níos Fearr le Sinn Féin A Sinn Féin Policy Document December 2015 1 List of Contents/ Clár Ábhar (i) (ii) (iii) Executive Summary Achoimre Fheidhmeach Introduction Part 1 Equality 1.1 Introduction 1.2
College of Arts, Social Sciences, and Celtic Studies
27 College of Arts, Social Sciences, and Celtic Studies At NUI Galway, we equip our students to become free-thinking, active citizens with the skills to critique and re-shape society s values and institutions
Pacáiste Faisnéise d Eisimircigh 2013
Pacáiste Faisnéise d Eisimircigh 2013 Tábla na nábhar 1. Réamhrá maidir leis an bpacáiste Faisnéise d Eisimircigh 2013 2. Teachtaireacht ó Chathaoirleach Chomhairle Easpag Éireann d Eisimircigh 3. Eolas
APPENDIX A: THE MOST COMMON FORMS OF INFLECTED PREPOSITIONS IN IRISH AND ITALIAN
APPENDIX A: THE MOST COMMON FORMS OF INFLECTED PREPOSITIONS IN IRISH AND ITALIAN 1 Irish (cf. NIG, Mac Congáil 2004) PERSONAL PRONOUNS PREPOSITION MÉ TÚ SÉ SÍ SINN SIBH SIAD 1. ag agam agat aige aici againn
Éireannaigh an Domhain
Éireannaigh an Domhain Beartas na héireann maidir leis an Diaspóra Márta 2015 BEARTAS DIASPÓRA NA HÉIREANN 1 Is mór ag náisiún na héireann a choibhneas speisialta le daoine de bhunadh na héireann atá ina
Coimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission
M92A Uimhir Scrúdaithe Examination Number Coimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission SCRÚDÚ NA hardteistiméireachta, 2006 LEAVING CERTIFICATE EXAMINATION 2006 RÚISIS PÁIPÉAR SAMPLACH RUSSIAN
Children s. Independent. Mobility. on the island of Ireland. Brendan O Keeffe Alanna O Beirne
Children s Independent Mobility on the island of Ireland Brendan O Keeffe Alanna O Beirne Foreword When we think of times past, we are fond of saying that children then had more freedoms than now. They
The national flag is the tricolour of green, white and orange. An bhratach trí dhath.i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta.
The national flag is the tricolour of green, white and orange. An bhratach trí dhath.i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta. constitution of ireland bunreacht na héireann article 7 airteagal
68 DÁIL ÉIREANN 1103. Tuesday, 10th October, 2006. 2.30 p.m. ORDER OF BUSINESS
68 DÁIL ÉIREANN 1103 Dé Máirt, 10 Deireadh Fómhair, 2006 Tuesday, 10th October, 2006 2.30 p.m. ORD GNÓ ORDER OF BUSINESS 9. Tairiscint maidir le Róta na nairí i gcomhair Ceisteanna Parlaiminte. Motion
3.064 Integration with Physical Education
PE can be an invaluable way of presenting information in a different way for those who learn best through kinaesthetic means. Additionally we strive to teach in an integrated way and physical education
Éire Sláintiúil CREAT LE HAGHAIDH SLÁINTE AGUS FOLLÁINE FHEABHSAITHE 2013 2025
Éire Sláintiúil CREAT LE HAGHAIDH SLÁINTE AGUS FOLLÁINE FHEABHSAITHE 2013 2025 RéAmhRá An TAoisigh Ach ní leor dul chun cinn eacnamaíoch ina aonar. sochaí bheoga uainn in Éirinn, áit a bhfuil gach duine
An Audit of Research on Early Childhood Care and Education in Ireland 1990-2006
An Audit of Research on Early Childhood Care and Education in Ireland 1990-2006 (Second Edition) Iniúchadh ar Thaighde in Éirinn maidir le Cúram agus Oideachas na Luath-Óige 1990-2006 (An Dara heagrán)
A SOCIAL PORTRAIT OF OLDER PEOPLE IN IRELAND. Building an Inclusive Society
A SOCIAL PORTRAIT OF OLDER PEOPLE IN IRELAND Building an Inclusive Society A Social Portrait of Older People in Ireland BAILE ÁTHA CLIATH ARNA FHOILSIÚ AG OIFIG AN tsoláthair Le ceannach díreach ón Oifig
RIALTAS na héireann GOVERNMENT of IRELAND RÁITEAS I LEITH NA GAEILGE 2006
RIALTAS na héireann GOVERNMENT of IRELAND RÁITEAS I LEITH NA GAEILGE 2006 STATEMENT ON THE IRISH LANGUAGE 2006 CLÁR CONTENTS RÉAMHRÁ 04 PREAMBLE FÍS 06 VISION COMHTHÉACS 10 CONTEXT CUSPÓIRÍ 12 OBJECTIVES
REGISTER OF ELECTORS. An Garda Síochána Registration of Garda Síochána as Postal Voters
Form Version: 08/2015 REGISTER OF ELECTORS An Garda Síochána Registration of Garda Síochána as Postal Voters RFB Under section 14(a) of the Electoral Act, 1992, a member of the Garda Síochána may apply
A LONG TERM ECONOMIC PLAN TO KEEP THE RECOVERY GOING
A LONG TERM ECONOMIC PLAN TO KEEP THE RECOVERY GOING GENERAL ELECTION 2016 2 To Keep The Recovery Going Contents 6 Foreword from the Taoiseach 8 Executive Summary 11 A Strong Recovery but Challenges Ahead
Coláiste Phádraig Droim Conrach Baile Átha Cliath 9. St Patrick s College Drumcondra, Dublin 9
Coláiste Phádraig Droim Conrach Baile Átha Cliath 9 St Patrick s College Drumcondra, Dublin 9 Bachelor of Education Degree An Chéim Baitsiléir Oideachais 2012-2013 COLÁISTE PHÁDRAIG, DROIM CONRACH, BAILE
95 SEANAD ÉIREANN 1623
95 SEANAD ÉIREANN 1623 Dé Céadaoin, 9 Nollaig, 2009 Wednesday, 9th December, 2009 10.30 a.m. RIAR NA hoibre Order Paper GNÓ POIBLÍ Public Business 1. Ráitis maidir leis an Tuarascáil ón gcoimisiún Imscrúdúcháin
The Council of Europe s European Language Portfolio. El Portfolio Europeo de Lenguas del Consejo Europeo de las Lenguas
El Portfolio Europeo de Lenguas del Consejo Europeo de las Lenguas Punann Chomhairle na heorpa do Theangacha Eorpacha The Council of Europe s European Language Portfolio 1 Foto Grianghraf Pasaporte de
Foreword 4. Executive Summary 6. List of Tables 9. List of Figures 10. Introduction 13. Section 1 - Profile of the Population 14
1 2 Table of Contents Foreword 4 Executive Summary 6 List of Tables 9 List of Figures 10 Introduction 13 Section 1 - Profile of the Population 14 1.1 The Irish People 16 1.2 Demography 16 Section 2 - Health
Whole School Evaluation REPORT
An Roinn Oideachais agus Scileanna Department of Education and Skills Whole School Evaluation REPORT Belcarra National School Castlebar, Co. Mayo Uimhir rolla: 17585C Date of inspection: 19 September 2013
Visiting Student Academic Information Booklet
Visiting Student Academic Information Booklet Semester 1, 2015/2016 UNIVERSITY ROAD NEWCASTLE ROAD DISTILLERY ROAD Entrance River Corrib Newcastle Road Entrance To Galway City Cathedral River Corrib University
University College IADT - A Review of the New Zealand Driving Capacity programme
iadt Institute of Art, Design & Technology iadt Prospectus 2015 Prospectus 2015 i prospectus 2015 open 2014 days Friday, 21st November 2014 10am - 4pm Saturday, 22nd November 2014 10am - 2pm CAO Open Evening,
An Bille um Chosaint Sealbhóirí Cuntais Morgáiste Cónaithe, 2014 Protection of Residential Mortgage Account Holders Bill 2014
An Bille um Chosaint Sealbhóirí Cuntais Morgáiste Cónaithe, 2014 Protection of Residential Mortgage Account Holders Bill 2014 Mar a tionscnaíodh As initiated [No. 11 of 2014] AN BILLE UM CHOSAINT SEALBHÓIRÍ
Tithe an Oireachtais. An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Tuasascáil ón gcoiste maidir le Tuiliú. agus
Tithe an Oireachtais An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht Tuasascáil ón gcoiste maidir le Tuiliú agus Árachas Maoine in Éireann, 2015 Nollaig 2015 Houses of the Oireachtas Report of the
Training teachers to use the European Language Portfolio
Training teachers to use the European Project C6 of the ECML 2nd medium-term programme (ELP_TT) Principles underlying the ELP and key design features David Little 1 Principles Principle 1 The promotion
Dublin City University 2014 Undergraduate Prospectus. What Will You Do?
Dublin City University 2014 Undergraduate Prospectus What Will You Do? What Will You Do? Embark on one of the most enjoyable, challenging, inspiring, transformative experiences of your life. Explore a
2013/2014. Mayo Campus Part-time Courses GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW
2013/2014 Mayo Campus Part-time Courses GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW PRESIDENT S WELCOME Learning is a lifelong and life-wide process. At GMIT s Mayo Campus, we offer lifelong learning courses
COMHAIRLE CHONTAE DHUN NA ngall
COMHAIRLE CHONTAE DHUN NA ngall Oifig Riarthóir na gcruinnithe Aras an Chontae LEIFEAR 22 Aibreán 2014 Beidh Cruinniú Comhairle Chontae Dhún na ngall ar siúl Dé Luain 28 Aibreán, 2013, ag 11.00 r.n. in
Ú á Ó ő Ü Ü Ü Ú ü Ü É é é é Ü É ü ü ü ü ü ü ü Ő ü Ü ű ü ü á Ö Ú Ő ü Ö Ú ü Ú Ú Ú Ö Ó Ö Á Ő Á Ú Ü ü ű Ú Ö ú ü ű ü ü ü Ö ü Ü Ü ü Ö Á Ó ő Ö ú Ö Ú ú ü ü Ú Ö ü ü ü Ó
Bachelor of Education Degree Course Subjects
Bachelor of Education Degree Course Subjects Practical Teaching Practice Competencies Gaeilge English Mathematics Curriculum and Methodology Modhanna Múinte na Gaeilge English Methods Mathematics Methods
St. Angela s College, Sligo
St. Angela s College, Sligo A College of the National University of Ireland, Galway Undergraduate Summary Prospectus 2016 Open Day 2015 Thursday 22nd October www.stangelas.nuigalway.ie St. Angela s College,
Aithisg Bhliadhnail & Aithris nan Cunntasan Annual Report & Statement of Accounts
Aithisg Bhliadhnail & Aithris nan Cunntasan Annual Report & Statement of Accounts 1 MG ALBA Annual Report 2012 13 Rathad Shìphoirt Steòrnabhagh Eilean Leòdhais HS1 2SD Seaforth Road Stornoway Isle of Lewis
Amharclann Smock Alley 10 Nollag. Smock Alley Theatre 10 December
Amharclann Smock Alley 10 Nollag Smock Alley Theatre 10 December Since 1987, three million, mostly young people under the age of 25 years, have voluntarily left their home countries to spend a short period
Cúrsaí Samhraidh 2015. Coláiste Mhuire gan Smál
Cúrsaí Samhraidh 2015 Coláiste Mhuire gan Smál Summer course information April 2015 1 Cúrsaí samhraidh 2015 Click on the course title to read about the course ONSITE COURSES (1-7 JULY)... 3 1. Technology
Áit Urnaí na Mac Léinn
Áit Urnaí na Mac Léinn Míniú ar an gcarghas I rith an Charghais is féidir linn machnamh a dhéanamh ar ár saol féin agus ar an ngaol atá againn le Dia. I rith an Charghais is féidir linn machnamh a dhéanamh
2. Summary of Findings and Recommendations for Further Development
An Roinn Oideachais agus Scileanna Department of Education and Skills Whole School Evaluation REPORT St. Agnes Primary School Crumlin, Dublin 12 Uimhir rolla: 20014W Date of inspection: 20 January 2011
EXAMINATION SECTIONS IN DETAIL
A.D.C.R.G. adjudicator certificated by An Coimisiún The examination is open to persons who are 30 years of age or over at the date of examination and are acceptable to An Coimisiún as candidates. They
BA i gcúram agus Oideachas Naíonán BA Degree in Early Childhood Care and Education 2014-2015. Student Handbook Lámhleabhar
BA i gcúram agus Oideachas Naíonán BA Degree in Early Childhood Care and Education 2014-2015 Student Handbook Lámhleabhar 1 1.1Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Déan an Oideachais Dear Student,
LIFELONG LEARNING PROSPECTUS
LIFELONG LEARNING PROSPECTUS GALWAY M AYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW Learning is a lifelong and life-wide process... learn with us! President s Welcome As a publicly funded higher education institution, GMIT
C U AD R O CO MP AR AT I V O ENTRE PREND AS SEGÚN CONVENIO VIGENTE Y N UEV A P ROPUE ST A
D E F I N I T I V O C N C C M i é r c o l e s 2 3 d o n o vi e m b r e d e 2 0 1 1 C U AD R O CO MP AR AT I V O ENTRE PREND AS SEGÚN CONVENIO VIGENTE Y N UEV A P ROPUE ST A C AT E G O R Í A P R E N D AS
Communicating: Learning experiences
Communicating: Learning experiences Learning experience 3: Helping me to learn Theme: Communicating, Aim 3 and Learning goal 2 Setting: Home and infant class (primary school) Kara (4 years) is in junior
Claude Monet (1840-1926) Argenteuil Basin with a Single Sailboat, 1874
Claude Monet (1840-1926) Argenteuil Basin with a Single Sailboat, 1874 Linkage & Integration in the Primary Curriculum: Visual Art English Gaeilge History Strands: All Concept & skills development in each
An Teachdaire Gaidhealach
An Teachdaire Gaidhealach Aireamh 75 An t-og Mhios/An Issue 2007 75 An Dùbhlachd 2006 December 2006 Published by Comunn Gàidhlig Astràilia ISSN 0727-6540 An Teachdaire Gaidhealach Committee members Neach-cathrach:
Teachers Corner Financial Literacy
Teachers Corner Financial Literacy Ideas and lesson plans for Financial Literacy CDVEC Curriculum Development Unit Ireland Publisher: Design: City of Dublin VEC, Curriculum Development Unit, Captains Rd,
Open days will take place on Friday 14th & Saturday 15th Glasnevin Campus Saturday 15th St Patrick s Campus www.dcu.ie/openday
Mater Dei Institute of Education Dublin City University Undergraduate Prospectus 2015 Open days will take place on Friday 14th & Saturday 15th Glasnevin Campus Saturday 15th St Patrick s Campus www.dcu.ie/openday
How To Teach A School Project
Coláiste Phádraig Droim Conrach Baile Átha Cliath 9 St Patrick s College Drumcondra, Dublin 9 Bachelor of Education Degree An Chéim Baitsiléir Oideachais 2011-2012 Is coláiste de chuid Ollscoil Chathair
Bille an Bhainc Ceannais (Morgáistí Ráta Athraithigh), 2015 Central Bank (Variable Rate Mortgages) Bill 2015
Bille an Bhainc Ceannais (Morgáistí Ráta Athraithigh), 2015 Central Bank (Variable Rate Mortgages) Bill 2015 Mar a tionscnaíodh As initiated [No. 54 of 2015] BILLE AN BHAINC CEANNAIS (MORGÁISTÍ RÁTA ATHRAITHIGH),
* Please be aware these programmes will no longer be offered from September 2014 and will be replaced by the Professional Master of Education (PME)
HEI Title of Programme Accreditation Status Accreditation date CAO/ PAC Reference Primary Concurrent Church of Ireland College of Education Bachelor of Education 27-May-13 CE 001 Colaiste Mhuire, Marino
The Cork Main Drainage Scheme was funded by the Irish Government and part financed by the European Union under the National Development Plan
Contract Teams Cork City Council - Executive Authority City Manager - Joe Gavin Former City Managers - Jack Higgins, Tom Rice City Engineer - Kevin Terry Former City Engineer - Liam Fitzgerald Director
The Irish Squirrel Survey
The Irish Squirrel Survey Michael Carey 1, Geoff Hamilton 2, Alan Poole 3 and Colin Lawton 4 1 Email: [email protected]. 2 Email: [email protected]. 3 Email: [email protected]. 4 Corresponding
An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta a bhaineann le Córais Faisnéise), 2016 Criminal Justice (Offences Relating to Information Systems) Bill 2016
An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta a bhaineann le Córais Faisnéise), 16 Criminal Justice (Offences Relating to Information Systems) Bill 16 Mar a tionscnaíodh As initiated [No. of 16] AN BILLE UM CHEARTAS
2014/2015 PROSPECTUS. www.gmit.ie GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW
2014/2015 PROSPECTUS www.gmit.ie GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW GMIT Open Days 2013-2014 GMIT es - Main and the Centre for the Creative Arts & Media October, Friday 18th - 9.30am - 3pm and Saturday
Buntús na Gaeilge. Irish for Adult Learners. Barbara Hillers with Bettina Kimpton. Textbook for Celtic 132: Introduction to Modern Irish.
Buntús na Gaeilge Irish for Adult Learners Barbara Hillers with Bettina Kimpton Textbook for Celtic 132: Introduction to Modern Irish Harvard 2007 [for class use and private circulation only] SOME WORDS
Postgraduate Prospectus 2015 16
A top university for graduate employability Postgraduate Prospectus 2015 16 T A U G H T P R O G R A M M E S Welcome to NUI Galway We are in the top 2% of universities in the world. Generations of inspiration
iadt + you Institute of Art, Design + Technology Dún Laoghaire Postgraduate + Professional Development Prospectus 2016 Art + Research Collaboration
Institute of Art, Design + Technology Dún Laoghaire Postgraduate + Professional Development Prospectus 2016 Art + Research Collaboration Broadcast Production for Radio + Television Business in Cultural
Bachelor of Education in Education & Psychology Year One, Semester Two
Bachelor of Education in Education & Psychology Year One, Semester Two Course Handbook Spring 2015 Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Déan an Oideachais Dear Student, On behalf of my colleagues
Rebuilding. Reflections on the effects of acquired brain injuries, from survivors, their families and those who work with them.
Rebuilding Reflections on the effects of acquired brain injuries, from survivors, their families and those who work with them. Introduction Contents Who are we? We are a group of clients who use the National
Brú na Bóinne World Heritage Site
B r ú n a B ó i n n e Wo r l d H e r i t a g e S i t e R e s e a r c h F r a m e w o r k Brú na Bóinne World Heritage Site Research Framework Compiled and edited by Jessica Smyth with contributions from
NIGHT CLASSES 2015/16 www.corkcollegeofcommerce.ie NIGHT. of COMMERCE the bridge to your future CLASSES. the bridge to your future 2015/16
of COMMERCE NIGHT CLASSES 2015/16 1 of of COMMERCE PRINCIPAL S ADDRESS W elcome to the Cork College of Commerce, College of Further Education and thank you for considering our college as a place to continue
Aithisg Bhliadhnail & Aithris nan Cunntasan 11-12. Annual 4 Report & Statement of Accounts
Aithisg Bhliadhnail & Aithris nan Cunntasan 11-12 Annual 4 Report & Statement of Accounts 5 Rathad Shìphoirt Steòrnabhagh Eilean Leòdhais HS1 2SD Seaforth Road Stornoway Isle of Lewis HS1 2SD 24 Cèitean
Bachelor of Education Year One, Semester One
Bachelor of Education Year One, Semester One Course Handbook Autumn 2013 Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Déan an Oideachais Dear Student, On behalf of my colleagues I extend a warm welcome
Web 2.0 for Learning Course
Web 2.0 for Learning Course There are three modules in total: 1. Introduction to Web 2.0 Tools This is the first of the 3 modules of Web 2.0 for Learning, and provides an introduction to web 2.0 tools
National University of Ireland, Galway Ollscoil na héireann Gaillimh
National University of Ireland, Galway Ollscoil na héireann Gaillimh Prof. Nollaig Mac Congáil Registrar and Deputy-President Office of Registrar & Deputy-President About NUI Galway Established 1845 Five
The Church. of Ireland College of Education. Bachelor of Education Degree. in association with. Trinity College
Bachelor of Education Degree The Church of Ireland College of Education in association with Trinity College D u b l i n Bachelor of Education Degree Contents Primary School Teaching 1 The Church of Ireland
L a h ip e r t e n s ió n a r t e r ia l s e d e f in e c o m o u n n iv e l d e p r e s ió n a r t e r ia l s is t ó lic a ( P A S ) m a y o r o
V e r s i ó n P á g i n a 1 G U I A D E M A N E J O D E H I P E R T E N S I O N E S C E N C I A L 1. D E F I N I C I O N. L a h ip e r t e n s ió n a r t e r ia l s e d e f in e c o m o u n n iv e l d
Bachelor of Education Degree 2013
Coláiste Phádraig Droim Conrach St Patrick s College Drumcondra Bachelor of Education Degree 2013 Is coláiste de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é Coláiste Phádraig St Patrick s College is a
An Bille um Chomhshocraíocht Socraíochta Morgáiste d Áras an Teaghlaigh, 2014 Family Home Mortgage Settlement Arrangement Bill 2014
An Bille um Chomhshocraíocht Socraíochta Morgáiste d Áras an Teaghlaigh, 14 Family Home Mortgage Settlement Arrangement Bill 14 Mar a tionscnaíodh As initiated [No. 118 of 14] AN BILLE UM CHOMHSHOCRAÍOCHT
Lower Austria The Big Travel Map
v v :7,000, v v v v, - v j, - v v j & Z V v! - 00 -, +4/74/000-000 @ - : / : - v : v : 04 : -, 00, -, v j v 0 : ü : : & : - : / :, :, 80 Ö ü, Z 4, 686 & - - 070700 :8:8 V v / /6 v : v - v v v v q v,,,
TUAIRISC AR CHÁILÍOCHT NA FOGHLAMA AGUS AN TEAGAISC SA GHAEILGE TUAIRISC CHIGIREACHT ÁBHAIR
An Roinn Oideachais agus Scileanna Cigireacht Ábhair ar an ngaeilge TUAIRISC Coláiste Éamonn Rís Loch Garman Uimhir Rolla: 63640R Dáta na cigireachta: 11 Deireadh Fómhair 2010 TUAIRISC AR CHÁILÍOCHT NA
SCHOOL OF LAW POSTGRADUATE PROGRAMMES IN LAW SCOIL AN DLÍ
SCHOOL OF LAW POSTGRADUATE PROGRAMMES IN LAW SCOIL AN DLÍ CONTENTS Introduction to Trinity College Dublin 1 About the School of Law 2 General Information 4 Academic Year Structure 4 European Credit Transfers
The Agreement reached in the multi-party negotiations 10 April 1998
The Northern Ireland Peace Agreement The Agreement reached in the multi-party negotiations 10 April 1998 CONTENTS 1. Declaration of Support 2. Constitutional Issues Annex A: Draft Clauses/Schedules for
UNIVERSITY COLLEGE DUBLIN NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, DUBLIN. STUDENT AWARDS Grants, Scholarships, Prizes
UNIVERSITY COLLEGE DUBLIN NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, DUBLIN STUDENT AWARDS Grants, Scholarships, Prizes SESSION 2002/2003 University College Dublin INTRODUCTION Welcome to the University College Dublin
Liberty Insurance GAA Games Development Conference
Liberty Insurance GAA Games Development Conference In conjunction with Camogie, Handball, Ladies Gaelic Football and Rounders Venue: Croke Park Dates: Friday and Saturday,10th and 11th January 2014 Theme:
Bachelor of Education Year Two, Semester Two Course Handbook Spring 2014
Bachelor of Education Year Two, Semester Two Course Handbook Spring 2014 Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Dhéan an Oideachais Dear Student, Welcome to Spring semester, BEd II. Congratulations
