TUAIRISC AR CHÁILÍOCHT NA FOGHLAMA AGUS AN TEAGAISC SA GHAEILGE TUAIRISC CHIGIREACHT ÁBHAIR
|
|
- Jeffrey Benjamin Singleton
- 7 years ago
- Views:
Transcription
1 An Roinn Oideachais agus Scileanna Cigireacht Ábhair ar an ngaeilge TUAIRISC Coláiste Éamonn Rís Loch Garman Uimhir Rolla: 63640R Dáta na cigireachta: 11 Deireadh Fómhair 2010
2 TUAIRISC AR CHÁILÍOCHT NA FOGHLAMA AGUS AN TEAGAISC SA GHAEILGE TUAIRISC CHIGIREACHT ÁBHAIR Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i gcoláiste Éamonn Rís, Loch Garman. Leagann sé amach tátail na meastóireachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus tá freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo. SOLÁTHAR AN ÁBHAIR AGUS TACAÍOCHT NA SCOILE UILE Ranganna ilchumais mheasctha a bhíonn i gceist don Ghaeilge sa chéad bhliain i gcoláiste Éamonn Rís. Roinntear na scoláirí ag tús na dara bliana, bunaithe ar thorthaí scrúduithe samhraidh na céadhbliana, idir dhá rang ardleibhéil agus trí rang ilchumais mheasctha. Titeann líon na ranganna ardleibhéil go rang amháin sa tríú bliain agus arís is ranganna ilchumais mheasctha iad na ranganna eile ach glactar leis go ndéanfaidh formhór na scoláirí sna ranganna sin an Ghaeilge ag an ngnáthleibhéal i scrúduithe an Teastais Shóisearaigh. Tá an Idirbhliain roghnach sa scoil agus bíonn rang measctha amháin ann. Rang amháin ardleibhéil a bhíonn ann sa chúigiú agus sa séú bliain agus trí rang gnáthleibhéil. Moltar do na múinteoirí Gaeilge agus do bhainistíocht na scoile díriú ar líon na scoláirí i mbun an ardleibhéil Gaeilge sna scrúduithe stáit a mhéadú go suntasach, mar ábhar práinne. Tá an soláthar don Ghaeilge ar thráthchlár na scoile thar a bheith sásúil le cúig thréimhse do gach bhliainghrúpa sa scoil, an Idirbhliain san áireamh. Seachtar múinteoir atá i mbun mhúineadh na Gaeilge sa scoil faoi láthair. Is céimithe sa Ghaeilge iad ceathrar acu agus tá an Ghaeilge déanta ag an triúr eile sa chéad bhliain den chéim. Is ar bhonn leanúnachais a dháiltear na ranganna Gaeilge ar mhúinteoirí. Moltar go mbeadh deis acu siúd atá cáilithe go hiomlán na leibhéil agus na haoisghrúpaí go léir a mhúineadh. Tá díolúine ón ngaeilge ag caoga cúig scoláire sa scoil as an gcúig chéad caoga sé scoláire sa scoil ina hiomláine. Scoláirí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu is cúis le fiche sé dhíolúine agus scoláirí a tháing ón iasacht is cúis leis an bhfiche naoi ndíolúine eile. Tá cúpla scoláire a bhfuil díolúine acu ón ngaeilge ag déanamh staidéar ar an teanga agus tugtar gach tacaíocht dóibh. Moltar an cur chuige seo. Déantar iarrachtaí inmholta sa scoil taithí na scoláirí ar an ngaeilge mar theanga bheo a leathnú agus a fhorbairt trí eagrú ócáidí le linn Sheachtain na Gaeilge, mar shampla, toraíocht aisce, tráth na gceist, comórtas póstaer agus cluichí gaelacha. Eagraítear imeachtaí sa rang Gaeilge do na ranganna sinsir le linn na seachtaine sin. Glacann an scoil páirt i dtráth na gceist, eagraithe go 2
3 háitiúil ag Feachtas, eagraíocht ógchlubanna Gaeilge. Déantar iarracht freisin seomra na Gaeltachta a chur ar fáil do na scoláirí uair sa tseachtain áit ar féidir leo teacht le chéile go neamhfhoirmeálta chun an teanga a labhairt. Tuairiscíodh go mbíonn éagsúlacht mhór sa bhfreastal ag amanna éagsúla den bhliain. Moltar féachaint ar na féidearthachtaí a bhainfeadh leis an seomra a oscailt d aoisghrúpa amhain ag an am. Sa tslí seo tá seans ann go dtiocfadh níos mó scoláirí ar bhonn rialta, cé nach mbeadh teacht acu air ach uair sa choicís nó uair gach trí seachtainí. Moltar iarrachtaí na múinteoirí i leith chlár eischuraclaim agus comhchuraclaim a chur ar fáil do na scoláirí. Moltar, áfach, tógaint ar an obair sin agus clár spreagúil tarraingteach a chur le chéile don scoilbhliain go léir. Tugadh roinnt moltaí agus smaointí don fhoireann le linn na cigireachta ar ócáidí agus imeachtaí a d fhéadfaí a eagrú. PLEANÁIL AGUS ULLMHÚCHÁN Tagann na múinteoirí le chéile mar ghrúpa uair sa téarma. Léiríonn miontuairiscí na roinne Gaeilge gurb iad na hábhair seo a leanas is mó a pléadh ag na cruinnithe le cúpla bliain anuas: téacsleabhair, scrúduithe comónta, Seachtain na Gaeilge, Seomra na Gaeilge, scoláireachtaí agus cúrsaí pleanála i gcoitinne. Aimnítear duine de na múinteoirí mar chomhordaitheoir ar phleanáil do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge agus is ar bhonn uainíochta a tharlóidh sé seo feasta. Moltar an cleachtas seo go mór toisc go gcinntíonn sé go dtugtar deis do gach múinteoir ról ceannródaíoch a ghlacadh i leith chomhordú cúrsaí pleanála don Ghaeilge agus cur chun cinn na teanga sa scoil i gcoitinne. Moltar go nglacfadh an comhordaitheoir an cúram seo air féin ar feadh tréimhse dhá bhliain ar mhaithe le leanúnachas a chinntiú. Cuireadh plean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge ar fáil ar lá na cigireachta. Cuimsíonn an plean eolas ginearálta maidir le roinn na Gaeilge, mar shampla, leagan amach na ranganna, tráthchlár agus dáileadh scoláirí ar ranganna éagsúla. Cuireadh scéimeanna oibre ar fáil chomh maith mar chuid den phlean, do na bliainghrúpaí agus do na leibhéil dhifriúla. Moltar an méid oibre a rinneadh go dáta ar an bplean agus moltar an leagan amach. Moltar, áfach, níos mó spáis a fhágaint do na bliainghrúpaí éagsúla agus cur leis an méid eolais atá sna scéimeanna oibre de réir a chéile. Mar shampla, moltar go ndéanfaí idirdhealú ar an ábhar sa cholún obair ranga faoi na teidil, modheolaíochtaí agus acmhainní le húsáid sa rang. Ba cheart go ndéanfaí tagairt freisin d úsáid theicneolaíocht faisnéise agus na cumarsáide (TFC) mar áis do mhúineadh agus foghlaim na teanga. Moltar freisin go mbeadh an leagan amach céanna ar na scéimeanna oibre don chúigiú agus don séú bliain is atá ar an scéimeanna don tsraith shóisearach. Cuireadh plean ar fáil freisin ar lá na cigireachta do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge san Idirbhliain. Moltar an obair a rinneadh go dáta ar an bplean don Idirbhliain. Tá cuma spéisiúil tarraingteach ar an bplean ach tá easpa sonraí ann maidir le leagan amach na hoibre ó mhí go mí. Moltar go gcuirfí plean níos cuimsithí ar fáil le heolas beacht ar an méid a bheidh ar siúl ag na scoláirí agus na modhanna múinte idirghníomhacha a úsáidfear chun deiseanna cainte a sholáthar dóibh sa sprioctheanga. Rinneadh pleanáil chúramach do na ranganna a breathnaíodh. Scaipeadh nótaí agus bileoga oibre ar na scoláirí le linn na gceachtanna. TEAGASC AGUS FOGHLAIM Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chumarsáide réasúnta maith sna ranganna a breathnaíodh. Breathnaíodh go leor cásanna áfach, inar baineadh úsáid as an 3
4 astriúchán ó Ghaeilge go Béarla, chun tuiscint na scoláirí ar ábhar an cheachta a chinntiú, nuair nach raibh aon ghá leis. I gcásanna eile bhí na múinteoirí ar a ndícheall chun úsáid an aistriúcháin a sheachaint agus baineadh úsáid as réimse seifteanna d fhonn a chinntiú gur thuig na scoláirí an obair idir lámha. Moltar do na múinteoirí Gaeilge polasaí a aontú i leith úsaid na sprioctheanga sa seomra ranga i gcoitinne agus go mbeadh tagairt ann i leith úsáid an aistriúcháin. Is beag deiseanna a bhíonn ag roinnt mhaith scoláirí an teanga a chloisteáil agus is den riachtanas é go mbeadh an sprioctheanga le cloisteáil le linn na gceachtanna Gaeilge. Ba léir le linn na cigireachta go raibh fadhbanna ag na múinteoirí Gaeilge féin le cruinneas na teanga agus rinneadh go leor botún le linn na gceachtanna. Is é an áis teanga is mó in aon cheacht teanga ná inniúlacht an mhúinteora féin. Moltar do na múinteoirí Gaeilge aghaidh a thabhairt ar an gceist seo mar ábhar práinne. Baineadh úsáid as straitéisí fónta le linn roinnt ceachtanna á breathnaíodh, chun scoláirí a spreagadh leis an sprioctheanga a labhairt sa rang. Baineadh úsáid as obair bheirte agus cluichí agus moltar an cur chuige seo. Ní mór a chinntiú áfach, go mbíonn sé mar thoradh ar na gníomhaíochtaí seo go mbíonn ar na scoláirí cumarsáid a dhéanamh lena chéile sa sprioctheanga. Go ginearálta, áfach, braitheadh nár tugadh dótháin deiseanna cainte do na scoláirí sa sprioctheanga le linn na gceachtanna. Moltar go mbeadh obair bheirte, obair i ngrúpaí, ról-imirt agus cluichí teanga ar siúl go rialta le linn na gceachtanna Gaeilge. Moltar an bealach ar múineadh dán i gcás amháin a breathnaíodh, áit ar léadh dán eile amach do scoláirí ionas go bhféadfaidís an dá dhán a chur i gcomparáid lena chéile. Is dea-chleachtas é píosaí litríochta a cheangail le gnéithe den litríocht ar chúrsa na Gaeilge nó an Bhéarla. Cabhraíonn sé le téamaí an dáin, caractair éagsúla agus coincheapa teibí a chur i gcomhthéacs do scoláirí. Is beag áiseanna ar baineadh úsáid astu le linn na gceachtanna lasmuigh den téacsleabhar agus roinnt bileoga oibre. Moltar do na múinteoirí úsáid a bhaint as réimse i bhfad níos leithne áiseanna agus acmhainní sna ceachtanna Gaeilge chun ábhar na gceachtanna a dhéanamh spéisiúil agus ábharach do scoláirí agus chun an litíocht a chur i gcomhthéacs comhaimseartha dóibh. Moltar úsáid a bhaint as scannáin, cláracha teilifíse, ceol, grianghraif, póstaeir, podchraoltaí agus TFC chun suim na scoláirí in ábhar an cheachta a mhúscailt agus a chothú. Shiúil na múinteoirí timpeall na seomraí ranga ag caint le scoláirí, ag ceartú a gcuid oibre agus ag cinntiú go raibh an obair á cur i gcrích. Tugadh moladh leanúnach do scoláirí a raibh iarracht ar siúl acu sa rang agus bhí cúrsaí araíonachta go maith ar an iomlán. Bhí éagsúlacht mhaith ghníomhaíochtaí le breathnú i bhformhór na gceachtanna a breathnaíodh agus moltar é sin mar dhea-chleachtas. Tá sé tábhachtach go mbeadh éagsúlacht tascanna agus ghníomhaíochtaí mar chuid de na ranganna chun suim na scoláirí a choimeád. Baineadh úsáid éifeachtach as an gclár bán chun foclóir nua agus freagraí ar cheisteanna a léiriú. Moltar go mbeadh foclóirí ar fáil sna seomraí ranga agus go dtaispeánfaí do na scoláirí conas an suíomh idirlín a úsáid nuair a thagann feabhas ar áiseanna TFC na scoile. MEASÚNÚ Eagraítear scrúduithe inscoile faoi dhó sa bhliain, ag an Nollag agus sa samhradh. Cuirtear tuairiscí chuig na tuismitheoirí i ndiaidh na scrúduithe seo. Chomh maith leis sin coimeádtar teagmháil le tuismitheoirí trí scrúduithe ranga roimh an dá bhriseadh lárthéarma, tríd an dialann obair bhaile agus trí chruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí. Eagraítear scrúduithe comónta sa Ghaeilge nuair is cuí agus moltar an cur chuige sin. 4
5 Reáchtáiltear bréag scrúduithe béil don chúigiú agus don séú bliain agus cuirtear scrúdú ar scoláirí na hidirbhliana chun an Fáinne a fháil. Moltar iarrachtaí na múinteoirí i leith an mheasúnaithe seo ach is gá go ndéanfaí measúnú ar scileanna cumarsáide na scoláirí léir sa Ghaeilge. Moltar go dtosófaí ag cur scrúduithe béil ar gach bliainghrúpa ón gcéad bhliain ar aghaidh agus go léireofaí torthaí an scrúdaithe sin mar mhír ann féin sna tuairiscí a chuirtear chuig tuismitheoirí. Moltar freisin go gcuirfí tuismitheoirí na scoile ar an eolas go foirmeálta faoi na hathruithe atá le teacht ar na scrúduithe stáit sa Ghaeilge agus an bhéim bhreise a leagfar ar scileanna cumarsáide sa teanga. Tuairiscíodh go dtéann líon áirithe scoláirí chun na Gaeltachta gach bliain ach ní raibh aon fhigiúr cinnte ar fáil ar lá na cigireachta. Bíonn ceithre pháirt-scoláireachtaí le bronnadh ar scoláirí sa scoil gach bliain agus is tacaíocht iontach é sin don teanga sa scoil. Moltar go gcuirfí scoláirí agus a dtuismitheoirí ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le tréimhse a chaitheamh ar chúrsa Gaeilge le linn an tsamhraidh. Moltar go gcuirfí eolas ar fáil faoi chúrsaí a bhíonn ar fáil sa réigiún agus iad siúd níos faide ó bhaile sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile. Ba léir ó na cóipleabhair a breathnaíodh go dtugtar obair bhaile sa Ghaeilge go rialta. Bhí éagsúlacht chleachtais i bhfeidhm áfach, maidir le ceartúchán na gcóipleabhar. Bhí cuid de na cóipleabhair ceartaithe go cúramach le tagairtí d fhiúntas na hoibre agus marc nó grád orthu. Bhí na ceartúcháin ar chuid de na cóipleabhair a breathnaíodh easnamhach sa mhéid is nach raibh na botúin ghramadaí ceartaithe go cúramach. Moltar go n-aontódh na múinteoirí Gaeilge ar chóras ceartúcháin a thabharfadh aiseolas do na scoláirí ar chaighdeán a gcuid oibre agus a chabródh leo foghlaim óna gcuid botún. Tá an líon scoláirí a thógann an ardleibhéal sna scrúduithe stáit níos ísle ná mar a bheifeá ag súil leis ach tháinig feabhas ar na huimheacha sin an bhliain seo caite agus moltar iarracht a dhéanamh an pátrún sin a chothú. Léiríonn na torthaí sa ghnáthleibhéal sna scrúduithe stáit go bhféadfadh níos mó scoláirí tabhairt faoin ardleibhéal. ACHOIMRE AR NA PRÍOMHCHINNTÍ AGUS MOLTAÍ Is iad seo a leanas na príomh-chinntí ag eascair as an meastóireacht: Tá an soláthar don Ghaeilge ar thráthchlár na scoile thar a bheith sásúil. Moltar iarrachtaí na múinteoirí chun taithí na scoláirí ar an ngaeilge mar theanga bheo a leathnú lasmuigh den seomra ranga. Moltar an méid oibre a rinneadh go dáta ar phleanáil do mhúineadh agus foghaim na Gaeilge. Rinneadh iarrachtaí fónta i bhformhór na ranganna a breathnaíodh an Ghaeilge a úsáid mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chaidrimh. Bhí éagsúlacht ghníomhaíochtaí i bhformhór mór na ranganna a breathnaíodh agus bhí luas maith leis na ceachtanna dá bharr. Moltar obair na múinteoirí i leith scrúduithe comónta a eagrú do na bliainghrúpaí agus na leibhéil chuí. 5
6 Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: Moltar an clár imeachtaí gaelacha a fhorbairt agus clár eischuraclaim agus traschuraclaim a chur le chéile a leanfadh i rith na scoilbhliana. Moltar an plean do mhúineadh agus foghaim na Gaeilge a fhorbairt agus tuilleadh sonraí a chur ann maidir le modheolaíochtaí agus áiseanna agus go leagfaí béim ar leith ar úsáid TFC. Is gá go ndíreodh foireann na Gaeilge ar a gcuid cruinnis féin sa chaint ach go háirithe. Moltar go mbainfí úsáid as réimse níos leithne áiseanna agus acmhainní le linn mhúineadh na teanga. Moltar go gcuirfí scrúdú béil foirmeálta ar na scoláirí ar fad sa scoil ón gcéad bhliain ar aghaidh. Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí. Foilsithe Deireadh Fómhair
7 Aguisín Freagra na scoile ar an tuairisc Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta Réimse 1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile The Board of Management welcomes the comprehensive review of the quality of learning and teaching of Irish in Coláiste Éamonn Rís. The many positive findings in the report were noted and the Board will endeavour to build on these strengths. It will also put an implementation plan in place for the recommendations in the report. Réimse 2: Gníómhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur I bhfeidhm Since the inspection twelve months ago much has happened to enhance the teaching and learning of Irish in the school. A sub-committee has been set up as part of the school development planning process for the promotion of the Irish language in the school. The school s ICT facilities have been greatly enhanced and three teachers have attended in-service on ICT and the teaching of Irish. Oral exams have been introduced for all year groups. The numbers opting for Higher Level at Junior Certificate level continues to grow. Two of the teachers attended summer courses in the Gaeltacht. The Board intends to put supports in place to facilitate the further upskilling of the Irish teachers in the school. Gaeltacht scholarships will be offered to a number of students in the school year. 7
REPORT INFORMATION ON THE INSPECTION ON THE QUALITY OF LEARNING AND TEACHING IN MUSIC
An Roinn Oideachais agus Scileanna Department of Education and Skills Subject Inspection of Music REPORT Coláiste Eoin Stillorgan, County Dublin Roll number: 60041D Date of inspection: 23 November 2011
More informationPacáiste um Thaighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas. Togra le haghaidh. RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA heorpa AGUS ÓN gcomhairle
AN COIMISIÚN EORPACH An Bhruiséil XXX [ ](211) XXX 211/394 (COD) Pacáiste um Thaighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA heorpa AGUS ÓN gcomhairle lena mbunaítear
More informationREGISTER OF ELECTORS. An Garda Síochána Registration of Garda Síochána as Postal Voters
Form Version: 08/2015 REGISTER OF ELECTORS An Garda Síochána Registration of Garda Síochána as Postal Voters RFB Under section 14(a) of the Electoral Act, 1992, a member of the Garda Síochána may apply
More informationEochairfhocail. www.youtube.com/watch?v=iyv4buwyta0
Eochairfhocail TRÓCAIRE IUBHAILE GRÁSTA SAOIRSE GÉARLEANÚINT LÁ FHÉILE MUIRE GAN SMÁL AN DARA COMHAIRLE ÉACÚIMÉINEACH VATACÁNACH AITHRÍOCH SOILÉIRÍONN COMHBHÁ COISRIC UNGADH Réamhrá Rinne an Pápa Proinsias
More informationCOMHDHÁIL IDIRNÁISIÚNTA AR CHEARTA TEANGA INTERNATIONAL CONFERENCE ON LANGUAGE RIGHTS
E M AM R OG Comhdhála R P na CE EN Clár ER NF O C COMHDHÁIL IDIRNÁISIÚNTA AR CHEARTA TEANGA INTERNATIONAL CONFERENCE ON LANGUAGE RIGHTS Déardaoin an 23 agus Dé haoine an 24 Bealtaine 2013 Thursday 23rd
More informationLanguage and Literacy in Irish-medium Primary Schools. Report on the Consultation and Seminar
Language and Literacy in Irish-medium Primary Schools Report on the Consultation and Seminar 2 Contents Introduction 5 Section 1: Report on the Consultation 7 Overview of consultation 7 Findings 10 Policy
More informationWhole School Evaluation REPORT
An Roinn Oideachais agus Scileanna Department of Education and Skills Whole School Evaluation REPORT Belcarra National School Castlebar, Co. Mayo Uimhir rolla: 17585C Date of inspection: 19 September 2013
More informationCollege of Arts, Social Sciences, and Celtic Studies
27 College of Arts, Social Sciences, and Celtic Studies At NUI Galway, we equip our students to become free-thinking, active citizens with the skills to critique and re-shape society s values and institutions
More informationTWENTY-EIGHTH AMENDMENT OF THE CONSTITUTION (TREATY OF LISBON) BILL 2009. As initiated ARRANGEMENT OF SECTIONS. SCHEDULE Part 1 Part 2
TWENTY-EIGHTH AMENDMENT OF THE CONSTITUTION (TREATY OF LISBON) BILL 2009 As initiated ARRANGEMENT OF SECTIONS Section 1. Amendment of Article 29 of Constitution. 2. Citation. SCHEDULE Part 1 Part 2 [No.
More informationColáiste Phádraig Droim Conrach Baile Átha Cliath 9. St Patrick s College Drumcondra, Dublin 9
Coláiste Phádraig Droim Conrach Baile Átha Cliath 9 St Patrick s College Drumcondra, Dublin 9 Bachelor of Education Degree An Chéim Baitsiléir Oideachais 2012-2013 COLÁISTE PHÁDRAIG, DROIM CONRACH, BAILE
More informationCoimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission. Leaving Certificate Examination 2011. Result Appeal Process
Coimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission Leaving Certificate Examination 2011 Result Appeal Process Introduction Leaving Certificate Examination 2011 Before the start of the written
More information2. Summary of Findings and Recommendations for Further Development
An Roinn Oideachais agus Scileanna Department of Education and Skills Whole School Evaluation REPORT St. Agnes Primary School Crumlin, Dublin 12 Uimhir rolla: 20014W Date of inspection: 20 January 2011
More informationLearning and developing through interactions
Learning and developing through interactions Introduction Relationships are at the very heart of early learning and development. Through their early interactions babies learn to feel secure, to communicate,
More informationGaelscoil Thaobh na Coille
Meitheamh 2014 N U A C H T L I T I R Gaelscoil Thaobh na Coille 16/06/2014 San eagrán seo: Inside this issue: Craobh Iománaíochta Hurling Final 1 Buíochas í Chroí A Heartfelt Thanks 2 Gaelcholáiste an
More informationÁit Urnaí na Mac Léinn
Áit Urnaí na Mac Léinn Míniú ar an gcarghas I rith an Charghais is féidir linn machnamh a dhéanamh ar ár saol féin agus ar an ngaol atá againn le Dia. I rith an Charghais is féidir linn machnamh a dhéanamh
More informationSt. Angela s College, Sligo
St. Angela s College, Sligo A College of the National University of Ireland, Galway Undergraduate Summary Prospectus 2016 Open Day 2015 Thursday 22nd October www.stangelas.nuigalway.ie St. Angela s College,
More informationMaynooth University. A Maynooth Education. Oideachas Mhá Nuad. Maynooth. University
Oideachas Mhá Nuad A Maynooth Education Maynooth University 2 A Maynooth Education: Reimagining the University Experience Maynooth University is a proudly modern university which draws on a heritage of
More informationQuality Assurance Process. 2014 Report. Prepared by the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht in compliance with the Public Spending Code
Quality Assurance Process 2014 Report Prepared by the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht in compliance with the Public Spending Code October 2015 Certification This Quality Assurance Report
More informationRIALTAS na héireann GOVERNMENT of IRELAND RÁITEAS I LEITH NA GAEILGE 2006
RIALTAS na héireann GOVERNMENT of IRELAND RÁITEAS I LEITH NA GAEILGE 2006 STATEMENT ON THE IRISH LANGUAGE 2006 CLÁR CONTENTS RÉAMHRÁ 04 PREAMBLE FÍS 06 VISION COMHTHÉACS 10 CONTEXT CUSPÓIRÍ 12 OBJECTIVES
More informationCoimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission
M92A Uimhir Scrúdaithe Examination Number Coimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission SCRÚDÚ NA hardteistiméireachta, 2006 LEAVING CERTIFICATE EXAMINATION 2006 RÚISIS PÁIPÉAR SAMPLACH RUSSIAN
More informationÉireannaigh an Domhain
Éireannaigh an Domhain Beartas na héireann maidir leis an Diaspóra Márta 2015 BEARTAS DIASPÓRA NA HÉIREANN 1 Is mór ag náisiún na héireann a choibhneas speisialta le daoine de bhunadh na héireann atá ina
More informationPROSPERITY NOT AUSTERITY
PROSPERITY NOT AUSTERITY Westminster Manifesto 2015 Message from Dr. Alasdair McDonnell MP A Better Way We need to make Northern Ireland work socially, financially and politically. The Stormont House
More informationCeannródaíoch & i dteagmháil. Plean Straitéiseach 2011 2015
Ceannródaíoch & i dteagmháil Plean Straitéiseach 2011 2015 Plean Straitéiseach 2011 2015 Teachtaireacht ón Uachtarán... 1 An Comhthéacs Seachtrach... 7 An Comhthéacs Institiúide... 11 Misean, Fís, Luachanna
More informationThe Church. of Ireland College of Education. Bachelor of Education Degree. in association with. Trinity College
Bachelor of Education Degree The Church of Ireland College of Education in association with Trinity College D u b l i n Bachelor of Education Degree Contents Primary School Teaching 1 The Church of Ireland
More informationTithe an Oireachtais. An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Tuarascáil ón gcomhchoiste. maidir le
Tithe an Oireachtais An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht Tuarascáil ón gcomhchoiste maidir le Tuiliú agus Árachas Maoine in Éirinn, 2015 Eanáir 2016 A leagadh faoi bhráid dhá Theach an
More informationEntry/Iontráil 2015-16. Part-Time Courses Handbook Lamhleabhar Cursaí Páirtaimseartha
Entry/Iontráil 2015-16 Part-Time Courses Handbook Lamhleabhar Cursaí Páirtaimseartha Contents / Ábhair Welcome The Campus - A Panoramic View Dundalk Institute of Technology Lifelong Learning Centre Registration
More informationNíos Fearr le Sinn Féin
Níos Fearr le Sinn Féin A Sinn Féin Policy Document December 2015 1 List of Contents/ Clár Ábhar (i) (ii) (iii) Executive Summary Achoimre Fheidhmeach Introduction Part 1 Equality 1.1 Introduction 1.2
More informationOpen days will take place on Friday 14th & Saturday 15th Glasnevin Campus Saturday 15th St Patrick s Campus www.dcu.ie/openday
Mater Dei Institute of Education Dublin City University Undergraduate Prospectus 2015 Open days will take place on Friday 14th & Saturday 15th Glasnevin Campus Saturday 15th St Patrick s Campus www.dcu.ie/openday
More information3.064 Integration with Physical Education
PE can be an invaluable way of presenting information in a different way for those who learn best through kinaesthetic means. Additionally we strive to teach in an integrated way and physical education
More informationBachelor of Education Degree 2013
Coláiste Phádraig Droim Conrach St Patrick s College Drumcondra Bachelor of Education Degree 2013 Is coláiste de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é Coláiste Phádraig St Patrick s College is a
More informationClaude Monet (1840-1926) Argenteuil Basin with a Single Sailboat, 1874
Claude Monet (1840-1926) Argenteuil Basin with a Single Sailboat, 1874 Linkage & Integration in the Primary Curriculum: Visual Art English Gaeilge History Strands: All Concept & skills development in each
More informationThe national flag is the tricolour of green, white and orange. An bhratach trí dhath.i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta.
The national flag is the tricolour of green, white and orange. An bhratach trí dhath.i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta. constitution of ireland bunreacht na héireann article 7 airteagal
More informationHow To Teach A School Project
Coláiste Phádraig Droim Conrach Baile Átha Cliath 9 St Patrick s College Drumcondra, Dublin 9 Bachelor of Education Degree An Chéim Baitsiléir Oideachais 2011-2012 Is coláiste de chuid Ollscoil Chathair
More informationREGISTER OF ELECTORS. Application for inclusion in the Supplement to the Special Voters List
Form Version: 08/2015 SVS 1 REGISTER OF ELECTORS Application for inclusion in the Supplement to the Special Voters List Please read the notes carefully before completing the form. Part A - Particulars
More informationThe Agreement reached in the multi-party negotiations 10 April 1998
The Northern Ireland Peace Agreement The Agreement reached in the multi-party negotiations 10 April 1998 CONTENTS 1. Declaration of Support 2. Constitutional Issues Annex A: Draft Clauses/Schedules for
More informationBachelor of Education Degree Course Subjects
Bachelor of Education Degree Course Subjects Practical Teaching Practice Competencies Gaeilge English Mathematics Curriculum and Methodology Modhanna Múinte na Gaeilge English Methods Mathematics Methods
More informationLAOIS HERITAGE PLAN 2014 2019
LAOIS HERITAGE PLAN 2014 2019 The Laois Heritage Forum wishes to acknowledge the role of the Heritage Council in initiating and supporting the preparation of this Heritage Plan in association with Laois
More informationAn Audit of Research on Early Childhood Care and Education in Ireland 1990-2006
An Audit of Research on Early Childhood Care and Education in Ireland 1990-2006 (Second Edition) Iniúchadh ar Thaighde in Éirinn maidir le Cúram agus Oideachas na Luath-Óige 1990-2006 (An Dara heagrán)
More informationAPRIL 2010 ISSN 1393-0974. communique A N G A R D A S Í O C H Á N A MANAGEMENT JOURNAL
APRIL 2010 ISSN 1393-0974 communique A N G A R D A S Í O C H Á N A MANAGEMENT JOURNAL A N G A R D A S Í O C H Á N A M A N A G E M E N T J O U R N A L EDITORIAL This edition of Communiqué presents the reader
More informationBachelor of Education in Education & Psychology Year One, Semester Two
Bachelor of Education in Education & Psychology Year One, Semester Two Course Handbook Spring 2015 Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Déan an Oideachais Dear Student, On behalf of my colleagues
More informationBachelor of Education Year One, Semester One
Bachelor of Education Year One, Semester One Course Handbook Autumn 2013 Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Déan an Oideachais Dear Student, On behalf of my colleagues I extend a warm welcome
More informationFirst Report of the Convention on the Constitution
First Report of the Convention on the Constitution (i) (ii) Reducing the voting age to 17; and Reducing the Presidential term of office to five years and aligning it with the local and European elections.
More information95 SEANAD ÉIREANN 1623
95 SEANAD ÉIREANN 1623 Dé Céadaoin, 9 Nollaig, 2009 Wednesday, 9th December, 2009 10.30 a.m. RIAR NA hoibre Order Paper GNÓ POIBLÍ Public Business 1. Ráitis maidir leis an Tuarascáil ón gcoimisiún Imscrúdúcháin
More informationM emortj. Based in Spiddal since 1999, Dane-Elec Manufacturing is a subsidiary of Dane-Elec Memory which has its headquarters in Paris; France.
M emortj Based in Spiddal since 1999, Dane-Elec Manufacturing is a subsidiary of Dane-Elec Memory which has its headquarters in Paris; France. We Design, Manufacture and Distribute a wide range of memory
More informationCúrsaí Samhraidh 2015. Coláiste Mhuire gan Smál
Cúrsaí Samhraidh 2015 Coláiste Mhuire gan Smál Summer course information April 2015 1 Cúrsaí samhraidh 2015 Click on the course title to read about the course ONSITE COURSES (1-7 JULY)... 3 1. Technology
More informationVisiting Student Academic Information Booklet
Visiting Student Academic Information Booklet Semester 1, 2015/2016 UNIVERSITY ROAD NEWCASTLE ROAD DISTILLERY ROAD Entrance River Corrib Newcastle Road Entrance To Galway City Cathedral River Corrib University
More information2013/2014. Mayo Campus Part-time Courses GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW
2013/2014 Mayo Campus Part-time Courses GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW PRESIDENT S WELCOME Learning is a lifelong and life-wide process. At GMIT s Mayo Campus, we offer lifelong learning courses
More informationForeword 4. Executive Summary 6. List of Tables 9. List of Figures 10. Introduction 13. Section 1 - Profile of the Population 14
1 2 Table of Contents Foreword 4 Executive Summary 6 List of Tables 9 List of Figures 10 Introduction 13 Section 1 - Profile of the Population 14 1.1 The Irish People 16 1.2 Demography 16 Section 2 - Health
More informationÉire Sláintiúil CREAT LE HAGHAIDH SLÁINTE AGUS FOLLÁINE FHEABHSAITHE 2013 2025
Éire Sláintiúil CREAT LE HAGHAIDH SLÁINTE AGUS FOLLÁINE FHEABHSAITHE 2013 2025 RéAmhRá An TAoisigh Ach ní leor dul chun cinn eacnamaíoch ina aonar. sochaí bheoga uainn in Éirinn, áit a bhfuil gach duine
More informationAPPENDIX A: THE MOST COMMON FORMS OF INFLECTED PREPOSITIONS IN IRISH AND ITALIAN
APPENDIX A: THE MOST COMMON FORMS OF INFLECTED PREPOSITIONS IN IRISH AND ITALIAN 1 Irish (cf. NIG, Mac Congáil 2004) PERSONAL PRONOUNS PREPOSITION MÉ TÚ SÉ SÍ SINN SIBH SIAD 1. ag agam agat aige aici againn
More informationAn Ghaeilge ó Lá go Lá. Irish Day by Day
An Ghaeilge ó Lá go Lá Irish Day by Day A.J. HUGHES ON-LINE SUPPLEMENTARY MATERIALS Seventy English to Irish Exercise Passages Forlíonadh Idirlín 70 Aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge 1 Cuir Gaeilge ar na
More informationBECOMING A BARRISTER APPROVED NON- LAW DEGREE APPROVED LAW DEGREE MATURE APPLICANTS KING S INNS DIPLOMA IN LEGAL STUDIES (2 YEARS PART-TIME)
King s Inns was formally established in 1541. It derives its name from King Henry VIII who was instrumental in ensuring that a lease of the lands at Inns Quay (where the Four Courts are now located) was
More informationPacáiste Faisnéise d Eisimircigh 2013
Pacáiste Faisnéise d Eisimircigh 2013 Tábla na nábhar 1. Réamhrá maidir leis an bpacáiste Faisnéise d Eisimircigh 2013 2. Teachtaireacht ó Chathaoirleach Chomhairle Easpag Éireann d Eisimircigh 3. Eolas
More informationThe Council of Europe s European Language Portfolio. El Portfolio Europeo de Lenguas del Consejo Europeo de las Lenguas
El Portfolio Europeo de Lenguas del Consejo Europeo de las Lenguas Punann Chomhairle na heorpa do Theangacha Eorpacha The Council of Europe s European Language Portfolio 1 Foto Grianghraf Pasaporte de
More informationContinuing Professional Development. Summer Courses for Teachers. Providers' Booklet
Continuing Professional Development Summer Courses for Teachers 2015 Providers' Booklet English and Irish electronic versions of this document are available on: www.ecdr umcondr a.ie All enquiries should
More informationCode of Practice. for Safety. at Indoor Concerts
Code of Practice for Safety at Indoor Concerts Government of Ireland 1998 BAILE ÁTHA CLIATH ARNA FHOILSIÙ AG OIFIG AN tsoláthair Le ceannach díreach ón OIFIG DHÍOLTA FOILSEACHÁN RIALTAIS, TEACH SUN ALLIANCE,
More informationNational University of Ireland, Galway Ollscoil na héireann Gaillimh
National University of Ireland, Galway Ollscoil na héireann Gaillimh Prof. Nollaig Mac Congáil Registrar and Deputy-President Office of Registrar & Deputy-President About NUI Galway Established 1845 Five
More informationTithe an Oireachtais. An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Tuasascáil ón gcoiste maidir le Tuiliú. agus
Tithe an Oireachtais An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht Tuasascáil ón gcoiste maidir le Tuiliú agus Árachas Maoine in Éireann, 2015 Nollaig 2015 Houses of the Oireachtas Report of the
More informationChildren s. Independent. Mobility. on the island of Ireland. Brendan O Keeffe Alanna O Beirne
Children s Independent Mobility on the island of Ireland Brendan O Keeffe Alanna O Beirne Foreword When we think of times past, we are fond of saying that children then had more freedoms than now. They
More informationBachelor of Education Year Two, Semester Two Course Handbook Spring 2014
Bachelor of Education Year Two, Semester Two Course Handbook Spring 2014 Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Dhéan an Oideachais Dear Student, Welcome to Spring semester, BEd II. Congratulations
More informationAn Bille um Chosaint Sealbhóirí Cuntais Morgáiste Cónaithe, 2014 Protection of Residential Mortgage Account Holders Bill 2014
An Bille um Chosaint Sealbhóirí Cuntais Morgáiste Cónaithe, 2014 Protection of Residential Mortgage Account Holders Bill 2014 Mar a tionscnaíodh As initiated [No. 11 of 2014] AN BILLE UM CHOSAINT SEALBHÓIRÍ
More informationPostgraduate Prospectus 2015 16
A top university for graduate employability Postgraduate Prospectus 2015 16 T A U G H T P R O G R A M M E S Welcome to NUI Galway We are in the top 2% of universities in the world. Generations of inspiration
More informationWeb 2.0 for Learning Course
Web 2.0 for Learning Course There are three modules in total: 1. Introduction to Web 2.0 Tools This is the first of the 3 modules of Web 2.0 for Learning, and provides an introduction to web 2.0 tools
More informationBUNREACHT NA héireann CONSTITUTION OF IRELAND
BUNREACHT NA héireann CONSTITUTION OF IRELAND Lúnasa 2012 BAILE ÁTHA CLIATH ARNA FHOILSIÚ AG OIFIG AN tsoláthair Le ceannach díreach ón OIFIG DHÍOLTA FOILSEACHÁN RIALTAIS, TEACH SUN ALLIANCE, SRÁID THEACH
More informationCastletroy College. Leaving Cert Examination Subjects. Information Booklet
Castletroy College Leaving Cert Examination Subjects Information Booklet Table of Contents Introduction 2 Mathematics 3 English 4 Gaeilge 5 French 6 Spanish 7 German 8-9 Applied Maths 10-11 Agricultural
More informationSCHOOL OF LAW POSTGRADUATE PROGRAMMES IN LAW SCOIL AN DLÍ
SCHOOL OF LAW POSTGRADUATE PROGRAMMES IN LAW SCOIL AN DLÍ CONTENTS Introduction to Trinity College Dublin 1 About the School of Law 2 General Information 4 Academic Year Structure 4 European Credit Transfers
More informationLIFELONG LEARNING PROSPECTUS
LIFELONG LEARNING PROSPECTUS GALWAY M AYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW Learning is a lifelong and life-wide process... learn with us! President s Welcome As a publicly funded higher education institution, GMIT
More informationA SOCIAL PORTRAIT OF OLDER PEOPLE IN IRELAND. Building an Inclusive Society
A SOCIAL PORTRAIT OF OLDER PEOPLE IN IRELAND Building an Inclusive Society A Social Portrait of Older People in Ireland BAILE ÁTHA CLIATH ARNA FHOILSIÚ AG OIFIG AN tsoláthair Le ceannach díreach ón Oifig
More informationThe Civil Service Real Careers, Real Opportunities
The Civil Service Real Careers, Real Opportunities What s in this brochure? About the Civil Service 3 Personal & Career Development 4-5 Equal Opportunities 6 Céard faoin ngaeilge? 7 Healthy Work/Life Balance
More informationAmharclann Smock Alley 10 Nollag. Smock Alley Theatre 10 December
Amharclann Smock Alley 10 Nollag Smock Alley Theatre 10 December Since 1987, three million, mostly young people under the age of 25 years, have voluntarily left their home countries to spend a short period
More informationDÁIL ÉIREANN. Dé Céadaoin, 12 Nollaig, 2007 Wednesday, 12th December, 2007. RIAR NA hoibre ORDER PAPER
DÁIL ÉIREANN Dé Céadaoin, 12 Nollaig, 2007 Wednesday, 12th December, 2007 RIAR NA hoibre ORDER PAPER 73 DÁIL ÉIREANN 963 Dé Céadaoin, 12 Nollaig, 2007 Wednesday, 12th December, 2007 10.30 a.m. ORD GNÓ
More informationAdiós ríos adiós fontes. Traditional Arts Partnership Music Workshops Phoenix Rising Lá Mór na Gaelige. Big Irish Language Day
MUSIC DRAMA FILM TALK WORKSHOP TOUR FEB PROGRAMME EVENTS Sat 27th Armagh Rhymers 7.00pm Page 3 MAR Fri 11th Sat 12th Sat 12th Sun 13th Sun 13th Mon 14th Thurs 17th Sat 19th Sat 19th Sun 20th FUGITIVE Adiós
More information68 DÁIL ÉIREANN 1103. Tuesday, 10th October, 2006. 2.30 p.m. ORDER OF BUSINESS
68 DÁIL ÉIREANN 1103 Dé Máirt, 10 Deireadh Fómhair, 2006 Tuesday, 10th October, 2006 2.30 p.m. ORD GNÓ ORDER OF BUSINESS 9. Tairiscint maidir le Róta na nairí i gcomhair Ceisteanna Parlaiminte. Motion
More informationNational Retention Policy for Local Authority Records An Polasaí Náisiúnta Coinneála maidir le Taifid na núdarás Áitiúil
National Retention Policy for Local Authority Records An Polasaí Náisiúnta Coinneála maidir le Taifid na núdarás Áitiúil An Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil Local Government Management Services
More informationEXAMINATION SECTIONS IN DETAIL
A.D.C.R.G. adjudicator certificated by An Coimisiún The examination is open to persons who are 30 years of age or over at the date of examination and are acceptable to An Coimisiún as candidates. They
More informationTraining teachers to use the European Language Portfolio
Training teachers to use the European Project C6 of the ECML 2nd medium-term programme (ELP_TT) Principles underlying the ELP and key design features David Little 1 Principles Principle 1 The promotion
More informationA LONG TERM ECONOMIC PLAN TO KEEP THE RECOVERY GOING
A LONG TERM ECONOMIC PLAN TO KEEP THE RECOVERY GOING GENERAL ELECTION 2016 2 To Keep The Recovery Going Contents 6 Foreword from the Taoiseach 8 Executive Summary 11 A Strong Recovery but Challenges Ahead
More informationCOMHAIRLE CHONTAE DHUN NA ngall
COMHAIRLE CHONTAE DHUN NA ngall Oifig Riarthóir na gcruinnithe Aras an Chontae LEIFEAR 22 Aibreán 2014 Beidh Cruinniú Comhairle Chontae Dhún na ngall ar siúl Dé Luain 28 Aibreán, 2013, ag 11.00 r.n. in
More informationProfessional Master of Education Year Two, Semester Three
Professional Master of Education Year Two, Semester Three Course Handbook Autumn 2015 1 P a g e Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Dhéan an Oideachais Dear Student, On behalf of my colleagues
More informationAn Bille um Rialáil Iasachtóirí Airgid, 2013 Regulation of Moneylenders Bill 2013
An Bille um Rialáil Iasachtóirí Airgid, 2013 Regulation of Moneylenders Bill 2013 Mar a tionscnaíodh As initiated [No. 67 of 2013] AN BILLE UM RIALÁIL IASACHTÓIRÍ AIRGID, 2013 REGULATION OF MONEYLENDERS
More informationCommunicating: Learning experiences
Communicating: Learning experiences Learning experience 3: Helping me to learn Theme: Communicating, Aim 3 and Learning goal 2 Setting: Home and infant class (primary school) Kara (4 years) is in junior
More informationGarda Permits for Collections
Garda Permits for Collections Garda Permits for Cash Collections Under the terms of the Street and House to House Collections Act, 1962 and as updated by the Charities Act 2009, Garda permits are required
More informationThe Irish Squirrel Survey
The Irish Squirrel Survey Michael Carey 1, Geoff Hamilton 2, Alan Poole 3 and Colin Lawton 4 1 Email: careyml@eircom.net. 2 Email: hamiltog@gmail.com. 3 Email: alanthomaspoole@gmail.com. 4 Corresponding
More informationUniversity College IADT - A Review of the New Zealand Driving Capacity programme
iadt Institute of Art, Design & Technology iadt Prospectus 2015 Prospectus 2015 i prospectus 2015 open 2014 days Friday, 21st November 2014 10am - 4pm Saturday, 22nd November 2014 10am - 2pm CAO Open Evening,
More informationDublin City University 2014 Undergraduate Prospectus. What Will You Do?
Dublin City University 2014 Undergraduate Prospectus What Will You Do? What Will You Do? Embark on one of the most enjoyable, challenging, inspiring, transformative experiences of your life. Explore a
More informationWesley College Dublin. Junior Certificate Curriculum Summary Year 1. 1 st Year Curriculum Summary Page 1
Wesley College Dublin Junior Certificate Curriculum Summary Year 1 2011 2012 1 st Year Curriculum Summary Page 1 Wesley College Junior Cycle Curriculum Summary This Curriculum Summary is published to assist
More informationTeachers Corner Financial Literacy
Teachers Corner Financial Literacy Ideas and lesson plans for Financial Literacy CDVEC Curriculum Development Unit Ireland Publisher: Design: City of Dublin VEC, Curriculum Development Unit, Captains Rd,
More informationBachelor of Education in Education & Psychology Year Two, Semester Two Course Handbook Spring 2015
Bachelor of Education in Education & Psychology Year Two, Semester Two Course Handbook Spring 2015 1 P a g e Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Dhéan an Oideachais Dear Student, Welcome to Spring
More information1. Leibhéal A lch. 2 2. Leibhéal B lch. 5 3. Leibhéal C lch 7
Tá Tráth na gceist na scoileanna ar fáil i Lámhleabhar na Scoileanna, ceisteanna do dhaltaí bunscoile ar lch. 20 21 agus ceisteanna do dhaltaí meánscoile ar lch. 22 23. Tá ceisteanna breise do dhaltaí
More informationBA i gcúram agus Oideachas Naíonán BA Degree in Early Childhood Care and Education 2014-2015. Student Handbook Lámhleabhar
BA i gcúram agus Oideachas Naíonán BA Degree in Early Childhood Care and Education 2014-2015 Student Handbook Lámhleabhar 1 1.1Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Déan an Oideachais Dear Student,
More informationAn Bille Toghcháin (Leasú), 2015 Electoral (Amendment) Bill 2015
An Bille Toghcháin (Leasú), 201 Electoral (Amendment) Bill 201 Mar a tionscnaíodh As initiated [No. 38 of 201] AN BILLE TOGHCHÁIN (LEASÚ), 201 ELECTORAL (AMENDMENT) BILL 201 Mar a tionscnaíodh As initiated
More informationAn Bille um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 Climate Action and Low Carbon Development Bill 2015
An Bille um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, Climate Action and Low Carbon Development Bill Mar a tionscnaíodh As initiated [No. 2 of ] AN BILLE UM GHNÍOMHÚ AERÁIDE AGUS UM FHORBAIRT
More informationBuntús na Gaeilge. Irish for Adult Learners. Barbara Hillers with Bettina Kimpton. Textbook for Celtic 132: Introduction to Modern Irish.
Buntús na Gaeilge Irish for Adult Learners Barbara Hillers with Bettina Kimpton Textbook for Celtic 132: Introduction to Modern Irish Harvard 2007 [for class use and private circulation only] SOME WORDS
More informationAn Siopa Gaeilge. Acmhainní Oideachais Education Resources. Oideas Gael, Gleann Cholm Cille Co. Dhún na ngall. Fón: 074 9730500 Faics: 074 97 30348
An Siopa Gaeilge Acmhainní Oideachais Education Resources Oideas Gael, Gleann Cholm Cille Co. Dhún na ngall Fón: 074 9730500 Faics: 074 97 30348 Email: eolas@siopagaeilge.ie Skype: oideas.gael www.siopagaeilge.ie
More informationI strongly urge providers of pre-school services to study and apply the guidance contained in this publication.
Foreword Advice has been published in recent years on fire safety in a wide variety of premises such as hostels, hotels, guesthouses, nursing homes, flats and places of assembly. This Guide to fire safety
More informationBrú na Bóinne World Heritage Site
B r ú n a B ó i n n e Wo r l d H e r i t a g e S i t e R e s e a r c h F r a m e w o r k Brú na Bóinne World Heritage Site Research Framework Compiled and edited by Jessica Smyth with contributions from
More informationAn Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta a bhaineann le Córais Faisnéise), 2016 Criminal Justice (Offences Relating to Information Systems) Bill 2016
An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta a bhaineann le Córais Faisnéise), 16 Criminal Justice (Offences Relating to Information Systems) Bill 16 Mar a tionscnaíodh As initiated [No. of 16] AN BILLE UM CHEARTAS
More informationProfessional Master of Education Year One, Semester Two
Professional Master of Education Year One, Semester Two Course Handbook Spring 2015 1 P a g e Welcome from the Dean of Education/ Fáilte ó Dhéan an Oideachais Dear Student, On behalf of my colleagues I
More informationTeacher Education Access Course for Mature Learners 2014/15 Pilot Programme. What is the Teacher Education Access Course for Mature Learners?
Teacher Education Access Course for Mature Learners 2014/15 Pilot Programme What is the Teacher Education Access Course for Mature Learners? The Teacher Education Access Course for Mature Learners is a
More informationBille an Bhainc Ceannais (Morgáistí Ráta Athraithigh), 2015 Central Bank (Variable Rate Mortgages) Bill 2015
Bille an Bhainc Ceannais (Morgáistí Ráta Athraithigh), 2015 Central Bank (Variable Rate Mortgages) Bill 2015 Mar a tionscnaíodh As initiated [No. 54 of 2015] BILLE AN BHAINC CEANNAIS (MORGÁISTÍ RÁTA ATHRAITHIGH),
More information