Eochairfhocail. www.youtube.com/watch?v=iyv4buwyta0



Similar documents
Pacáiste um Thaighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas. Togra le haghaidh. RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA heorpa AGUS ÓN gcomhairle

COMHDHÁIL IDIRNÁISIÚNTA AR CHEARTA TEANGA INTERNATIONAL CONFERENCE ON LANGUAGE RIGHTS

Learning and developing through interactions

Language and Literacy in Irish-medium Primary Schools. Report on the Consultation and Seminar

Níos Fearr le Sinn Féin

College of Arts, Social Sciences, and Celtic Studies

Pacáiste Faisnéise d Eisimircigh 2013

APPENDIX A: THE MOST COMMON FORMS OF INFLECTED PREPOSITIONS IN IRISH AND ITALIAN

Éireannaigh an Domhain

Coimisiún na Scrúduithe Stáit State Examinations Commission

Children s. Independent. Mobility. on the island of Ireland. Brendan O Keeffe Alanna O Beirne

The national flag is the tricolour of green, white and orange. An bhratach trí dhath.i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta.

68 DÁIL ÉIREANN Tuesday, 10th October, p.m. ORDER OF BUSINESS

3.064 Integration with Physical Education

Éire Sláintiúil CREAT LE HAGHAIDH SLÁINTE AGUS FOLLÁINE FHEABHSAITHE

An Audit of Research on Early Childhood Care and Education in Ireland

A SOCIAL PORTRAIT OF OLDER PEOPLE IN IRELAND. Building an Inclusive Society

RIALTAS na héireann GOVERNMENT of IRELAND RÁITEAS I LEITH NA GAEILGE 2006

REGISTER OF ELECTORS. An Garda Síochána Registration of Garda Síochána as Postal Voters

A LONG TERM ECONOMIC PLAN TO KEEP THE RECOVERY GOING

Coláiste Phádraig Droim Conrach Baile Átha Cliath 9. St Patrick s College Drumcondra, Dublin 9

95 SEANAD ÉIREANN 1623

The Council of Europe s European Language Portfolio. El Portfolio Europeo de Lenguas del Consejo Europeo de las Lenguas

Foreword 4. Executive Summary 6. List of Tables 9. List of Figures 10. Introduction 13. Section 1 - Profile of the Population 14

Whole School Evaluation REPORT

Visiting Student Academic Information Booklet

University College IADT - A Review of the New Zealand Driving Capacity programme

An Bille um Chosaint Sealbhóirí Cuntais Morgáiste Cónaithe, 2014 Protection of Residential Mortgage Account Holders Bill 2014

Tithe an Oireachtais. An Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Tuasascáil ón gcoiste maidir le Tuiliú. agus

Training teachers to use the European Language Portfolio

Dublin City University 2014 Undergraduate Prospectus. What Will You Do?

2013/2014. Mayo Campus Part-time Courses GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW

COMHAIRLE CHONTAE DHUN NA ngall


Bachelor of Education Degree Course Subjects

St. Angela s College, Sligo

Aithisg Bhliadhnail & Aithris nan Cunntasan Annual Report & Statement of Accounts

Amharclann Smock Alley 10 Nollag. Smock Alley Theatre 10 December

Cúrsaí Samhraidh Coláiste Mhuire gan Smál

Áit Urnaí na Mac Léinn

2. Summary of Findings and Recommendations for Further Development

EXAMINATION SECTIONS IN DETAIL

BA i gcúram agus Oideachas Naíonán BA Degree in Early Childhood Care and Education Student Handbook Lámhleabhar

LIFELONG LEARNING PROSPECTUS

C U AD R O CO MP AR AT I V O ENTRE PREND AS SEGÚN CONVENIO VIGENTE Y N UEV A P ROPUE ST A

Communicating: Learning experiences

Claude Monet ( ) Argenteuil Basin with a Single Sailboat, 1874

An Teachdaire Gaidhealach

Teachers Corner Financial Literacy

Open days will take place on Friday 14th & Saturday 15th Glasnevin Campus Saturday 15th St Patrick s Campus

How To Teach A School Project

Bille an Bhainc Ceannais (Morgáistí Ráta Athraithigh), 2015 Central Bank (Variable Rate Mortgages) Bill 2015

* Please be aware these programmes will no longer be offered from September 2014 and will be replaced by the Professional Master of Education (PME)

The Cork Main Drainage Scheme was funded by the Irish Government and part financed by the European Union under the National Development Plan

The Irish Squirrel Survey

An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta a bhaineann le Córais Faisnéise), 2016 Criminal Justice (Offences Relating to Information Systems) Bill 2016

2014/2015 PROSPECTUS. GALWAY MAYO LETTERFRACK MOUNTBELLEW

Buntús na Gaeilge. Irish for Adult Learners. Barbara Hillers with Bettina Kimpton. Textbook for Celtic 132: Introduction to Modern Irish.

Postgraduate Prospectus

iadt + you Institute of Art, Design + Technology Dún Laoghaire Postgraduate + Professional Development Prospectus 2016 Art + Research Collaboration

Bachelor of Education in Education & Psychology Year One, Semester Two

Rebuilding. Reflections on the effects of acquired brain injuries, from survivors, their families and those who work with them.

A Short Summary on What Happens When You Die?

Brú na Bóinne World Heritage Site

NIGHT CLASSES 2015/16 NIGHT. of COMMERCE the bridge to your future CLASSES. the bridge to your future 2015/16

Aithisg Bhliadhnail & Aithris nan Cunntasan Annual 4 Report & Statement of Accounts

Bachelor of Education Year One, Semester One

Web 2.0 for Learning Course

National University of Ireland, Galway Ollscoil na héireann Gaillimh

The Church. of Ireland College of Education. Bachelor of Education Degree. in association with. Trinity College

L a h ip e r t e n s ió n a r t e r ia l s e d e f in e c o m o u n n iv e l d e p r e s ió n a r t e r ia l s is t ó lic a ( P A S ) m a y o r o

Bachelor of Education Degree 2013

An Bille um Chomhshocraíocht Socraíochta Morgáiste d Áras an Teaghlaigh, 2014 Family Home Mortgage Settlement Arrangement Bill 2014

Lower Austria The Big Travel Map

TUAIRISC AR CHÁILÍOCHT NA FOGHLAMA AGUS AN TEAGAISC SA GHAEILGE TUAIRISC CHIGIREACHT ÁBHAIR

SCHOOL OF LAW POSTGRADUATE PROGRAMMES IN LAW SCOIL AN DLÍ

The Agreement reached in the multi-party negotiations 10 April 1998

UNIVERSITY COLLEGE DUBLIN NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, DUBLIN. STUDENT AWARDS Grants, Scholarships, Prizes

Liberty Insurance GAA Games Development Conference

Bachelor of Education Year Two, Semester Two Course Handbook Spring 2014

Transcription:

Eochairfhocail TRÓCAIRE IUBHAILE GRÁSTA SAOIRSE GÉARLEANÚINT LÁ FHÉILE MUIRE GAN SMÁL AN DARA COMHAIRLE ÉACÚIMÉINEACH VATACÁNACH AITHRÍOCH SOILÉIRÍONN COMHBHÁ COISRIC UNGADH Réamhrá Rinne an Pápa Proinsias Bliain Urghnách Iubhaile na Trócaire a ghairm, ag tosú ar 8 Nollaig 2015 agus ag críochnú ar 20 Samhain 2016, Lá Fhéile Críost Rí. Bíonn comóradh i rith na bliana seo in onóir Fhéile Muire Gan Smál, agus deireadh an Dara Chomhairle Éacúiméineach Vatacánach. Sula dtugaimid aghaidh ar an bpaidir speisialta a chum an Pápa Proinsias le haghaidh Iubhaile na Trócaire, breathnaímis ar feadh scaithimh ar an fhíseán seo faoin Iubhaile: FÉACH www.youtube.com/watch?v=iyv4buwyta0 Féach ar an fhíseán agus déan ransú smaointe faoi bhríonna éagsúla an fhocail trócaire. Tá paidir speisialta cumtha ag an bpápa Proinsias a éilíonn bliain lán de ghrásta a bheith sa bhliain seo. A Thiarna Íosa Críost, mhúin tú dúinn conas a bheith trócaireach ar nós Dia ar Neamh, agus go bhfeiceann an té a bhreathnaíonn orainne aghaidh Dé. Nocht d aghaidh dúinn, agus sábhálfar sinn. Bhreathnaigh tú go grámhar ar Zacháias agus ar Mhatha agus shaor tú ó bhraighdeanas na bpinginí iad; shaor tú Máire Mhaigdiléana ó bheith ag baint sásaimh as rudaí ábhartha amháin; chuir Peadar ag teilgean deor tar éis dó tusa a shéanadh, agus gheall tú áit sna Flaithis don ghadaí aithríoch. Éistfimis, amhail is dá mbeifeá ag labhairt linne, leis na focail a labhair tú leis an mbean Samárach: Dá dtuigfeá tabhartas Dé! Is tusa aghaidh sofheicthe an Athar dofheicthe, Dia a chuireann a chuid cumhachta in iúl thar aon rud eile, trína thrócaire agus trína mhaithiúnas a bhronnadh orainn. Bíodh an Eaglais mar aghaidh sofheicthe Dé ar domhan, an Tiarna aiséirithe agus glóirithe. Theastaigh uaitse gur daoine laga amach is amach a bheadh i do chuid ministir, ionas go mbeadh comhbhá acu leis na daoine bochta a mhair in aineolas agus iad san earráid. Deonaigh go bhfaighidh gach duine a dhéanann teagmháil leo tearmann, grá De agus maithiúnas Dé ina measc. Chuir do Spiorad anuas orainn agus déan muid a ungadh lena ghrásta, ionas gur bliain bheannaithe ón Tiarna a bheidh in Iubhaile na Trócaire, agus go mbeidh fuinneamh agus spreagadh nua san Eaglais, a chabhróidh léi an soiscéal a fhógairt do na bochtáin, an tsaoirse a fhógairt do na braighdeanaigh agus don dream atá faoi chois, agus go mbeidh radharc ar fáil arís do dhaill. Iarraimid é seo ort trí idirghuí Mhuire, Máthair na Trócaire, tusa a mhaireann agus a rialaíonn leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol. Amen. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 1

Gníomhaíocht Léigh an phaidir seo a chum an Pápa Proinsias. Roinn an rang in ocht ngrúpa éagsúla. Tugtar ceathrú uair a chloig dóibh an tasc a chuirtear rompu a chríochnú, agus ansin caithfear caint a dhéanamh leis an rang maidir le toradh an cheachta. Grúpa 1: Tar éis daoibh an phaidir a chum an Pápa Proinsias a léamh, dírigh ar an líne Trócaireach ar nós Dia ar Neamh. Roghnaigh ceann de na hailt seo ón mbíobla: Eaxodus 34:6-9 Deotranaimí 4:29-31 Salm 103:3-14 Léigh an sliocht, agus mínigh conas mar a léiríonn an tathair a thrócaire. Grúpa 2: Tar éis daoibh an phaidir a chum an Pápa Proinsias a léamh, dírigh ar an líne An té a bhreathnaíonn ortsa, feiceann sé a aghaidh. Roghnaigh ceann de na hailt seo ón mbíobla: Matha 5:1-12 Eifisigh 2:4-10 Lúcás 7:11-17 Léigh an sliocht, agus mínigh conas mar a léiríonn an tathair a thrócaire. Grúpa 3: Léigh an scéal seo faoi Zacháias. Lúcás 19:1-10 I d fhocail féin, mínigh tionchar thrócaire Íosa ar shaol Zacháias. Grúpa 4: Léigh an scéal seo ó shoiscéal Mhatha. Matha 6:24-25 I d fhocail féin, mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol Mhatha. Grúpa 5: Léigh an scéal seo faoi Mháire Mhaigdiléana. Lúcás 7:36-38, 44-50 I d fhocail féin, mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol Mháire Mhaigdiléana. Grúpa 6: Léigh an scéal inar shéan Peadar Íosa. Matha 26:69-75 I d fhocail féin, mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol Pheadair. Grúpa 7: Léigh an scéal faoin ngadaí aithríoch. Lúcás 23:39-43 I d fhocail féin, mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol an ghadaí aithríoch. Grúpa 8: Léigh scéal na mná Samáraigh. Matha 4:1-26 I d fhocail féin mínigh an tionchar a bhí ag trócaire Íosa ar shaol na mná Samáraigh. Tugann gach aon ghrúpa caint ghearr ag cur síos ar thoradh an cheachta, agus ansin léitear an mhír seo leanas ón mbíobla do chách. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 2

Lúcás 4:16-21 Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa: Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor; ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna. D fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. Agus thosaigh sé ag rá leo: Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas. Déan brí an ailt thuas a phlé lena chéile i ngrúpaí. Filleann na daltaí ar na grúpaí bunaidh ansin, agus míníonn gach grúpa na bealaí ina bhféadfadh an pobal Caitliceach ar scoil a leithéidí seo a chur i ngníomh: 1) Tabhair an dea-scéal do na boicht 2) Scaoil lucht géarbhroide saor 3) Aiseag a radhairc do dhaill Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor; ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 3

MACHNAIGH Machnamh Bíodh plé sa rang maidir leis an líne seo ó phaidir a chum an Pápa Proinsias: Bíodh an Eaglais mar aghaidh sofheicthe Dé ar domhan. Déanann gach dalta machnamh ar an mbrí a bhaineann sé/sí as an líne sin, agus scríobhann síos trí shamplaí den bhealach ina bhféadfaimis, mar scoil Chaitliceach agus mar bhaill na heaglaise, bheith mar aghaidh sofheicthe Dé ar domhan. 1) 2) 3) ÉISTEACHT Obair Bhreise Éist le hiomann Iubhaile na Trócaire. Scríobhadh as Laidin é. Is é an chéad líne ná: Misericordes sicut Pater!, rud a chiallaíonn Trócaireach ar nós an Athar. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 4

Eochairfhocail OILITHREACHT TIOMANTAS ÍOBAIRT TABHAIR BREITH DAOR TOMHAS CAIGHDEÁN Réamhrá Is gné tábhachtach de stair na héireann í an oilithreacht. Deirtear gur pobal oilithreachta iad muintir na héireann. Sa litir Misericordiae Vultus, déanann an Pápa Proinsias aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le hoilithreacht i saol na gcríostaithe. Baineann an oilithreacht leis an aistear saoil, an turas beatha atá romhainn. D fhéadfadh gurb é an Trócaire a bheadh mar sprioc againn, baineann an oilithreacht le teacht chomh fada leis an trócaire a aimsiú. Baineann tiomantas agus íobairt leis an oilithreacht seo. Bíonn tiontú i gceist i rith an oilithrigh chomh maith athrú meoin a chur orainn féin. Tá sampla d oilithreacht Éireannach a bhfuil an-mheas air, le feiceáil anseo: FÉACH www.youtube.com/watch?v=ezj7r-izisa&feature=youtu.be Ina bhulla Misericordiae Vultus, tugann an Pápa Proinsias treoracha dúinn maidir leis an oilithreacht a chuireann Íosa romhainn lenár mianta a bhreith. 1) Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh 2) Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. 3) Maithigí agus maithfear daoibh. 4) Tugaigí agus tabharfar daoibh. 5) Óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 5

Gníomhaíocht 1 Tabhair sampla d eachtra inar thug tú breithiúnas ar an duine eile, cé go raibh rud den sórt céanna déanta agat féin tráth. Tabhair sampla d eachtra inar dhaor tú an duine eile, cé go raibh rud den sórt céanna déanta agat féin tráth. Tabhair sampla d eachtra nuair nach raibh sé éasca maithiúnas a thabhairt don duine muinteartha. Tabhair sampla d eachtra inar thug tú rud áirithe don duine uireasach. Is ionann de réir mar a thugann tú uait is ea tabharfar ar ais duit agus an caighdeán a chuireann tú os do chomhair, sin an caighdeán a úsáidfear i do leith a rá. Mínigh an ráiteas seo. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 6

Gníomhaíocht 2 Cruthaigh oilithreacht sa seomra ranga. Leag amach ceithre staid, agus caithfidh an rang ina iomláine gluaiseacht ar aghaidh ó stad amháin go stad eile. Stad 1: Cum dráma do dhuine nó do bheirt, a dhéanann cur síos ar an uair nár thug tú breith ar dhuine, a bhí bunaithe ar a raibh á rá ag daoine eile fúithi/faoi. Stad 2: Cum dráma do dhuine nó do bheirt, a dhéanann cur síos ar gan duine a dhaoradh ar fháthanna a bheadh bunaithe ar an tuairim a bheadh á thabhairt ag daoine eile fúithi/faoi. Stad 3: Cum dráma do dhuine nó do bheirt, a dhéanann cur síos ar mhaithiúnas a thabhairt do dhuine toisc gur tugadh maithiúnas duit féin tráth. Stad 4: Cum dráma do dhuine nó do bheirt, a dhéanann cur síos ar shíntiús a thabhairt do dhuine toisc go raibh tú féin uireasach tráth. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 7

MACHNAIGH Machnamh Sa litir Misericordiae Vultus, iarrtar orainn gan éirí searbhasach, ach aire a thabhairt don té a bhíonn ag fulaingt. Tabhair samplaí ó shaol an lae inniu ar na suímh a luaigh an Pápa Proinsias: 1) Sampla den anró atá ar domhan. 2) Sampla inar tugadh cluas le héisteacht do ghlao na ndaoine i ngátar. 3) Léigh an sliocht seo ón mbíobla. Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc. Athnuaitear iad gach maidin; óir is daingean í a dhílseacht. (Olagóin 3:22-23) Lig don rang brí na bhfocal thuas a phlé. Déan machnamh air agus scríobh síos na bealaí ina dtabharfadh an sliocht sin dóchas do dhaoine. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 8

Eochairfhocail MAITHEAS ATHMHUINTEARAS BULLA CORPARTHA SPIORADÁLTA BUNAIDH ARDCHEANNASACH COMHAIRLE AINEOLACH CEARTAIGH GORTAITHE ÉAGÓRA FÉACH Réamhrá www.youtube.com/watch?v=q6vyoqmvyrm Is iad buaicphointí an fhíseáin seo ná Is í seo an 30ú bliain iubhaile i stair na heaglaise. Deis don athmhuintearas agus don phardún uilíoch atá sa bhliain iubhaile. I rith na bliana iubhaile, scaoileadh leis na sclábhaithe agus na braighdeanaigh, cuireadh fiacha ar ceal, maitheadh don ghníomh géar. Caithfidh an Eaglais aire a thabhairt do na daoine a bhíonn ag fulaingt. Gníomhaíocht 1 Deirtear gurb é an Pápa Proinsias, Pápa na Trócaire. San íomhá thíos tá léargas amháin ar an bpápa Proinsias ag feidhmiú go trócaireach. Bain úsáid as PicCollage nó aip den sórt sin, le sraith ghrianghraif a chur le chéile a thabharfadh léiriú ar an bpápa Proinsias bheith mar Pápa na Trócaire. Ina Bhulla, Misericordiae Vultus, deir an Pápa Proinsias, Tá dúil mhór agam go ndéanfadh gach aon Chríostaí machnamh ar Oibreacha Spioradálta agus Corpartha na Trócaire i rith na hiubhaile seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigfimis an ráiteas seo i gcomhar leis an méid atá scríofa in alt a dó den cháipéis seo. Sainmhíniú amháin ar an trócaire a thug an Pápa Proinsias dúinn ná: an gníomh bunaidh ardcheannasach ina ndéanann Dia teagmháil linn. Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 9

Gníomhartha Corpartha na Trócaire Gníomhartha Spioradálta na Trócaire 1. Tabhair bia don duine ocrach 1. Tabhair comhairle don té atá amhrasach 2. Tabhair deoch don duine spallta 2. Cuir oideachas ar an té atá aineolach 3. Déan an duine nocht a ghléasadh 3. Tabhair rabhadh do na peacaithe 4. Tabhair lóistín don duine gan dídean 4. Tabhair sólás don duine faoi bhrón 5. Tabhair cuairt ar na heasláin 5. Maith do na coireanna 6. Tabhair cuairt ar na príosúnaigh 6. Glac go foighneach le héagóracha 7. Déan na mairbh a chur i dtalamh 7. Guigh ar son na mbeo agus na mairbh FÉACH Féach ar an sampla seo den ghníomh trócaireach ón scannán Charlotte s Web. www.wingclips.com/movie-clips/charlottes-web/saving-the-runt Pointí le Plé Cad a bhí i gceist ag Charlotte nuair a dúirt sí go mbeadh bás an bhainbh éagórach agus aincheart? Conas a léirigh Charlotte an trócaire maidir le Wilbur an tarcán? Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 10

Gníomhaíocht 2 Tá carthanas a chuireann Oibreacha Corpartha na Trócaire i bhfeidhm in Éirinn an lae inniu le sonrú thíos. Ag obair i mbeirteanna daoibh, pléigh agus scríobh nótaí maidir le hoibreacha Corpartha na Trócaire a chur i bhfeidhm sa scoil Chaitliceach seo. Oibreacha Corpartha na Carthanas Samplach Trócaire 1. Tabhair bia don duine ocrach Crosscare 2. Tabhair deoch don duine Comhluadar Shíomóin spallta 3. Déan an duine nocht a ghléasadh: 4. Tabhair lóistín don duine gan dídean Cumann Naomh Uinseann de Pól Fócas Éireann 5. Tabhair cuairt ar na heasláin Cumann Naomh Uinseann de Pól 6. Tabhair cuairt ar na príosúnaigh 7. Déan na mairbh a chur i dtalamh Comhairle Éireannach na bpríosúnach Thar Lear Conas a thabharfaimid aghaidh air Fíoras: Go dtí le déanaí, ba é an tuachtarán Obama an t-uachtarán ba lú thrócaire sa ré seo, maidir le beart trócaire. Go dtí seo tá 89 iomalartú pianbhreithe san iomlán agus 64 pardún tugtha amach aige. (Foinse: www.nytimes.com/2015/10/01/opinion/president-obama-and-the-power-of-mercy.html) Gníomhaíocht 3 Tá cur síos ar Oibreacha Spioradálta na Trócaire thíos. Bain úsáid as an bhfoclóir leis na sainmhínithe a scríobh amach i d fhocail féin. Ansin pléigh agus scríobh nótaí maidir le hoibreacha Spioradálta na Trócaire a chur i bhfeidhm sa scoil Chaitliceach seo. Oibreacha Spioradálta na Trócaire 1. Tabhair comhairle don té atá amhrasach 2. Cuir oideachas ar an té atá aineolach 3. Tabhair rabhadh do na peacaí 4. Tabhair sólás don duine faoi bhrón 5. Maith do na coireanna 6. Glac go foighneach le héagóracha 7. Guigh ar son na mbeo agus na mairbh Scríobh i d fhocail féin Conas a thabharfaimid aghaidh air Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 11

MACHNAIGH Machnamh Sa litir Misericordiae Vultus, deir an Pápa Proinsias linn go gcaithfimid a bheith ag feidhmiú mar Uirlisí na Trócaire. Cén bhrí a bhaineann tusa as an ráiteas seo? Conas is féidir leatsa feidhmiú mar Uirlis na Trócaire? Déan plé i mbeirteanna faoi conas is féidir a bheith mar Uirlisí na Trócaire, agus scríobh síos na bealaí ina bhféadfaimis a leithéid a dhéanamh ar scoil. Obair Bhreise Cruthaigh taispeántas le crochadh ar bhalla an tseomra ranga. Scríobh an teideal Uirlisí na Trócaire i lár baill. I bhfoirm damhánléaráide, lig do gach dalta bealach éagsúil a scríobh ina bhféadfaí feidhmiú mar Uirlisí na Trócaire ar scoil. Uirlisí na Trócaire Acmhainní Iar-bhunscoile Sraith Shóisearach Tugtar ár ndúshlán Trócaire Dé a Fhógairt 12