Áit Urnaí na Mac Léinn

Similar documents
Eochairfhocail.

Pacáiste um Thaighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas. Togra le haghaidh. RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA heorpa AGUS ÓN gcomhairle

REGISTER OF ELECTORS. An Garda Síochána Registration of Garda Síochána as Postal Voters

REPORT INFORMATION ON THE INSPECTION ON THE QUALITY OF LEARNING AND TEACHING IN MUSIC

TWENTY-EIGHTH AMENDMENT OF THE CONSTITUTION (TREATY OF LISBON) BILL As initiated ARRANGEMENT OF SECTIONS. SCHEDULE Part 1 Part 2

Claude Monet ( ) Argenteuil Basin with a Single Sailboat, 1874

APPENDIX A: THE MOST COMMON FORMS OF INFLECTED PREPOSITIONS IN IRISH AND ITALIAN

Language and Literacy in Irish-medium Primary Schools. Report on the Consultation and Seminar

REGISTER OF ELECTORS. Application for inclusion in the Supplement to the Special Voters List

COMHDHÁIL IDIRNÁISIÚNTA AR CHEARTA TEANGA INTERNATIONAL CONFERENCE ON LANGUAGE RIGHTS

Éireannaigh an Domhain

Learning and developing through interactions

Entry/Iontráil Part-Time Courses Handbook Lamhleabhar Cursaí Páirtaimseartha

College of Arts, Social Sciences, and Celtic Studies

Coimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission. Leaving Certificate Examination Result Appeal Process

TUAIRISC AR CHÁILÍOCHT NA FOGHLAMA AGUS AN TEAGAISC SA GHAEILGE TUAIRISC CHIGIREACHT ÁBHAIR

Tithe an Oireachtais. An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Tuarascáil ón gcomhchoiste. maidir le

The national flag is the tricolour of green, white and orange. An bhratach trí dhath.i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta.

Níos Fearr le Sinn Féin

APRIL 2010 ISSN communique A N G A R D A S Í O C H Á N A MANAGEMENT JOURNAL

Pacáiste Faisnéise d Eisimircigh 2013

The Agreement reached in the multi-party negotiations 10 April 1998

Children s. Independent. Mobility. on the island of Ireland. Brendan O Keeffe Alanna O Beirne

Gaelscoil Thaobh na Coille

Ceacht a Sé Briathra VI (An Modh Coinníollach) Leathanach 1 Lesson Six Verbs VI (The Conditional Mood) Page 1

Whole School Evaluation REPORT

Coimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission

A SOCIAL PORTRAIT OF OLDER PEOPLE IN IRELAND. Building an Inclusive Society

M emortj. Based in Spiddal since 1999, Dane-Elec Manufacturing is a subsidiary of Dane-Elec Memory which has its headquarters in Paris; France.

3.064 Integration with Physical Education

Quality Assurance Process Report. Prepared by the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht in compliance with the Public Spending Code

Foreword 4. Executive Summary 6. List of Tables 9. List of Figures 10. Introduction 13. Section 1 - Profile of the Population 14

St. Angela s College, Sligo

An Audit of Research on Early Childhood Care and Education in Ireland

Maynooth University. A Maynooth Education. Oideachas Mhá Nuad. Maynooth. University

National Retention Policy for Local Authority Records An Polasaí Náisiúnta Coinneála maidir le Taifid na núdarás Áitiúil

An Ghaeilge ó Lá go Lá. Irish Day by Day

A LONG TERM ECONOMIC PLAN TO KEEP THE RECOVERY GOING

Tithe an Oireachtais. An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Tuasascáil ón gcoiste maidir le Tuiliú. agus

Éire Sláintiúil CREAT LE HAGHAIDH SLÁINTE AGUS FOLLÁINE FHEABHSAITHE

Prayers # 1 # 2. Lord Jesus, come to me. Lord, Jesus, give me your love. Lord Jesus, come to me and give me yourself.

1. Leibhéal A lch Leibhéal B lch Leibhéal C lch 7

Coláiste Phádraig Droim Conrach Baile Átha Cliath 9. St Patrick s College Drumcondra, Dublin 9

Ceannródaíoch & i dteagmháil. Plean Straitéiseach

BUNREACHT NA héireann CONSTITUTION OF IRELAND

2013/2014. Mayo Campus Part-time Courses GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW

Modal verbs in English and Irish

The Council of Europe s European Language Portfolio. El Portfolio Europeo de Lenguas del Consejo Europeo de las Lenguas

An Bille um Chosaint Sealbhóirí Cuntais Morgáiste Cónaithe, 2014 Protection of Residential Mortgage Account Holders Bill 2014

An Siopa Gaeilge. Acmhainní Oideachais Education Resources. Oideas Gael, Gleann Cholm Cille Co. Dhún na ngall. Fón: Faics:

LAOIS HERITAGE PLAN

PROSPERITY NOT AUSTERITY

68 DÁIL ÉIREANN Tuesday, 10th October, p.m. ORDER OF BUSINESS

SCHOOL OF LAW POSTGRADUATE PROGRAMMES IN LAW SCOIL AN DLÍ

RIALTAS na héireann GOVERNMENT of IRELAND RÁITEAS I LEITH NA GAEILGE 2006

University College IADT - A Review of the New Zealand Driving Capacity programme

The Cork Main Drainage Scheme was funded by the Irish Government and part financed by the European Union under the National Development Plan

First Report of the Convention on the Constitution

Teachers Corner Financial Literacy

EXAMINATION SECTIONS IN DETAIL

95 SEANAD ÉIREANN 1623

Aithisg Bhliadhnail & Aithris nan Cunntasan Annual Report & Statement of Accounts

Dublin City University 2014 Undergraduate Prospectus. What Will You Do?

How To Teach A School Project

Adiós ríos adiós fontes. Traditional Arts Partnership Music Workshops Phoenix Rising Lá Mór na Gaelige. Big Irish Language Day

Garda Permits for Collections

Code of Practice. for Safety. at Indoor Concerts

Communicating: Learning experiences

The Civil Service Real Careers, Real Opportunities

Bachelor of Education Degree Course Subjects

An Bille Toghcháin (Leasú), 2015 Electoral (Amendment) Bill 2015

Postgraduate Prospectus

An Teachdaire Gaidhealach

The Irish Squirrel Survey

Cúrsaí Samhraidh Coláiste Mhuire gan Smál

I strongly urge providers of pre-school services to study and apply the guidance contained in this publication.

2014/2015 PROSPECTUS. GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW

COMHAIRLE CHONTAE DHUN NA ngall

LIFELONG LEARNING PROSPECTUS


Amharclann Smock Alley 10 Nollag. Smock Alley Theatre 10 December

Buntús na Gaeilge. Irish for Adult Learners. Barbara Hillers with Bettina Kimpton. Textbook for Celtic 132: Introduction to Modern Irish.

Bachelor of Education Degree 2013

BECOMING A BARRISTER APPROVED NON- LAW DEGREE APPROVED LAW DEGREE MATURE APPLICANTS KING S INNS DIPLOMA IN LEGAL STUDIES (2 YEARS PART-TIME)

Bachelor of Education in Education & Psychology Year One, Semester Two

Rebuilding. Reflections on the effects of acquired brain injuries, from survivors, their families and those who work with them.

Training teachers to use the European Language Portfolio

An Bille um Rialáil Iasachtóirí Airgid, 2013 Regulation of Moneylenders Bill 2013

Bachelor of Education Year Two, Semester Two Course Handbook Spring 2014

KART News. Dear R.E. Coordinator/Teacher/Chaplain,

Bachelor of Education Year One, Semester One

Castletroy College. Leaving Cert Examination Subjects. Information Booklet

phone. Thanks again for doing this and speak on Monday.

2. Summary of Findings and Recommendations for Further Development

Open days will take place on Friday 14th & Saturday 15th Glasnevin Campus Saturday 15th St Patrick s Campus

iadt + you Institute of Art, Design + Technology Dún Laoghaire Postgraduate + Professional Development Prospectus 2016 Art + Research Collaboration

St Patrick s Day 2010

NIGHT CLASSES 2015/16 NIGHT. of COMMERCE the bridge to your future CLASSES. the bridge to your future 2015/16

DÁIL ÉIREANN. Dé Céadaoin, 12 Nollaig, 2007 Wednesday, 12th December, RIAR NA hoibre ORDER PAPER

Visiting Student Academic Information Booklet

Transcription:

Áit Urnaí na Mac Léinn Míniú ar an gcarghas I rith an Charghais is féidir linn machnamh a dhéanamh ar ár saol féin agus ar an ngaol atá againn le Dia. I rith an Charghais is féidir linn machnamh a dhéanamh ar an bplean atá ag Dia don uile dhuine againn. Tugaimid chun cuimhne na bealaí inar thugamar neamhaird ar ghrá Dé agus ar an aire a thugann Sé dúinn. Rinne Íosa rud den saghas seo nuair a chuaigh Sé isteach san fhásach ar feadh 40 lá. Bhí cosaint agus soiléiriú á lorg Aige. Tá sé de nós againn rudaí a thabhairt suas i rith an Charghais. I rith an Charghais tugaimid ár ndúshlán athrú a dhéanamh inár saol laethúil le bheith i ngiorracht Dé, chomh mór agus is féidir. Glac leis an dúshlán atá romhainn ar fad mar phobal Dé i rith an Charghais seo, sé sin dul i ngleic leis an athrú aeráide! Bíonn tionchar ag an athrú aeráide in aghaidh an lae ar fud na cruinne ar dhaoine óga. D fhéadfadh nach mbeadh go leor uisce le hól acu, le héadaí a ní, le bia a ullmhú; nach mbeadh go leor le hithe acu toisc go bhfuil an talamh ró-thirim le go bhféadfadh a muintir barraí a fhás; seans go raibh orthu an baile a thréigeadh de bharr tuilte nó an adhaimsir a tharla de bharr an athraithe aeráide. Cuimhnigh air i rith an Charghais seo, go mbíonn tionchar ag an athrú aeráide orainn ar fad, ach ní ar an dóigh chéanna. Tá an t-ádh linne, muintir na héireann gur féidir linn déileáil le hathruithe aeráide, murab ionann agus tíortha eile an domhain. Bíonn Trócaire ag feidhmiú sa Phacastáin, sa Chéinia, sna Filipínigh, agus bíonn tionchar níos measa ag an athrú aeráide orthusan. Smaoinímis ar na daoine sin i rith an Charghais seo. Conas an Áis seo a Úsáid Tá píosa scrioptúir agus gníomhaíochtaí in aghaidh na seachtaine san áis seo don Charghas. Cuir deireadh leis an machnamh leis an iomann Tá an Domhan go hiomlán ar Dheaslámh Dé atá le sonrú ar an leathanach deiridh den áis seo. Treoraigh na mic léinn in urnaí in aghaidh na seachtaine agus iad ag rá i do dhiaidh: A Dhia ár nathair/gabhaimid buíochas leat/as an domhan/a chruthaigh tú dúinn Cabhraigh linn/ Aire maith a thabhairt/don uile bhua/a bhronn Tú orainn/amen Naisc Churaclaim Naisc leis an Réamhscoil Chaitliceach agus leis an gcuraclam Oideachas Reiligiúnach do Bhunscoileann Snáithe Snáithaonad Creideamh Críostaí Cruthú an Domhain Cruthaigh Dia an uile neach: an domhain, an duine, na réaltaí, na hainmhithe, na héin, na plandaí, na crainn Briathar Dé Scrioptúr Naofa Geineasas 1 2:3; cruthaíodh an domhan i gceann seacht lá Liotúirge agus Urnaí An Bhliain Liotúirgeach Is éard atá sa Charghas ná deis filleadh ar Dhia agus bheith ag súil leis an gcáisc. I rith an Charghais fásaimid agus athraímid le cumhacht na hurnaithe, leis an troscadh agus le déanamh déirce; caithimid am ag ullmhú don Cháisc; Cuimhnímid ar an mbaisteadh nó bímid ag ullmhú chuige (SC, 109) Moráltacht OCG i gcomhthéacs Is féidir liom cabhrú le daoine bochta, le daoine ocracha Chríostaí Críostaí Teagasc Sóisialta na heaglaise Is féidir liom aire a thabhairt don domhan agus meas a bheith agam ar a bhfuil ann. Tá dualgas orainn aire a thabhairt don timpeallacht. Iarrtar ar an chine dhaonna tiarnas a bheith acu ar gach ar chruthaigh Dia (Gein 1:26). Scéalta faoi na heagrais a thugann aire do na bochtáin Iarrtar ar an uile Chríostaí feidhmiú ar son an chirt, ar son na síochána ar domhan. REF: E6

Smaointe don Tionól Scoile A fhad is a bhíonn an scrioptúr á léamh agus á mheas agaibh, agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis, gearr agus ullmhaigh páipéar ciorclach agus tabhair ceann an duine do na daltaí. Spreag iad le léaráid ón scrioptúr a dhéanamh air. Cuir pictiúir in aghaidh na seachtaine le meirge mór an ranga. Bí ag plé leis an rang conas mar a thagann athrú ar na pictiúir in aghaidh na seachtaine. Bíodh tionól scoile ann roimh shaoire na Cásca. Cuir meirge mór an ranga os comhair na ranganna eile agus iarr ar na daltaí na sleachta scrioptúir a léamh. Cuir scéal Amos ó Chéinia in aithne dóibh. Mínigh an fáth atá le hathrú aeráide agus an tionchar atá aige ar Amos sa Chéinia. Can an t-amhrán Tá an Domhan go hiomlán ar Dheaslámh Dé atá ar chúl na hacmhainne. Déanaigí urnaí lena chéile. Smaointe faoi Liotúirge na bpáistí sa Pharóiste I rith bhigil na Cásca, Satharn na Seachtaine Móire, bíodh saothar na bpáistí le sonrú tríd síos i gceiliúradh an liotúirge. Is é scéal chruthú an domhain an sliocht ón Sean-Tiomna is túisce a chloisimid ag an gceiliúradh Eocairisteach seo. Ba mhaith an rud é go gcuirfeadh an scoil áitiúil nó grúpa Aifreann na dteaghlach/liotúirge na leanaí, Meirge Chruthú an Domhain os comhair an tslua ag an gceiliúradh speisialta seo, de réir mar atá mínithe thíos. Meirge Chruthú an Domhain Bíodh meirge mór bán ann, an chéad seachtain den Charghas. Is féidir cur leis an Meirge Chruthú an Domhain in aghaidh na seachtaine sa Charghas. Bheadh na pictiúir sheachtainiúla a chuirfeadh na daltaí ar an meirge bunaithe ar an méid a chuala siad ó scéal chruthú an domhain ó Geineasas (Gein 1:1-31, 2:1-4). Déan an meirge a chrochadh ar bhalla an ranga nó sa séipéal de réir mar a bhíonn gach cuid den scéal faoi chruthú an domhain i léaráidí agaibh. Mar Mhalairt D fhéadfaí na siombailí éagsúla a bhaineann le cruthú an domhain a thabhairt aníos de réir mar a léann ministir an Bhriathair an scrioptúr cuí i rith bhigil na Cásca, Satharn na Seachtaine Móire. Amos, Tharaka Nithi, An Chéinia Buachaill aon bhliain déag d aois is ea Amos. Cónaíonn sé lena mháthair Teresina agus lena dheartháir Antony atá níos sine ná é, in oirthear na Céinia. Is í an pheil an cluiche is ansa leis, agus is fearr leis an dearg ná aon dath eile. Taitníonn an scoil go mór leis agus buaileann sé le Charles, an cara is fearr atá aige ann. Éiríonn go maith leis ar scoil, is iad an Mata agus an Béarla na hábhair scoile is fearr leis. Is breá leis bheith ag léamh i ndiaidh am scoile. Grianghraf: Jeannie O Brien Fásann Amos agus a mhuintir glasraí ar an fheirm bheag atá acu. Itheann siad a ndóthain acu, agus cuireann an chuid eile ar díol ag an margadh le hairgead a thuilleamh. Le blianta beaga anuas, ní thagann an bháisteach in am tráth a thuilleadh, uaireanta ní bhíonn fearthainn ar bith ann. Tá sé ag éirí níos deacra na glasraí sin a fhás anois. B éigean do Dhaid dul i mbun oibre i mbaile atá i bhfad uathu, le hairgead a thuilleamh, agus bíonn Amos go mór ina dhiaidh. Bíonn gníomhaireacht chomhpháirtíochta Thrócaire darb ainm Caritas Meru ag obair le Amos, lena mhuintir agus leis na comharsana, le go mbeidh córas uiscithe acu, sé sin píobán ollmhór a thabharfaidh uisce trasna tíre chucu. Nuair a bhíonn an píobán réidh chuige, beidh uisce leis na barraí a fhás acu agus fillfidh Daid Amos ar an mbaile.

An Chéad Seachtain den Charghas Cur i Láthair: Abair leis na daltaí, Tá an-ocras orm ar maidin. Cén fáth nár ith mé mo bhricfeasta? Ba bhreá liom dá bhféadfainn mo shúile a dhúnadh, mo láimh a shíneadh amach, Bíodh banana ann a rá, agus go dtiocfadh banana isteach i mo láimh láithreach. Sín amach do láimh agus abair Bíodh banana ann i nguth údarásach. Lig ort go bhfuil ionadh ort nuair nach mbíonn dada dá bharr agat. Cuir ceist ar dhuine éigin a mhíniú daoibh cad atá cearr. Abair leo go gcabhróidh ceacht an lae inniu leo tuiscint a bheith acu ar an méid a tharla nuair a chruthaigh Dia an domhan. Scrioptúr: Geineasas 1:1-5 I dtús báire ní raibh talamh ná farraige, ná spéir ná ainmhí ar bith ann. Is ansin a labhair Dia sa dorchadas: Bíodh solas ann, ar Sé, agus chuir an solas an ruaig ar an dorchadas agus nocht spás gan teorainn. Is maith san!, arsa Dia, As seo amach tabharfar oíche ar an dorchadas, agus lá ar an tráth geal. Tháinig an tráthnóna agus d imigh an oíche léi, agus d fhill solas an lae. Ba é sin an chéad lá. 1 Sealaíocht Athchúrsála 1. Cad a bhí ann sular chruthaigh Dia neacha? 2. Cad iad na rudaí éagsúla a tharlaíonn i rith an lae nó i rith na hoíche? 3. Cén tionchar atá acusan orainn? Níl leictreachas ar bith i dteach Amos. Má thiteann an dorchadas sula mbíonn an obair bhaile déanta aige, bíonn lampa pairifín aige leis na leabhair a fheiceáil. Déan bac-chúrsa a chruthú le sraith boscaí bruscair in áit fhairsing nó taobh amuigh, agus bíodh bosca athchúrsála ag ceann na sraithe. Ritheann an chéad pháiste ar an fhoireann isteach is amach tríd an gcúrsa agus píosa bruscair le cur sa bhosca athchúrsála ag an duine sin, cuireann sa bhosca agus filleann ar an fhoireann ar an mbealach céanna. Tugann an chéad duine nod don dara dhuine dul agus an rud céanna a dhéanamh. D fhéadfadh daltaí níos sine dhá fhoireann a dhéanamh in iomaíocht lena chéile, agus sórtáil á dhéanamh acu ar an ábhar a bheadh le hathchúrsáil páipéar, plaisteach, alúmanam agus araile. Déan plé faoin mbealach ina gcabhraíonn glanadh agus athchúrsáil le domhan Dé. 1 An Dara Seachtain den Charghas Scrioptúr: Geineasas 1:6-8 Ar an dara lá, chruthaigh Dia an domhan, agus chroch sé spéir fhairsing ghorm go cúramach os a chionn. Sheas Sé siar agus chaith sé súil thaitneamhach air. Is maith san freisin! arsa Dia, agus cuireadh deireadh leis an dara lá. 2 2 Slata Boilgeog Is féidir slata boilgeog a dhéanamh as rudaí ar nós soip, réiteoirí píopa, nó crochadáin cótaí. Bíodh cóisir boilgeog agaibh faoin aer! Beidh spraoi agaibh, agus is féidir cuid mhaith a fhoghlaim maidir le gluaiseacht, treo na gaoithe, aer. Abair leis na daltaí na boilgeoga a thabhairt faoi deara agus iad ag éirí sa spéir. Seasaidís siar agus súil thaitneamhach á chaitheamh acu ar na rudaí a rinneadar, díreach mar a rinne Dia sa scrioptúr a chuala siad roimhe sin. 1. Cén fáth a mbíonn dath gorm ar an spéir? 2. Cad iad na rudaí éagsúla atá le tabhairt faoi deara sa spéir? 3. An dtagann athrú cló ar an spéir riamh? Bíonn Amos ag faire na spéartha ag súil le báisteach. Ní thagann an bháisteach ar feadh tamall fada, uaireanta, agus bíonn triomach ann. Amanna eile titeann an iomarca báistí agus bíonn tuilte móra san áit.

An Tríú Seachtain den Charghas Scrioptúr: Geineasas 1:9-13 An mhaidin ina dhiaidh sin, bhreathnaigh Dia thart agus cheap sé gur mhaith an rud é eagar níos fearr a chur ar an domhan. Mar sin chuir sé na huiscí in áit amháin, agus an talamh tirim in áit eile. Nuair a bhí críochnaithe aige, chruthaigh sé na plandaí leis an talamh a chlúdach. Bhí lus an chromchinn agus an caisearbhán le sonrú, agus thosaigh na féara agus na crainn éagsúla ag fás. Mheas Dia go raibh cruth álainn ar chách, agus tháinig deireadh leis an tríú lá. 3 Cuir Crann ag Fás Is bealach álainn é seo le ceacht a mhúineadh do na daltaí maidir leis an timpeallacht. Cuirfidh an crann ocsaigin ar fáil, glanfaidh carbóin den aer, beidh dídean agus bia ann do na héin, d ainmhithe, don uile mhiocrorgánach! 1. Conas mar a bhainimid úsáid as an talamh? 2. Cén maitheas a dhéanann na plandaí ar domhan? 3. Cén planda is ansa leatsa, agus cén fáth? 3 Fásann Amos agus a mhuintir muiléad, pónairí glasa, piseanna bó agus sorghum ar an fheirm bheag. An Ceathrú Seachtain den Charghas Scrioptúr: Geineasas 1:14-19 Ar an gceathrú lá, bhí Dia ag breathnú thart agus mheas Sé go raibh breis oibre le déanamh ó thaobh solais de, agus go raibh an oíche ró-dhorcha. Dá bhrí sin chruthaigh Sé an ghrian leis an spéir a lasadh i rith an lae, agus an ghealach agus na réaltaí le drithliú a chur san oíche. Chroch Sé sa spéir iad, agus thug sracfhéachaint ar A chuid saothair. Tá ag éirí go breá le cúrsaí, arsa Dia. 4 Amharc ar Fhíseán Bí ag breathnú ar bheochan Thrócaire Míniú ar an Athrú Aeráide. Lean an bheach CJ agus foghlaim faoin timthriall carbóin agus faoin mbealach ina bhfuil atmaisféar an domhain ag tiúchan. Tá tionchar ar an aeráid dá bharr, agus ar phobal an domhain. Téigh chuig: trocaire.org/education/lent2016 le breis eolais a fháil. 4 1. Conas a mhothaíonn tusa nuair a bhíonn an dorchadas ann? 2. Cén tábhacht a bhaineann leis an ngrian i leith an domhain? 3. Cén fáth nach bhfuil na réaltaí le sonrú i rith an lae? Tá difríocht ama ann ó Éirinn go Céinia. Amanna agus Amos ag breathnú in airde ar na réaltaí istoíche, feiceann muidne an ghrian go hard sa spéir.

An Cúigiú Seachtain den Charghas Scrioptúr: Geineasas 1:20-23 Ar an lá dár gcionn, dhírigh Dia aire ar an uisce a bhí istigh sna farraigí. Ba mhaith leis go mbeadh na mara lán de chréatúir. Chomh luath agus a smaoinigh Sé ar a leithéid, tharla sé. I bpreab na súl bhí éisc bheaga ag scinneadh tríd an uisce éadomhain, agus míolta móra ag snámh sna haigéin. Chruthaigh Dia na héin chomh maith. Chuir sé ag eitilt tríd an aer iad. Á is breá liom san! arsa Dia. Thit clapsholas thar uisce, agus dhubhaigh an spéir, agus tháinig deireadh leis an gcúigiú lá. 5 5 Ná Cuir Uisce Amú Tabhair gabhdán oscailte dobhriste lán d uisce do gach aon fhoireann. Bíodh na gabhdáin den toise céanna, agus iad lán go barr (seachas i gcás na bpáistí réamhscolaíochta). Bíodh tús agus deireadh soiléir ann. Nuair a chloistear an t-ordú tosaithe ritheann daoine chun an líne dheiridh a thrasnú, filleann siad ar an tosach agus tugann an gabhdán don chéad duine eile ar an bhfoireann. Ag an deireadh, is í an fhoireann leis an méid is mó uisce fágtha sa ghabhdán a bheireann an bua leo. Bíodh comhrá ann faoi na bealaí ina gcuirimid uisce amú, agus faoi conas a d fhéadfaí an scéal sin a leigheas. Is luachmhar an t-earra é uisce! 1. Conas a bhainimid úsáid as uisce sa ghnáthshaol? 2. Cad iad na deacrachtaí a bheadh ag duine a bhí gan uisce? 3. Cé fáth a ngearraimid Fíor na Croise orainn féin agus muid ag dul isteach sa séipéal? Nuair a ghearraimid Fíor na Croise orainn féin, cuireann sé an Baisteadh i gcuimhne dúinn. Glanann an t-uisce coisricthe sinn, agus athnuann sé sinn, agus athmhúsclaíonn muid ar an aistear Críostaí. Is comhartha é Fíor na Croise a chuireann in iúl gur duine de lucht leanta Chríost sinn! An Séú Seachtain den Charghas Scrioptúr: Geineasas 1:24-31; 2:1-4 Ar an séú lá, chuir Dia na créatúir ar talamh. Chruthaigh sé na leoin is na tíogair is na beithreacha. Chruthaigh sé na caoirigh is na ba is na coiníní. Chuir sé an seangán is an séabra ag cónaí ann. Mar sin féin, bhí rud éigin in easnamh, agus dá bhrí sin chruthaigh Dia an duine le taitneamh a bhaint as an saol a bhí cruthaithe Aige, agus aire a thabhairt dó. Bhreathnaigh Dia anuas ar a shaothar agus bhain sé sásamh as. Tar éis Dó sé lá a chaitheamh chuige, bhí an chruinne ché tógtha aige. Ghlac Dia sos deas fada dó féin ar an seachtú lá, agus bhain taitneamh as an radharc a bhí os A chomhair. Bheannaigh Sé an seachtú lá mar lá saoire ar leith, toisc go raibh obair an chruthaithe ar fad críochnaithe faoin am sin. 6 Málaí Páipéir 6 Sula dtarlaíonn seisiún na seachtaine seo, tabhair cuairt ar shiopa áitiúil agus tú ag lorg bronntanas de bheart málaí páipéir ón mbainistíocht. An mbeadh an bainisteoir féin sásta na málaí a chur ar taispeáint, nó iad a dháileadh ar chustaiméirí nuair a mhaisíonn na daltaí iad le teachtaireachtaí a bheadh báúil don domhan orthu? Déan plé faoin mbealach ina mbainimid úsáid as málaí nó fillteáin phlaisteacha, agus faoi dhramhaíl phlaisteach bheith ag cur isteach ar an timpeallacht. Déan ransú smaointe leis na daltaí ar liosta mór bealaí ina bhféadfaí cabhrú leis an timpeallacht. Cuir marcóirí nó criáin ar fáil dóibh leis na smaointe/teachtaireachtaí a chur ar na málaí. Bain úsáid as pictiúir, sluáin agus araile. 1. Chruthaigh Dia an chine dhaonna le haire a thabhairt don timpeallacht, do na hainmhithe, don domhan uile. An dóigh libh go bhfuil jab maith á dhéanamh againn? 2. Ar tharla riamh nár thug tú féin aire mhaith don domhan, de réir mar a lorg Dia uainn? 3. Conas is féidir linn an domhan a chaomhnú le go mbainfimis taitneamh níos fearr as? Ainmníodh Amos i ndiaidh an fháidh Amos. Labhair an fáidh Amos amach maidir le ceartas agus cothroime a bheith ann idir lucht an rachmais agus na bochtáin.

Amhrán le Canadh: Tá an Domhan go hiomlán ar Dheaslámh Dé Bain úsáid as an bhfonn: He s Got the Whole World in His Hands Tá an domhan go hiomlán, ar dheaslámh Dé [trí huaire] Tá an domhan ar dheaslámh Dé. Smaoineoidh na daltaí ar fhrásaí eile: Tá an ré is na réaltaí ar dheaslámh Dé [trí huaire] Tá an domhan ar dheaslámh Dé Frásaí eile a bheadh oiriúnach: Tá an ghrian is spéir, ar dheaslámh Dé Tá an abhainn is an sruthán Tá an tuath is an baile Tá an choill is na crainn Tá na cnoic is na sléibhte Tá an crann úll álainn Tá an taigéan Atlantach Do Na Múinteoirí! Míníonn an tábla thíos na naisc atá ann idir Athrú Aeráide, Ceartas Aeráide 2 (Áis Oideachais don Charghas 2016) agus Áit Urnaí na Mac Léinn agus na cláir Grow in Love agus Beo go Deo. Grow in Love Beo Go Deo Téama Ceacht Ceacht Teideal Grow in Love, Naíonáin Shóisearacha 2. An Domhan Grow in Love, Naíonáin Shóisearacha 8. Uisce Grow in Love, Naíonáin Shinsearacha 1. An Domhan 3: Tugaimid aire don domhan 1: Is iontach an rud é uisce! 1: Iarrann Dia orainn aire a thabhairt don domhan Beo go Deo 3 Téarma 1, Ceacht 7 Beo go Deo 5 Téarma 2, Ceacht 7 Beo go Deo 6 Téarma 1, Ceacht 1 Beo go Deo 6 Téarma 1, Ceacht 4 In aimsir Íosa (seachtain 1) Póstaer Tugann Grá Dé cabhair dúinne, grá a thabhairt don domhan I measc Chruthú Domhain Dé Tugann San Proinsias aire don Domhan Beo go Deo 8 Maidir le Cruthú an Domhain Téarma 1, Ceacht 2 Beo go Deo 8 Ceartas Ríocht Dé Téarma 3, Ceacht 5 Beo go Deo 8 Éiceolaíocht Ríocht Dé Téarma 3, Ceacht 7